Logótipo YouVersion
Ícone de pesquisa

Gníomhartha 18

18
Pól sa Choraint
1Dʼfhág sé an Aithin ina dhiaidh sin agus dʼimigh go dtí an Choraint. 2Casadh ansiúd air Giúdach darbh ainm Acúbas, fear a rugadh i bPontas agus a bhí tagtha le gairid ón Iodáil, é féin agus a bhean Priscille, de bharr an ordaithe a bhí curtha amach ag Cláidias na Giúdaigh go léir a imeacht ón Róimh. Chuaigh Pól ar cuairt chucu 3agus toisc é a bheith ar aon cheird leo–déantóirí bothanna ba ea iad–dʼfhan sé leo ag obair ar a cheird. 4Bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg gach lá sabóide ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na Giúdaigh agus ar na Gréagaigh.
5Nuair a tháinig Síleas agus Tiomóid anuas ón Macadóin chaith Pól a dhúthracht ar fad leis an tseanmóireacht, dá chruthú do na Giúdaigh gurb é Íosa an Críost. 6Agus nuair a thosaigh siad-san dá bhréagnú agus dá cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, dá rá leo: “Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagrach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.” 7Dʼfhág sé ann iad agus chuaigh isteach i dteach duine darbh ainm ‘Síomón Iústas’, fear diaganta a raibh a theach taobh leis an tsionagóg. 8Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad.
9Oíche amháin labhair an Tiarna le Pól in aisling: “Ná bíodh aon eagla ort,” ar sé. “Lean ort ag seanmóireacht agus ná cuirtear thú i do thost, 10mar táim-se leat agus ní leagfaidh duine ar bith barr méire ort chun dochar a dhéanamh duit, mar tá pobal mór agam-sa sa chathair seo.” 11Bhain sé faoi ann mar sin ar feadh bliain go leith, ag múineadh bhriathar Dé ina measc.
12Le linn do Ghaillíón a bheith ina phróchonsal ar an Acháia thug na Giúdaigh fogha faoi Phól de thoil a chéile agus rug os comhair an bhinse breithimh é. 13“Tá an fear seo,” ar siad, “ag áiteamh ar na daoine ómós aindleathach a thabhairt do Dhia.” 14Bhí Pól ar tí a bhéal a oscailt nuair a labhair Gaillíón leis na Giúdaigh: “Dá mba éagóir éigin nó míghníomh coiriúil éigin a bhí i gceist agaibh, a Ghiúdacha,” ar seisean, “mʼéistfinn libh mar ba chóir. 15Ach ós focail agus ainmneacha agus dlí éigin de bhur gcuid féin atá i gceist agaibh, féachaigí féin chuige. Ní mian liom-sa a bheith i mo bhreitheamh ar na cúrsaí sin,” 16agus thiomáin sé ón mbinse breithimh iad. 17Ach rug siad-san go léir ar Shóstainéas, uachtarán na sionagóige, agus thug léasadh dó os comhair an bhinse bhreithimh amach. Ach bhí Gaillíón beag beann ar na nithe sin.
18Dʼfhan Pól sa Choraint ar feadh i bhfad. Ansin dʼfhág sé slán ag na bráithre agus chuaigh ar bord loinge chun na Siria. Chuaigh Priscille agus Acúbas in éineacht leis. Bhí sé tar éis a cheann a bhearradh i gCeinchré mar bhí móid air. 19Nuair a tháinig siad go hEifeasas, scar sé leis an mbeirt eile ann agus chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg ag díospóireacht leis na Giúdaigh. 20Dʼiarr siad-san air fanacht tamall, 21ach ní thoileodh sé chuige. “Ach,” ar seisean agus é ag fágáil slán acu, “tiocfaidh mé ar ais arís chugaibh, más toil le Dia é.” Chuir sé chun farraige ó Eifeasas 22agus tháinig i dtír i gCaesairia. Ansin chuaigh sé suas ag beannú don phobal naofa ann agus as sin síos go hAintíoch. 23Tar éis dó tamall aimsire a thabhairt ann, ghluais sé chun siúil agus i ndiaidh a chéile thaistil sé dúiche na Galáite agus na Frigia ag treisiú leis na deisceabail go léir.
Apallós in Eifeasas
24Tháinig go hEifeasas Giúdach darbh ainm ‘Apallós’. De thógáil Chathair Alastair ba ea é ó dhúchas, é dea-labhartha agus sároilte ar na scrioptúir. 25Bhí oiliúnt faighte aige ar bhealach an Tiarna, agus cé go labhraíodh sé go díograiseach agus go dtugadh sé teagasc cruinn faoi Íosa, ní raibh ar eolas aige ach baisteadh Eoin. 26Thosaigh sé ag labhairt go dána sa tsionagóg agus nuair a chuala Priscille agus Acúbas é, thug siad leo abhaile é agus thug léiriú ní ba chruinne dó ar bhealach an Tiarna. 27Agus ó tharla go raibh fonn air dul go dtí an Acháia thug na bráithre spreagadh dó agus scríobh siad chun na ndeisceabal thall dá iarraidh orthu fáilte a chur roimhe. Agus ar theacht go dtí an Choraint dó, trí ghrásta Dé ba mhór an chabhair do na creidmhigh é, 28mar gur sháraigh sé na Giúdaigh go rábach in argóint phoiblí, dá thaispeáint ar fhianaise na scrioptúr gurb é Íosa an Críost.

Atualmente selecionado:

Gníomhartha 18: ABN2012

Destaque

Partilhar

Copiar

None

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão