Genesis 17

17
Caibidil XVII.
Ar claoċloḋ ainme Abram agus Ṡarai. 9 Orduiġṫear an Tímċillġearraḋ, agus 16 geallfar mac dAbraham tríd Ṡarah.
1Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta. 2Agus do ḋéuna mé mo ċunnraḋ eadrum agus tú, agus méideoċuiḋ mé ṫú go hanṁór. 3Agus do ṫuit Abram ar aġúiḋ: agus do ċoṁráiḋ Día ris, dá ráḋ, 4Ar mo ṡonsa, féuċ, atá mo ċunnraḋ riot, agus biáiḋ tú a taṫair ṁóráin ciniḋeaċ. 5Agus ní Hábram ḃus ainm ort ó so amaċ, aċ buḋ é hainm Abraham; óir ad taṫair ṁoráin do ċiniḋeaċuiḃ do rinne mé ṫú. 6Agus do ḋéuna mé ro ṫórṫaċ ṫú, agus do ḋéuna mé ciniḋeaċa ḋíot, agus tiocfaid ríġṫe asad amaċ. 7Agus daingneoċuiḋ mé mo ċunnraḋ eadrum féin agus tú agus eadrum féin agus do ṡíol ad ḋiaiġ ann a ngeinealaċuiḃsin mar ċunnrad siorruiḋe, do ḃeiṫ am Ḋía ḋuitse, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ. 8Agus do ḃéura mé ḋuitsi, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ an fearann ann a ḃfuil tu ar cuairt, tir Ċanaáin, uile, mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe; agus biaiḋ mé mar Ḋía aca. 9A duḃairt Día ré Hábraham, Coiṁéudfuiḋ tú mo ċunnraḋ ar a naḋḃarsin, ṫú féin, agus do ṡíol ad ḋiáiġ ann a ngeinealaċuiḃ. 10A sé so mo ċunnraḋ, noċ ċoṁallfuiḋiġ eadrumsa agus siḃse, agus do ṡíol ad ḋiaiġ; Gaċ uile ġein ṁic ḃur measg biaiḋ sé timċillġéarrṫa. 11Agus timċillgearrfaid feóil ḃur réuṁċroicinn; agus biaiḋ sin mar ċoṁarṫa an ċunnarṫa eadrumsa agus siḃse. 12Agus an mac ḃías oċd la dáois eadruiḃ timċiollġearrfar é, gaċ uile ġein ṁic ann ḃur ngeinealaċuiḃ, an té ḃéarṫar annsa tiġ, no ċeannoċar ar airgead ó ċoiṁiṫiġeaċ ar biṫ, naċ bfuil dot ṡíolsa. 13An té rugaḋ ann do ṫiġ, agus an té ceannċaḋ ar hairgead, is éigin a mbeiṫ timċillġearrṫa: agus biáiḋ mo ċunnraḋ ann ḃur ḃfeóil mar ċunraḋ síorruiḋe. 14Agus an lenaṁ mic gan timċillġearraḋ gá mbía feóil a réuṁċroicinn gan timċillġearraḋ, gearrfuiḋear an tanam sin amaċ ón a ṗobal: do ḃris sé mo ċunnraḋ. 15Agus a duḃairt Día ré Hábraham, Ar son Ṡárai do ṁná ní ġoirfe tú Sárai ḋí, aċ Sárah ḃías dainm uirre. 16Agus beanneoċuiḋ misi í, agus do ḃéura mé mac ḋuitsi uaiṫe: fós beanneoċuiḋ mé í, agus biáiḋ sí na maṫair ċineaḋaċ; tiucfuiḋ riġṫe cineaḋaċ uaiṫe. 17An sin do ṫuit Abraham ar aġuiḋ; agus do rinne gáire, agus a duḃairt ann a ċroiḋe, An mbéurṫar mac don ti atá a ccionn a ċéud blíaḋan dáois agus Sárah atá nóċad blíaġan dáois, an mḃéura sí? 18Agus a duḃairt Abraham ré Día, Do bfearr líom go maireaḋ Ismael ad ḟiaḋnuisi! 19Agus a duḃairt Dia, Béuruiḋ do ḃean Sárah mac dá ríriḃ ḋuit; agus ġoirfe tú Isaac dainm ḋe, agus daingneoċaiḋ misi mo ċunnraḋ ris na ċunnraḋ ṡíorruiḋe, agus ré na ṡíol na ḋiáiġ. 20Agus ar son Ismael, do ċúala mé ṫú: Féuċ, do ḃeannuiġ mé é, agus do ḋéuna mé síolṁar é, agus oirlíonfad go hiomarcaċ é; ḋá ṗrionnsa ḋéug ġeinfeas sé, agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋe. 21Aċ mo ċunnraḋ daingneoċuiḋ mé ré Hísaac noċ ḃéuras Sárah ḋuitsi annsa nuáir ċinntesi, annsa ḃliaḋuinsi ċúguinn. 22Agus do scuir do ḃeiṫ ag caint ris, agus do ċuáiḋ Día súas ó Abraham. 23Agus do ġlac Abraham a ṁac Ismael, agus gaċ a rugaḋ ann a ṫiġ, agus gaċ ar ceannċaḋ ar a ċuid airgid, gaċ uile ḟirionnaċ a measg ḋáoine ṫiġe Abraham; agus do ṫimċillġearr feóil a réuṁċroicinn annsa ló sin féin, mar a duḃairt Día ris. 24Agus do ḃí Abraham nóċad agus náoi mbliaḋna dáois a nuáir do timċillġearraḋ é a ḃfeóil a réuṁċroicinn. 25Agus do ḃí Ismael a ṁac tri bliaḋna déug dáois, a nuair do timċillġearraḋ é a ḃfeóil a réuṁċroicinn. 26Ann sa ló ċéudna do timċillġearraḋ Abraham agus a ṁac Ismael. 27Agus a nuile ḟear ann a ṫiġ, rugaḋ sa tiġ, agus do ċeannċaḋ ar airgead ón ċoiṁiġṫeaċ, do timċillġearraḋ iad maille ris.

Märk

Dela

Kopiera

None

Vill du ha dina höjdpunkter sparade på alla dina enheter? Registrera dig eller logga in