Logótipo YouVersion
Ícone de pesquisa

Gníomhartha 28

28
Pól i Málta
1Nuair a bhíomar slán i dtír fuaireamar amach gurbh é ‘Málta’ ainm an oileáin. 2Bhí na hoileánaigh thar a bheith cineálta linn; dʼfháiltigh siad romhainn uile agus las siad tine chnámh dúinn mar bhí sé ag bagairt báistí agus é fuar. 3Bhailigh Pól gabháil bhrosna agus nuair a chaith sé sa tine í léim nathair nimhe amach leis an teas agus ghreamaigh dá láimh. 4Nuair a chonaic na hoileánaigh an phéist ag sileadh óna lámh dúirt siad lena chéile: “Is dún-mharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag ligean a anama leis.” 5Chroith Pól an phéist uaidh isteach sa tine gan díth ná dochar air. 6Bhí coinne acu siúd go n-atfadh sé nó go dtitfeadh sé marbh láithreach, ach tar éis dóibh a bheith ag feitheamh agus ag faire ar feadh i bhfad agus gan aon ní as an tslí ag imeacht air, tháinig siad ar mhalairt aigne faoi agus dúirt gur dhia a bhí ann.
7I gcomharsanacht na háite sin bhí fearann ag ceann urra an oileáin, fear darbh ainm ‘Puiblias’. Dʼfháiltigh seisean romhainn agus chuir cóir orainn go fial ar feadh trí lá. 8Tharla go raibh athair Phuiblias ina luí le fiabhras agus an dinnireacht ag cur air. Chuaigh Pól isteach dá fheiceáil agus tar éis dó guí a dhéanamh ar a shon, leag sé a lámha air agus leigheas é. 9Ní túisce a tharla sin ná a tháinig chuige gach uile dhuine eile ar an oileán a raibh éagruas orthu agus leigheasadh iad. 10Is iomaí comhartha ómóis a thug siad dúinn agus nuair a bhíomar ag imeacht chuir siad ar bord chugainn gach a raibh de dhíth orainn.
Ceann Scríbe
11Tar éis trí mhí ghluaiseamar chun siúil i long as Cathair Alastair a raibh an geimhreadh caite san oileán aici agus í faoi mheirge an Chúpla. 12Chuamar i dtír i Sioracús agus thugamar trí lá ann. 13Rinneamar timpeall as sin go Réigiam. An lá dár gcionn mʼéirigh an ghaoth aneas agus i gcionn dhá lá bhaineamar amach Puiteoilí. 14Fuaireamar roinnt bráithre romhainn ansiúd agus dʼiarr siad orainn seachtain a thabhairt ina bhfochair. Agus thángamar chun na Róimhe mar sin. 15Nuair a chuala na bráithre ansiúd fúinn tháinig siad amach inár n-araicis go dtí Fóram Aipias agus na Trí Thábhairne. Agus nuair a chonaic Pól iad, ghabh sé buíochas le Dia agus mhúscail a mhisneach. 16Ar theacht chun na Róimhe dúinn fuair Pól cead fanacht ina lóistín féin le saighdiúir dá choimeád. 17Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé chuige cinn urra na nGiúdach agus nuair a bhí siad cruinnithe labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “cé nach ndearna mé aon ní in aghaidh ár gcine ná in aghaidh bhéasa ár sinsear, cuireadh i ngéibheann mé in Iarúsailéim agus tugadh suas do na Rómhánaigh mé. 18Scrúdaigh siad-san mé agus nuair nach raibh aon chúis orm a thuillfeadh an bás, bheartaigh siad mé a scaoileadh saor. 19Ach chuir na Giúdaigh ina gcoinne agus bʼéigean dom-sa Caesar a ghairm, agus ní hé go raibh aon ní agam le cur i leith mo chine féin. 20Is é fáth gur iarr mé sibh-se a fheiceáil agus labhairt libh de bhrí gur mar gheall ar dhóchas Iosrael atá an slabhra seo orm-sa.”
21Dúirt siad-san leis: “Ní bhfuaireamarna litir ar bith i do thaobh ó Iúdáia, ná níor thug aon neach dár mbráithre a tháinig an treo droch-scéal ná drochthuairisc chugainn mar gheall ort. 22Ba mhaith linn, áfach, do thuairimí féin a chloisteáil mar níl dʼeolas againn ar an aicme seo lena mbaineann tú ach go bhfuiltear ag cur ina coinne go forleathan.”
Ag Fógairt an Dea-Scéil sa Róimh
23Shocraigh siad leis ar lá agus tháinig slua mór acu chun an lóistín chuige. Lean sé ó mhaidin go hoíche ag tabhairt a fhios an scéil dóibh: thug sé léiriú mion ar Ríocht Dé, ag áiteamh scéal Íosa orthu as dlí Mhaois agus as na fáithe. 24Chuaigh a chuid cainte ina luí ar chuid acu ach bhí cuid eile acu nach ngéillfeadh dó. 25Bhí easaontas eatarthu agus iad ag imeacht agus is é a dúirt Pól leo mar fhocal scoir: “Is maith mar a labhair an Spiorad le bhur n-aithreacha trí bhéal Íseáia fáidh nuair a dúirt sé:
26‘Téigh go dtí an pobal seo agus abair seo leo:
Éistfidh sibh go deimhin ach ní thuigfidh sibh,
féachfaidh sibh go deimhin ach ní fheicfidh sibh,
27Mar tá croí an phobail seo éirithe dúr,
agus lena gcluasa is mall a éisteann siad,
agus dhún siad a súile,
ar eagla go bhfeicfidís lena súile
agus go gcloisfidís lena gcluasa
agus go dtuigfidís lena gcroí
agus go n-iompóidís chugam-sa
agus go leigheasfainn iad.’
28“Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin go bhfuil an slánú seo Dé dá sheoladh chuig na gintlithe. Éistfidh siad-san leis.” 29Nuair a bhí an méid sin ráite aige, dʼimigh na Giúdaigh uaidh amach, agus aighneas mór acu eatarthu féin. 30Dʼfhan sé ar feadh lán dhá bhliain sa lóistín a bhí ar cíos aige, agus gach ar tháinig ag triall air chuir sé fáilte rompu. 31Lean sé air ag fógairt Ríocht Dé agus scéal an Tiarna Íosa Críost aige dá theagasc go lánoscailte agus gan bac ar bith air.

Atualmente selecionado:

Gníomhartha 28: ABN2012

Destaque

Partilhar

Copiar

None

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão