Matha 13

13
1An lá céanna dʼimigh Íosa amach as an teach gur shuigh ar chladach na farraige. 2Chruinnigh sluaite móra ina thimpeall, ar chaoi go ndeachaigh sé ar bord báid go raibh ina shuí ansin, agus an slua uile ina seasamh ar an trá. 3Agus bʼiomaí sin ní a dʼinis sé dóibh i bhfáithscéalta, agus dúirt sé: “Chuaigh síoladóir amach a chur síl. 4Nuair a bhí sé ag cur an tsíl, thit cuid de na síolta ar imeall an chosáin, agus tháinig na héin gur ith siad iad. 5Thit síolta eile ar thalamh creagach, nach raibh móran úire fúthu ann, agus tháinig fás tobann orthu, ó nach raibh aon doimhneacht úire acu. 6Ach nuair a dʼéirigh an ghrian go hard sa spéir dódh iad; agus ó nach raibh aon fhréamh acu shearg siad leo as. 7Thit síolta eile i measc na ndriseog, agus dʼfhás na driseoga aníos gur thacht siad iad. 8Thit síolta eile ar dhea-úir mhéith agus thug siad toradh, cuid de faoi chéad, agus cuid de faoi sheasca, agus cuid de faoi thríocha. 9An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé.”
10Ba ansin a tháinig na deisceabail agus a dúirt siad leis, “Cad chuige duit labhairt leo i bhfáithscéalta?” 11Agus dʼfhreagair sé iad, “Is daoibhse a tugadh fios rún ríocht na bhflaitheas, ach níor tugadh an fios sin dóibh. 12Mar an té a bhfuil ní aige tabharfar tuilleadh dó, agus beidh flúirse aige; ach an té nach bhfuil aon ní aige, béarfar uaidh go fiú a bhfuil aige. 13Is é an fáth a mbím ag labhairt leo i bhfáithscéalta, de bhrí go bhfuil an radharc acu agus nach bhfeiceann siad, agus go bhfuil an éisteacht acu agus nach gcluineann siad, agus de bhrí go bhfuil siad gan tuiscint. 14Is iad an tuar a tháinig faoi thairngreacht Ísáia a deir:
‘Cluinfidh bhur gcluasa agus ní thuigfidh sibh choíche,
agus féachfaidh bhur súile, agus ní fheicfidh sibh go deo.
15Mar tá croí na muintire seo i ndiaidh éirí ramhar,
agus tugann siad cluas bhodhar,
agus dhall siad a súile,
ar eagla go bhfeicfeadh a súile,
agus go gcluinfeadh a gcluasa,
agus go dtuigfeadh a gcroí,
agus go dtiontóidís thart ionas go leigheasfadh mise iad.’
16Ach is beannaithe bhur súile, mar feiceann siad, agus is beannaithe bhur gcluasa, mar cluineann siad. 17Deirim i bhfírinne libh, is iomaí fáidh agus fíréan a bhí ag tnúth lena bhfeiceann sibhse a fheiceáil, agus nach bhfaca é, agus a bhí ag tnúth lena gcluineann sibh a chluinstin agus nár chuala é.
18“Éistigí mar sin le fáithscéal an tsíoladóra. 19Nuair a chluineann aon duine briathar na ríochta gan a thuiscint, is é rud, tagann an drochsprid agus sciobann sí ar shiúl an síol a cuireadh ina chroí; is é sin an méid a cuireadh ar imeall an chosáin. 20I dtaca leis an síol a cuireadh sa talamh creagach, is é sin an té a chluineas an briathar agus a ghlacas leis go háthasach gan mhoill; 21an té nach bhfuil aon fhréamh ann, agus nach maireann ach seal, mar nuair a éirionn aon chrá nó géarleanúint i dtaobh an bhriathair, glacann sé fuath dó gan mhoill. 22I dtaca leis an síol a cuireadh i measc na ndriseog, is é sin an té a éisteas leis an mbriathar, ach go mbíonn imní an tsaoil agus cluain an tsaibhris ag tachtadh an bhriathair, sa chaoi nach mbíonn toradh air. 23Ach i dtaca leis an síol a cuireadh i ndea-úir mhéith, is é sin an té a chluineas an briathar agus a thuigeann é; is é a thugann toradh uaidh, uaireanta faoi chéad, agus uaireanta faoi sheasca, agus uaireanta eile faoi thríocha.”
24Chuir sé fáithscéal eile rompu, agus dúirt sé, “Féadtar ríocht na bhflaitheas a chur i gcosúlacht le fear a chuir dea-shíol ina chuibhreann; 25ach nuair a bhí daoine ina gcodladh, tháinig an namhaid a chur cogail i measc na cruithneachta agus dʼimigh sé leis. 26Nuair a dʼfhás an geamhar aníos agus a tháinig na diasa, nochtadh an cogal freisin. 27Agus tháinig seirbhísigh fhear an tí chuige go ndúirt siad leis, ‘A dhuine uasail, nach é an dea-shíol a chuir tú i do chuibhreann? Conas atá an cogal ann?’ 28Ar seisean leo, ‘Is namhaid a rinne seo orm.’ Dʼfhiafraigh na seirbhísigh de ansin, ‘An toil leat sinne a dhul á bhailiú?’ 29Ach is é a dúirt sé, ‘Ná déanaigí sin; ar eagla go stróicfeadh sibh an chruithneacht as a fréamhacha agus sibh ag cruinniú an chogail. 30Ligigí don dá chuid fás i gcuideachta go dtí an fómhar; agus in am an fhómhair is é a déarfas mé leis na buanaithe. Cruinnígí an cogal an chéad uair, agus ceanglaígí ina bhearta é lena dhó, ach cruinnígí an chruithneacht isteach i mʼiothlainn.’”
31Chuir sé fáithscéal eile rompu, go ndúirt, “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gráinne de shíol mustaird ar ghlac fear é agus ar chuir sé ina chuibhreann é; 32is é an síol is lú ar shíolta é, ach nuair a fhásas sé níl tom is mó ná é agus bíonn sé ina chrann, agus tagann éanlaith an aeir a dhéanamh neadacha ina chraobhacha.”
33Dʼinis sé fáithscéal eile dóibh, “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le laibhín a ghlac bean chuici gur fholaigh é i dtrí mhiosúr de phlúr, go dtí gur ghlac an t‑iomlán de an laibhín.”
34Dúirt Íosa é sin uile leis na sluaite i bhfáithscéalta; ar ndóigh ní dúirt sé aon ní leo siúd gan fáithscéal. 35Tharla sin mar thuar ar an tairngreacht:
“Osclóidh mé mo bhéal i bhfáithscéalta,
nochtfaidh mé ar folaíodh ó bhunú an domhain.”
36Dʼfhág sé na sluaite ansin go ndeachaigh isteach sa teach. Agus tháinig a dheisceabail chuige, go ndúirt siad leis, “Mínigh dúinn fáithscéal chogal an chuibhrinn.” 37Ba é a fhreagra, “An té a chuireas an dea-shíol, is é Mac an duine é; 38is é an cuibhreann an domhan, agus is é a chiallaíos an dea-shíol, clann mhac na ríochta; is é an cogal clann an áibhirseora, 39is é an namhaid a chuir é an diabhal; is é an fómhar deireadh na haoise, agus is iad na buanaithe na haingil. 40Mar a chruinnítear an cogal agus mar a dhóitear sa tine é, is amhlaidh a bheidh ag deireadh na haoise. 41Cuirfidh Mac an duine uaidh a aingil, agus cruinneoidh siad amach as a ríocht a mbíonn ina gcionn-siocair peaca, 42agus caithfidh siad i bhfoirnéis na tine iad; san áit a mbíonn deora agus díoscán fiacal. 43Is ansin a bheidh na fíréin ag dealramh mar an ghrian i ríocht mʼAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé.
44“Is cosúil ríocht na bhflaitheas le taisce a bhí i bhfolach i ngort, ar tháinig fear air, agus ar fholaigh sé é; ansin leis an áthas atá air téann sé go ndíolann sé a bhfuil aige go gceannaíonn sé an gort úd.
45“Is cosúil arís ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhíodh ag cuardach na bpéarlaí ab fhearr, 46a tháinig ar aon phéarla mórluachmhar amháin, agus a dʼimigh agus a dhíol a raibh aige, agus a cheannaigh é.
47“Arís, is cosúil ríocht na bhflaitheas le líon a caitheadh amach san fharraige agus a rug ar an uile chineál éisc; 48nuair a bhí sé líonta leo, tharraing na daoine amach ar an trá é agus shuigh siad gur phioc siad amach an méid a bhí maith gur chuir i soithigh iad, ach gur chaith siad uathu an méid a bhí olc. 49Is amhlaidh a bheidh ag deireadh na haoise. Tiocfaidh na haingil a scaradh lucht an oilc as measc na bhfíréan, 50agus caithfidh siad i bhfoirnéis na tine iad; an áit a mbeidh deora agus díoscán fiacal ann.
51“Ar thuig sibh sin uile?” “Thuig,” ar siadsan leis. 52Agus ar seisean leo, “Mar sin de, gach scríobhaí dá bhfuair foghlaim le haghaidh ríocht na bhflaitheas, is cosúil é le fear cinn teaghlaigh a bhíos ag tabhairt amach sean agus nua as a bhfuil aige.”
53Nuair a bhí críoch curtha ar na fáithscéalta seo ag Íosa, dʼimigh sé as an áit úd, 54agus tháinig sé go dtí a dhúiche féin gur theagasc dóibh ina sionagóg, ar chaoi a chuir iontas orthu, agus ar siadsan, “Cá has a bhfuil an eagna seo agus na móroibreacha seo ag an duine seo? 55Nach é seo mac an tsaor adhmaid? Nach Muire atá mar ainm ar a mháthair? Nach iad Séamas agus Iósaf agus Síomón agus Iúdás a dheartháireacha? 56Agus nach mbíonn a dheirfiúracha uile linn anseo? Cá bhfuair an duine seo an méid seo uile?” 57Agus ghlac siad scannal roimhe. Ach is é a dúirt Íosa leo, “Ní bhíonn fáidh gan onóir a bheith aige gach áit ach amháin ina dhúiche féin agus ina theach féin.” 58Agus ní dhearna sé mórán móroibreacha ansin, as siocair a ndíchreidimhsean.

Nu markerat:

Matha 13: OC1970

Märk

Dela

Kopiera

None

Vill du ha dina höjdpunkter sparade på alla dina enheter? Registrera dig eller logga in