Logótipo YouVersion
Ícone de pesquisa

Gníomhartha 22

22
Pól dá Chosaint Féin
1“A bhráithre agus a aithreacha, éistigí lena bhfuil le rá agam chun mo chosanta.” 2Nuair a chuala siad ag labhairt san Eabhrais é, mʼéirigh siad ní ba chiúine fós. 3Lean sé air: “Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Cilice; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailiéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibh-se go léir inniu. 4Rinne mé géar-leanúint go bás ar an mBealach seo. Bhíodh fir agus mná dá ngabháil agam agus dá gcur i bpríosún. 5Tá an t-ard-sagart agus comhairle na seanóirí ina bhfinnéithe agam air sin. Go deimhin fuair mé litreacha uathu do na bráithre agus bhí mé ar mo bhealach go Damaisc chun an dream a bhí ann a ghabháil agus a thabhairt ar ais go hIarúsailéim go gcuirfí pionós orthu, 6ach tharla agus mé ar an tslí ag druidim le Damaisc, timpeall meán lae gur las solas mór ó neamh go tobann i mo thimpeall. 7Thit mé go talamh agus chuala mé an guth dá rá liom: ‘A Shóil, a Shóil, cad chuige a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?’ 8‘Cé thú féin, a Thiarna?’ arsa mise dá fhreagairt. ‘Is mé Íosa Nazórach atá agat dá ghéarleanúint,’ ar seisean. 9Iad seo a bhí le mo chois, chonaic siad an solas ach níor chuala siad glór an té a bhí ag caint liom. 10Dúirt mé ansin: ‘Cad atá le déanamh agam, a Thiarna?’ Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Éirigh i do sheasamh, lean ort go Damaisc agus inseofar ansin duit gach ní atá ceaptha duit le déanamh.’ 11Bhí gile an tsolais úd tar éis mé a dhalladh agus rug mo chomrádaithe ar láimh orm agus tháinig mé isteach i nDamaisc.
12“Bhí fear darbh ainm ‘Anainias’, fear a bhí fíréanta de réir an dlí agus meas air ag na Giúdaigh go léir a chónaigh ann, 13agus tháinig sé chugam, agus sheas sé os mo chomhair dá rá liom: ‘A Shóil, a bhráthair, bíodh do radharc arís agat.’ Agus ar an spota bhí mo radharc agam arís. 14Ansin dúirt sé liom: ‘Tá sé ceaptha roimh ré ag Dia ár sinsear duit go mbeidh fios a thola agat, go bhfeicfidh tú an Fíréan agus go gcloisfidh tú glór a bhéil féin. 15Mar beidh tú i do fhinné aige os comhair an uile dhuine ar a bhfuil feicthe agus cloiste agat. 16Anois cad é an mhoill atá ort? Éirigh i do sheasamh, déantar thú a bhaisteadh agus do pheacaí a ní díot féin trí ghlaoch ar a ainm.’
17“Chuaigh mé ar ais go hIarúsailéim, agus le linn dom a bheith ag guí sa Teampall, thit mé i dtámhnéal agus 18chonaic mé é agus é dá rá liom: ‘Brostaigh, agus imigh leat go tapa as Iarúsailéim mar ní ghlacfaidh siad le do chuid fianaise orm-sa.’ 19‘Ach, a Thiarna,’ arsa mise leis, ‘nach bhfuil a fhios acu go maith go mbímse ag dul ó shionagóg go sionagóg ag cur na ndaoine a chreideann ionatsa i bpríosún agus dá sciúrsáil? 20Fiú amháin nuair a bhí fuil do fhinné Stiofán dá doirteadh, bhí mé féin ar an láthair ag toiliú leis agus ag coimeád a n-éadaí do lucht a mharaithe.’ 21Agus is é a dúirt sé liom: ‘Gluais leat, mar is ag triall ar na gintlithe i bhfad ó bhaile a chuirfidh mé thú.’”
Pól agus an Ceannasaí Rómhánach
22Dʼéist an slua leis go dtí go ndúirt sé an abairt sin. Ansin scread siad in ard a ngutha: “Cuir den saol an duine sin; ní ceart a leithéid a bheith beo.” 23Agus bhí siad ag liúireach, ag croitheadh a gcuid éadaigh agus ag caitheamh deannaigh san aer. 24Dʼordaigh an ceannasaí é a thabhairt isteach sa dún-phort agus dúirt é a cheistiú faoin lasc féachaint cén fáth a raibh siad ag liúireach mar sin air. 25Ach nuair a bhí sé ceangailte leis na hiallacha acu, dúirt Pól leis an taoiseach céid a bhí ansiúd: “An bhfuil sé ceadaithe daoibhse saoránach Rómhánach a léasadh agus gan aon chúirt curtha air go fóill?” 26Nuair a chuala an taoiseach céid an méid sin, chuaigh sé go dtí an ceannasaí: “Cad a mheasann tú a dhéanamh?” ar seisean leis, “is saoránach Rómhánach é siúd.” 27Chuaigh an ceannasaí anonn go Pól. “Inis dom”, ar seisean, “an saoránach Rómhánach thusa.” “Is ea,” arsa Pól. 28Dúirt an ceannasaí dá fhreagairt: “Is ea, is daor a cheannaigh mé féin an tsaorántacht sin.” “Tá sí agam-sa ó dhúchas,” dʼfhreagair Pól. 29An mhuintir a bhí chun é a cheistiú, chúlaigh siad uaidh laithreach. Bhí eagla ar an gceannasaí freisin nuair a fuair sé amach gur shaoránach Rómhánach é agus é féin tar éis é a cheangal.
Pól i Láthair na Comhairle
30Lá arna mhárach, dʼfhonn a fháil amach cad é go cruinn a bhí dá chur ina leith ag na Giúdaigh, scaoil sé é agus chuir fios ar na hardsagairt agus ar an sainidrín ar fad. Ansin thug sé Pól anuas agus chuir ina sheasamh os a gcomhair é.

Atualmente selecionado:

Gníomhartha 22: ABN2012

Destaque

Partilhar

Copiar

None

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão