Lúcás 7:21-22
Lúcás 7:21-22 ATN1951
Agus an uair chéadna sin do leigheas sé mórán daoine ó ghalaraibh, agus ó aicídibh, agus ó dhroch‐spioraidibh; agus thug sé radharc do mhórán dall, Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Téighidh, agus innisidh d’Eoin gach a bfacabhar agus a gcualabhar; do‐gheibh na daill a radharc; siubhlann na bacaigh, glantar na lobhair, cluineann na bodhair, aiséirigheann na mairbh, craobhscaoiltear an soiscéal do na bochtaibh.