Marcus 8
8
CAIBIDIOL VIII.
Bia ag Críost dá thabhairt do cheithre mhíle duine. Radharc a thabhairt do dhall. An pháis a bhí ag Críost le fulang.
1Ins na laethibh sin airís, nuair a bhí sluagh mhór ann agus gan aon nídh acu le n-ithe, do ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: 2Tá truagh agam do’n tsluagh, mar, féach, táid siad am’ fhochair le trí lá, agus ní’l aon rud le n-ithe acu; 3Agus má chuirim abhaile iad ’n-a dtrosgadh tuitfid siad ar an slígh, óir do tháinig cuid acu abhfad. 4Agus d’fhreagair a dheisgiobuil é: Conus is féidir d’aoinne a ndóithin aráin a thabhairt dóibh anso sa n-uaigneas? 5Agus d’fhiafraigh sé dhíobh: An ’mó bulóg aráin agaibh? Agus dubhradar-san: Seacht mbulóga. 6Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an dtalamh; agus thóg sé na seacht mbulóga, agus ghaibh sé buidheachas, agus bhris sé an t-arán, agus thug sé d’á dheisgiobulaibh é le cur os cómhair na ndaoine, agus chuireadar. 7Agus bhí iasga beaga acu, agus bheannuigh sé iad, agus d’órduigh sé iad do chur os cómhair na ndaoine. 8Agus d’itheadar, agus bhí a ndóithin mór acu. Agus thógadar an bia briste do fágadh, seacht gciseáin de. 9Agus tímpal cheithre mhíle duine iseadh bhí tar éis an bhídh a chaitheamh; agus chuir sé chun siubhail iad.
10Agus chuaidh sé láithreach ar bórd na luinge i n-aonfheacht le n-a dheisgiobuil agus tháinig sé i dtriúchaibh Dalmanúta. 11Agus d’imthigh na Fairisínigh amach agus chromadar ar aighneas leis, ’ghá iarraidh air cómhartha ó neamh a thabhairt dóibh, ag baint trialach as. 12Agus dhein sé osna ’n-a spioraid, agus dubhairt sé: Cad ab áil leis an sliocht san ag lorg cómhartha? Go deimhin a deirim libh, ní tabharfar cómhartha do’n tsliocht san.
13Agus chuir sé uaidh iad, agus chuaidh sé ar bórd na luinge airís agus d’imthigh sé thar uisge.
14Agus dhearmhadadar arán a thabhairt leó, agus ní raibh sa luing acu ach aon bhulóg amhain. 15Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seachnaidh #8:15 .i. feall na bhFairisíneachgiost na bhFairisíneach agus giost Héróid. 16Agus bhíodar ag pléidh eatartha féin, ’ghá rádh: Ní’l arán againn. 17Agus bhí a fhios san ag Íosa agus dubhairt sé leó: Cad é an pléidh seo agaibh toisg gan arán a bheith agaibh? Ná h-aithnigheann sibh agus ná tuigeann sibh fós? An bhfuil bhúr gcroidhe dall fós? An bhfuil súile agaibh agus ná feiceann sibh? 18An bhfuil cluasa oraibh agus ná h-airigheann sibh? #Supra 6:41.Nó an amhlaidh nách cuimhin libh? 19Nuair a bhriseas na chúig bhulóga do’n chúig mhíle duine, an ’mó ciseán a thógabhair de’n bhia briste? Dubhradar-san: Dhá chiseán déag. 20Agus na seacht mbulóga do’n cheithre mhíle, an ’mó ciseán a thógabhair? Agus dubhradar: Seacht gciseáin. 21Agus dubhairt sé leó: Conus ná tuigeann sibh fós?
22Agus thánadar go Betsaida; agus thugadar chuige dall, agus d’iarradar air lámh a chur air. 23Agus do rug sé ar láimh ar an ndall, agus do rug sé as an mbaile beag é, agus chuir sé seile ar a shúilibh, agus chuir sé a dhá láimh air, agus d’fhiafraigh sé dhe an bhfeacaidh sé aon nídh. 24Agus d’fhéach an duine suas agus dubhairt sé: Chím daoine mar bheadh crainn agus iad ag siubhal. 25Ansan do chuir sé a lámh airís ar a shúilibh, agus chrom an duine ar fhéachaint suas, agus mar sin tháinig radharc dó i dtreó go bhfeacaidh sé gach nídh go soiléir. 26Agus chuir sé an duine chun a thighe féin agus dubhairt sé leis: Imthigh chun do thighe, agus má théigheann tú isteach sa tsráid ná h-innis d’aoinne.
27Agus chuaidh Íosa agus a dheisgiobuil sa bhaile sin Caesaraéa Philippí, agus ar an slígh dhó do cheistigh sé a dheisgiobuil agus dubhairt sé: #Lúc. 9:18.Dar leis na daoine cé h-é mise? 28Agus d’fhreagradar é agus dubhradar: Eóin Baiste; agus dar le tuille, Elias; agus dar le tuille, aon de sna fáidhibh. 29Ansan dubhairt sé leó: Ach dar libh-se cé h-é me? Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt: Is tusa Críost. 30Agus thug sé foláramh dóibh gan a dh’innsint d’aoinne ’n-a thaobh.
31Agus chrom sé ar a theagasg dóibh nár bhfoláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus na seanóirí ’ghá shéanadh, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí; agus go gcurfaí chun báis é, agus tar éis trí lá go n-eíreóchadh sé ó’n mbás. 32Agus do labhair sé an chaint go soiléir. Agus do rug Peadar air agus do chrom sé ar chur ’n-a choinnibh. 33Ach d’iompuigh seisean agus d’fhéach sé ar a dheisgiobulaibh, agus do labhair sé go bagarthach le Peadar, agus dubhairt sé: Imthigh lastiar díom, a Shátain, óir ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia is mian leat, ach na neithe a bhaineann le daoine.
34Agus ghlaoidh sé chuige na daoine agus a dheisgiobuil i n-aonfheacht, agus dubhairt sé leó: #Mait. 10:38; 16:24.Má’s mian le h-aoinne mise do leanmhaint, séanadh sé é féin, agus glacadh sé chuige a chros, agus leanadh sé mé. 35Óir, an t-é gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé a anam; agus an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa agus ar son an tsoisgéil, saorfaidh sé a anam. 36Mar, cad é an tairbhe do dhuine an saoghal go léir a bhuachtaint má chailleann sé a anam féin? 37Nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam? 38Óir an t-é go mbeidh náire air mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre i láthair an tsleachta so atá adhaltranach peacamhail, beidh náire ar Mhac an Duine uime sin nuair a thiocfaidh sé i nglóire a Athar i bhfochair na n-aingeal naomhtha. 39Agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad an bás go bhfeicfid siad rígheacht Dé ag teacht i gcómhacht.
ที่ได้เลือกล่าสุด:
Marcus 8: POL
เน้นข้อความ
แบ่งปัน
คัดลอก

ต้องการเน้นข้อความที่บันทึกไว้ตลอดทั้งอุปกรณ์ของคุณหรือไม่? ลงทะเบียน หรือลงชื่อเข้าใช้
historic text maintained by the Bible Society.