Genesis 16
16
Caibidil XVI.
An tan ṫoirċeaḋ Hágar méaduiġe a hardan; 6 cuirfear amaċ í. 19 Do Ġéill sí, 15 Agus rug Ismael.
1Anois, ní rug Sáraí bean Abram clann ar biṫ ḋó: agus do ḃí innilt Egipteaċ aice, dar bainm Hágar. 2Agus a duḃairt Sárai ré Abram, Féuċ a nois, do ṫoirmisg an TIĠEARNA misi ó ḃreiṫ: iarruim ort, teiġ a steaċ ċum minnilte; dob éidir go ḃfuiġinn clann da táoiḃ. Agus tug Abram aire do ġlór Ṡárai. 3Agus do ġlac Sáraí bean Abram Hágar a hinnilt an Tégipteaċ, a ndiáiġ Abram dáitreaḃ deiċ mbliaḋna a ttír Ċanáain, agus tug sí dá fear Abram í do ḃeiṫ na mnáoi aige. 4Agus do ḃí sé ag Hágar, agus do ṫorċeaḋ í, agus a nuair do ċonnairc sí go raiḃ sí torraċ, do ḃí a maiġistreás tarcuisneaċ na raḋarc. 5Agus a duḃairt Sárai ré Abram, Bíoḋ méugcóir ortsa: tug mé mo ċailín ad uċd; agus a nuáir do ċonnairc sí go raiḃ torraċ, do ḃí mísi tarcuisneaċ na raḋarc: go ndéuna Día breiṫeaṁnus eadrumsa agus tusa. 6Aċd a duḃairt Abram ré Sárai, Féuċ, ata do ċailín ad láiṁ féin; déuna ría mar do ċiṫear ḋuit: agus a nuáir do ṁasluiġ Sárai í, do ṫeiṫ sí as a fiaġnuisi. 7Agus fuáir aingeal an TIĠEARNA í láiṁ ré tobar uisge, san ḃfásaċ, laiṁ ris an ttobar ar an tsliġe go Súr. 8Agus a duḃairt sé, A Hágar, a ċailín Ṡárai, cia as a ttáinig tú? agus cáit a ttéid tú? Agus a duḃairt sísi, Atáim ag leiṫeaṁ ó raḋarc mo ṁaiġistreás Sárai. 9Agus do ráiḋ aingeal an TIĠEARNA ría, Fill ar do ṁaiġistreás, agus uṁluiġ ṫú féin fa na láṁuiḃ. 10Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA ria, Méidioċuiḋ mé do ṡíol, go hiomarcaċ, naċ buḋ féidir a aireaṁ ar iomadaṁlaċd. 11Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA ría, Féuċ, atá tú torraċ, agus béura tú mac, agus do ḃéura tú Ismael dainm air: do ċionn go ccúala an TIĠEARNA do ḃuaiḋreaḋ. 12Agus biaiḋ sé na ḋuine ḟiaḋta; biáiḋ a láṁ a naġuiḋ gaċ áonduine, agus láṁ gaċ áonduine na aġuiḋ: agus coiṁneoċuiḋ sé a laṫair a ḋearḃraṫar uile. 13Agus do ġoir síainm an TIĠEARNA do laḃair ría, Ṫusa a Ḋé do ċí mé: óir a duḃairt sí, Nar ḟéuċ misi mar an ccéudna annso a ndiáiġ an té do ċí mé? 14Uimé sin do goireaḋ don tobar Beerlahai-roi; féuċ, atá sé idir Ċades agus Béred. 15Agus rug Hágar mac do Abram: agus do ġoir Abram Ismael mar ainm dá ṁac rug Hágar. 16Agus do ḃí Abram ceiṫre fiċid agus sé bliaḋna dáois, a nuáir rug Hágar Ismael dó Abram.
Nu markerat:
Genesis 16: BedellG
Märk
Dela
Kopiera
Vill du ha dina höjdpunkter sparade på alla dina enheter? Registrera dig eller logga in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.