Salm 24
24
Sanctóir Dé
1 Salm le Dáiví.
1 Leis an Tiarna an talamh agus a lánmhaire,
an domhan ar fad agus a maireann ann.
2Is é féin a bhunaigh ar an aigéan é
agus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é.
3Cé a rachaidh suas cnoc an Tiarna?
Cé a bheidh ina sheasamh ina ionad naofa?
4An té a bhfuil lámh gan smál agus croí glan aige:
an té ar beag air nithe gan tairbhe
agus nach dtugann mionn éithigh dá chomharsa.
5Beidh beannacht an Tiarna ar an té sin
agus luach saothair ó Dhia, a shlánaitheoir.
6A leithéid sin a bhíonn dá lorg:
a bhíonn ar thóir Dia Iacób.
7Ardaigí bhur lindéir, a gheataí,
agus tógtar na doirse cianaosta
go dtaga Rí na glóire isteach!
8Cé hé an Rí seo na glóire?
An Tiarna atá láidir, tréan;
an Tiarna atá tréan i gcogadh.
9Ardaigí bhur lindéir, a gheataí,
agus tógtar na doirse cianaosta
go dtaga Rí na glóire isteach!
10Cé hé an Rí seo na glóire?
Is é an Tiarna é, Dia na slua,
sin é Rí na glóire.
Markert nå:
Salm 24: ABN2012
Marker
Del
Kopier

Vil du ha høydepunktene lagret på alle enhetene dine? Registrer deg eller logg på
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.