Gníomhartha 19
19
Pól in Eifeasas
1Le linn dʼApallós a bheith sa Choraint, bhí Pól ag taisteal trí na críocha intíre nó gur tháinig sé go hEifeasas. Fuair sé roinnt deisceabal ansiúd roimhe 2agus nuair a dʼfhiafraigh sé díobh an bhfuair siad an Spiorad Naomh nuair a chreid siad, is é freagra a thug siad air: “Níor chualamar fiú amháin an Spiorad Naomh a bheith ann.” 3“Agus cén baisteadh a fuair sibh más ea?” ar sé. “Baisteadh Eoin a tugadh dúinn,” ar siad-san. 4Dúirt Pól leo: “Is baisteadh aithrí a dhéanadh Eoin agus deireadh sé leis an bpobal nárbh fholáir dóibh creidiúint sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.” 5Ar chloisteáil an méid sin dóibh, baisteadh in ainm an Tiarna Íosa iad 6agus nuair a leag Pól a lámha orthu tháinig an Spiorad Naomh anuas orthu agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha agus ag déanamh tairngreachta. 7Tuairim is dáréag acu a bhí ann ar fad.
8Thug Pól trí mhí ag dul isteach sa tsionagóg, ag labhairt go dána leis an bpobal, ag argóint agus ag áiteamh leo mar gheall ar Ríocht Dé. 9Ach nuair a thosaigh cuid acu ag cur suas go dolba den chreideamh agus ag cáineadh an Bhealaigh os comhair an phobail, dʼfhág Pól ann iad, thóg leis a dheisceabail agus bhíodh ag díospóireacht gach lá i scoil Thioranas. 10Lean an scéal mar sin ar feadh dhá bhliain ar shlí nach raibh duine dár chónaigh san Áise, Giúdach ná Gréagach, nár chuala briathar an Tiarna.
11Bhí míorúiltí neamhghnácha dá ndéanamh ag Dia trí Phól: 12ciarsúir agus naprúin fiú amháin a chuimil dá chraiceann, nuair a thugtaí go dtí na daoine tinne iad, dʼfhágadh na galair iad agus dʼimíodh na spioraid mhallaithe astu. 13Cuid de na Giúdaigh freisin a bhíodh ag gabháil timpeall ag díbirt na n-ainspiorad, rinne siad iarracht ar ainm an Tiarna Íosa a rá mar bhriocht ar na daoine a raibh na spioraid mhallaithe iontu. “Cuirim oraibh,” deiridís, “as ucht Íosa Críost a bhíonn dá fhógairt ag Pól.”
14Bhí seachtar mac le Scaeva, ard-sagart Giúdach, dá dhéanamh seo, 15ach dʼfhreagair an spiorad mallaithe iad: “Tá aithne agam ar Íosa agus tá eolas agam ar Phól ach cé sibh-se ?” 16Agus an duine a raibh an spiorad mallaithe ann léim sé chucu agus threascair iad go léir agus ghabh chomh tréan sin orthu gur theith siad ón teach sin go lomnocht basctha. 17Fuair gach duine in Eifeasas, idir Ghiúdach agus Ghréagach, eolas ar an scéal seo agus chuir sé uafás orthu go léir, ar shlí gur móradh ainm an Tiarna Íosa. 18Agus mórán acu seo a ghlac an creideamh tháinig siad ag admháil a gcuid gníomhaíochtaí féin agus ag tabhairt cuntais orthu. 19Cuid mhaith acu siúd a bhíodh ag cleachtadh na draíochta, thug siad leo a gcuid leabhar agus dhóigh iad i bhfianaise cách. Chuir siad a luach le chéile agus fuair siad gurbh fhiú caoga míle píosa airgid iad. 20Ar an gcuma éachtach sin tháinig fás agus neart faoi bhriathar an Tiarna.
21Nuair a bhí an méid sin curtha i gcríoch aige, shocraigh Pól ina aigne go dtabharfadh sé cúrsa na Macadóine agus na hAcháia agus go rachadh sé as sin go hIarúsailéim. “Tar éis dom dul go hIarúsailéim,” ar seisean, “ní mór dom an Róimh freisin a fheiceáil.” 22Dá réir sin chuir sé beirt dá chúntóirí, Tiomóid agus Earastas, go dtí an Mhacadóin agus dʼfhan sé féin tamall eile san Áise.
Callán sa Chathair
23Timpeall na haimsire seo tharla achrann mór mar gheall ar an mBealach. 24Bhí gábha geal ann darbh ainm Déiméitrias a bhíodh ag déanamh mionsamhlacha airgid de theampall Artaimís agus a chuireadh mórán oibre ar fáil do na ceardaithe. 25Ghlaoigh sé na ceardaithe sin i gceann a chéile agus na hoibreoirí eile a raibh baint acu leis an ngnó agus labhair sé leo: “A fheara,” ar seisean, “mar is eol daoibh is ar an gceird seo atá ár rathúnas ag brath. 26Tá sé le feiceáil agus le cloisteáil agaibh féin, áfach, go bhfuil slua mór daoine iompaithe uainn lena chuid áitimh ag an bPól seo–agus ní in Eifeasas amháin é ach beagnach ar fud na hÁise ar fad–mar go mbíonn sé dá rá nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna. 27Is é baol atá ann nach ea amháin go dtarraingeofar míchlú ar an ngnó seo againne ach go ndéanfar beagní de theampall an bhandé mhóir Artaimís agus go gcaillfidh Artaimís féin a gradam–ban-dia a bhfuil urraim dá tabhairt di ar fud na hÁise agus ar fud an domhain mhóir.”
28Ar chloisteáil na cainte sin dóibh tháinig confadh buile orthu agus thosaigh siad ag liúireach: “Artaimís na nEifeasach abú.” 29Leath an gleo ar fud na cathrach; rug siad ar Gháias agus Arastarchas, beirt Mhacadónach a bhí ina gcompánaigh ag Pól, agus rith siad leo in éineacht isteach san amharclann. 30Ba mhian le Pól dul isteach chun an tslua ach ní ligfeadh na deisceabail dó é. 31Agus cuid de na huachtaráin chúige féin a bhí mór leis, chuir siad scéala chuige dá mholadh dó gan é féin a thaispeáint san amharclann.
32Bhí duine dá scairteadh seo agus duine eile dá scairteadh siúd; bhí an cruinniú ina chíréib agus gan a fhios ag an bhformhór cad a thug i gceann a chéile iad. 33Srac siad Alastar amach as an slua, fear a raibh na Giúdaigh dá shá chun tosaigh. Thug Alastar comhartha láimhe dóibh a bheith ina dtost dʼfhonn é féin a chosaint os comhair an tslua. 34Ach nuair a dʼaithin siad gur Ghiúdach é, thóg siad liú dʼaonghuth: “Artaimís na nEifeasach abú,” agus lean siad de ar feadh dhá uair a chloig. 35Faoi dheireadh chuir cléireach an bhaile an slua chun suaimhnis agus labhair sé leo: “A mhuintir Eifeasas,” ar seisean, “an bhfuil duine ar bith nach bhfuil a fhios aige gurb í cathair Eifeasas is caomhnóir ar theampall Artaimís Mhór agus ar a híomhá a thit ó neamh? 36Níl ceist ar dhuine ar bith faoin méid sin. Ní mór daoibh, dá bhrí sin guaim a choinneáil oraibh féin agus gan aon ní meargánta a dhéanamh. 37Thug sibh na fir seo i láthair gan dia-aithis ná diamhasladh tugtha acu dár mbandia. 38Dá réir sin má tá aon chúis ag Déiméitrias agus a chuid ceardaithe ar dhuine ar bith, tá cúirteanna ann agus próchonsail agus cuiridís an dlí ar a chéile ansiúd. 39Ach má tá aon éileamh breise le déanamh agaibh, réiteofar an scéal i dtionól dlíthiúil den phobal. 40Mar tá baol ann go gcuirfear círéib inár leith tar éis ghnó an lae inniu, agus gan aon chúis againn a dʼfhéadfaimis a thabhairt mar leithscéal ar an gclampar seo.”
Nuair a bhí an méid sin ráite aige scoir sé an cruinniú.
Atualmente selecionado:
Gníomhartha 19: ABN2012
Destaque
Partilhar
Copiar

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.