Na Sailm 15
15
Salm 15.
Domine, quis habitabit?
1A Ṫiarna, cé a ċónós i do ṗailliún: nó cé a áiteos do ċnoc naofa?
2An té sin, a ċaiṫeas beaṫa gan smál: agus a ḃíos ceart ina ġníoṁarṫa, agus a laḃraíos an ḟírinne óna ċroí.
3An té naċ mbíoḋ cealg ina ṫeanga, agus naċ ndearna doċar dá ċoṁarsa: agus naċ ndearna iṫiomrá ar a ċoṁarsa.
4An té naċ mbíonn mórċúiseaċ, aċ a ḃíos íseal ina ṡúile féin: agus a mbíonn mórṁeas aige ar luċt eaglaiṫe an Tiarna.
5An té a ṁionnaíos dá ċoṁarsa, agus naċ gcliseann air: cé go mbeaḋ sé féin ṫíos leis.
6An té naċ dtugaḋ a airgead ar úsaireaċt: agus naċ nglacfaḋ le breab in aġaiḋ an neaṁċiontaiġ.
7An té ḋéanas aṁlaiḋ: ní ċuirfear dá ċosa é ċoíċe.
தற்சமயம் தேர்ந்தெடுக்கப்பட்டது:
Na Sailm 15: OC1965G
சிறப்புக்கூறு
பகிர்
நகல்
உங்கள் எல்லா சாதனங்களிலும் உங்கள் சிறப்பம்சங்கள் சேமிக்கப்பட வேண்டுமா? பதிவு செய்யவும் அல்லது உள்நுழையவும்
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965