Gníomhartha 1
1
Orduithe Deireanacha Íosa
dá Dheisceabail
1Thug mé cuntas cheana, a Theofal, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús 2go dtí an lá ar tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige. 3I ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, dá nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar Ríocht Dé. 4Uair dá raibh sé ina gcuibhreann dʼordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air: 5rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibh-se a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.”
6Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad dá cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a ath-bhunú ?” 7Ach dʼfhreagair sé iad: “Ní haon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna ná ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin. 8Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe orm-sa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”
An Deascabháil
9Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus dʼardaigh scamall as a radharc é. 10Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice. 11“A fheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir? An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”
12Ar ais leo ansin go hIarúsailéim ó Chnoc na nOlóg mar a thugtar air, cnoc atá i ngiorracht siúl lá sabóide dʼIarúsailéim. 13Nuair a shroich siad an chathair chuaigh siad in airde go dtí an seomra uachtarach mar a raibh siad ag baint fúthu: bhí Peadar ann, Eoin agus Séamas, Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán, Matha agus Séamas Alfáias, Síomón Díograiseach agus Iúdás Shéamais. 14Lean siad-san go léir ag guí gan staonadh le chéile mar aon le mná áirithe agus le Muire máthair Íosa agus lena bhráithre.
Maitias dá Thoghadh ina Aspal
15Lá de na laethanta sin, nuair a bhí tuairim is céad agus fiche duine de shlua le chéile ann, mʼéirigh Peadar ina sheasamh os a gcomhair: 16“A bhráithre,” ar sé, “níorbh fholáir an tuar a theacht faoin tairngreacht úd a labhair an Spiorad Naomh sa scrioptúr trí bhéal Dháiví faoi Iúdás, an fear a rinne eolas na slí dóibh siúd a ghabh Íosa, 17tar éis dó a bheith ar aon bhuíon linne agus páirt a fháil sa chúram seo.”
18Mar is eol daoibh cheannaigh an fear seo gort ar luach a choirpeachta, ach thit sé i ndiaidh a chinn, phléasc ina lár agus bhrúcht a inní go léir amach. 19Fuair muintir Iarúsailéim ar fad eolas an scéil, agus dá chionn sin tugadh ‘Haicealdamach’ mar ainm ar an ngort sin ina dteanga féin, is é sin le rá, ‘Gort na Fola’.
20“Mar atá scríofa i leabhar na Salm: ‘Go raibh a áitreabh ina fhásach, agus gan Aon neach ina chónaí ann.’ Agus: ‘Tógadh duine eile a fheidhmeannas.’
21“Ní foláir, dá bhrí sin, do dhuine acu siúd a bhí ar aon bhuíon linne fad a bhí an Tiarna Íosa ag siúl inar measc, 22ón uair a bhí Eoin ag baisteadh go dtí an lá úd ar tógadh suas uainn é, ní foláir do dhuine acu siúd a bheith ina fhinné linn ar a aiséirí.”
23Chuir siad beirt ar aghaidh: Iósaef dá ngoirtí ‘Barsabas’ agus dar chomhainm ‘Iústas’, agus Maitias. 24Agus rinne siad guí mar seo: “A Thiarna,” ar siad, “ós tú a léann croí an uile dhuine, taispeáin dúinn cé acu den bheirt seo atá tofa agat 25chun dul i mbun an chúraim aspalda seo ar thréig Iúdás é chun dul ina áit féin.” 26Agus chuir siad ar chrainn é agus thit an crann ar Mhaitias agus áiríodh ar an dáréag aspal é.
Atualmente selecionado:
Gníomhartha 1: ABN2012
Destaque
Partilhar
Copiar

Quer salvar os seus destaques em todos os seus dispositivos? Faça o seu registo ou inicie sessão
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.