Psalm 33
33
XXXIII Psalm.
1O sibhse ta bhur bhfíréunaibh,
Biodh aiteas or’bh a nDia;
Oir ’is cubhuidh do na dáoinibh cóir,
Bhéith’ tabhairt cludh don Triath.
2Air chlarsuigh tugaidhe moladh dho,
A’s air an tsaltar ghrinn;
Air innil ciuil na ndeich ttéud,
Seinnidhe do Dhia go binn.
3A’s cannuidhe dhosan abhrán nuadh,
Ard‐chinnidhe fonn gan stad;
4Oir is ceart’ reacht, a bhfír ne fós,
Ta oibre déant’ air fad;
5Is ionmhuin leision cóir a’s ceart,
’Lion maitheas Dé gach tír;
6Rinn le na bhreithir neamh ’sa sloigh,
Le sp’rid a bhéil go fíor.
7Mar thor ata se cárnadh suas,
Uisge na fairge mhóir;
A coimhéud fós na ndoimhne suas,
Go dilios ’na thigh stóir.
8’Nois roimh an Tighearna go mór,
Biodh eagla air gach tír;
A’s air aitreabhaibh an tsáoghuil,
Biodh umhan mór do shíor.
9Oir labhair Dia a’s rinne se,
D’órduigh a’s chuir air chois;
10Chuir cómhairle na sluagh air ccúl,
A’s irtleacht dháon’ air ais.
11Ta cómhárle Iehobhah mhóir,
Go seasmhach buan go bráth;
Smuainte a chroidhe mar an cceadn’,
O linn go linn faói bhláth.
12’S beannuidhe an chineadh sin da bhfuil,
Mar Dhia Iehobhah tréun;
’San poball fós do roghnuigh sé,
Mur oighreacht bhuan do féin.
13Air chloin na ndáoine dearcfuigh Dia,
O neamh na speur a nuas;
14’S léar dho gach duine san ccruinne ché,
O’ ionad chómhnuidhe nuas.
15A gcróidhe a neinfheacht cumadh leis,
Thugse fa ndear an gniomh;
16Ni cúmhduighthear righ le hiomad slóigh,
Do laoch neart mór ni díon.
17An t’éach sán ccómhrac ’s diomháoin e,
A deanamh furtacht leis;
Na ’déanamh didean a nam feidhm,
Gidh mór a luth sa threis.
18Feuch, súile Dé go fuireach air,
An lucht eagluigheas é;
Agus air an dream as a ghras,
Gnidh muiníghin nach baoth.
19Chum a nanam dhíon ó’n mbás,
’Són nun a chungbháil beó;
20Feithidh ar nanam féin air Dhia;
Ar neart ’sar sgiath gach ló.
21Oir ann san ghnidh ar ccroidh a stigh,
Úr‐ghárdeachas gan díth;
A’s chuir sinn a nainim ro náomh,
Ar muiníghin do shior.
22Do thrócáre go raibh orainn,
A Thighearna, gach lá;
A réir mar chuir sinn ionnad féin,
Ar ndóchas tréun do ghnáth.
Aktualisht i përzgjedhur:
Psalm 33: PSA1836
Thekso
Ndaje
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fsq.png&w=128&q=75)
A doni që theksimet tuaja të jenë të ruajtura në të gjitha pajisjet që keni? Regjistrohu ose hyr
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836