Eoin 8
8
An Bhean Adhaltranach
1Agus chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. 2Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.
3Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis: 4“A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais. 5Dʼordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tusa más ea?” 6Dúirt siad an chaint sin dá phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh. 7Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach dá cheistiú, mʼéirigh sé suas agus dúirt leo: “An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh cloch léi.” 8Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh. 9Arna chlos sin dóibh dʼimigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. 10Dʼéirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: “A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?” 11“Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí. Dúirt Íosa léi: “Ná ní dhaoraimse thú ach a oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”
Íosa Solas an tSaoil agus Mac Dé
12Labhair Íosa leo arís más ea:
“Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil.
An té a leanfaidh mise,
ní shiúlfaidh sé sa dorchadas,
ach beidh aige solas na beatha.”
13Dúirt na Fairisínigh leis ansin: “Tá tú ag tabhairt fianaise i do thaobh féin; níl dʼfhianaise iontaofa.” 14Dʼfhreagair Íosa:
“Cé go bhfuil mé ag tabhairt fianaise i mo thaobh féin,
is iontaofa í mʼfhianaise,
óir is eol dom cad as ar tháinig mé
agus cá bhfuil mo thriall.
Ach ní heol daoibhse
cad as ar tháinig mé
nó cá bhfuil mo thriall.
15Tugann sibh-se breith de réir na colainne;
ní thugaimse breith ar aon duine.
16Má thugaimse breith, is cóir í mo bhreith,
óir ní i mʼaonar atáim,
ach mé féin agus an tAthair a chuir uaidh mé.
17Agus tá sé scríofa in bhur ndlí
go bhfuil fianaise beirte iontaofa.
18Tugaimse fianaise i mo thaobh féin,
agus tugann an tAthair a chuir uaidh mé
fianaise i mo thaobh.”
19Dúirt siad leis ansin: “Cá bhfuil dʼAthair?” Dʼfhreagair Íosa:
“Níl aithne agaibh orm-sa ná ar mʼAthair.
Dá mbeadh aithne agaibh orm-sa,
bheadh aithne agaibh ar mʼAthair chomh maith.”
20Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós. 21Dúirt Íosa leo arís:
“Tá mé ag imeacht
agus beidh sibh ar mo lorg,
agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca.
An áit ina bhfuilim ag dul,
ní féidir daoibhse teacht.”
22Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá: “An amhlaidh go maróidh sé é féin ós rud é go ndúirt sé: ‘An áit ina bhfuilim-se ag dul, ní féidir daoibhse teacht ann’?” 23Lean sé air:
“Is ón áit thíos sibh-se,” ar sé leo,
“is ón áit thuas mise.
Is den saol seo sibh-se,
ní den saol seo mise.
24Uime sin a dúirt mé libh:
‘Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’
Mura gcreideann sibh gur mise é,
Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.”
25Dúirt siad leis ansin: “Cé hé thú féin?” Dúirt Íosa leo:
“Cén fáth a bhfuilim ag caint libh ar aon chor?
26Tá a lán le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh.
Ach is fíor é an té a chuir uaidh mé
agus na nithe a chuala mé uaidh
is iad a labhraím sa saol.”
27Níor thuig siad go raibh sé ag tagairt don Athair sa chaint sin leo. Dúirt Íosa leo ansin:
28“Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine,
ansin beidh a fhios agaibh gur mise é,
agus nach ndéanaim aon ní uaim féin,
ach gur mar a theagasc an tAthair dom
a labhraím na nithe seo.
29An té a chuir uaidh mé,
tá sé in éineacht liom.
Níor fhág sé i mʼaonar mé,
óir déanaim i gcónaí
na nithe is taitneamhach leis.”
30Chreid a lán ann agus na nithe sin dá rá aige. 31Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann:
“Má fhanann sibh ar mo bhriathar,
beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre,
32agus beidh fios na fírinne agaibh,
agus saorfaidh an fhírinne sibh.”
33Dʼfhreagair siad é: “De shíol Abrahám sinne, agus ní rabhamar inár ndaoir ag aon duine riamh. Conas go ndeir tú: ‘Saorfar sibh’?” Dʼfhreagair Íosa iad:
34“Áiméan, Áiméan, deirim libh,
gach duine a dhéanann peaca,
tá sé ina dhaor ag an bpeaca.
35Ní fhanann an daor sa teach de shíor,
ach fanann an mac de shíor.
36Má shaorann an mac sibh dá bhrí sin
beidh sibh saor dáiríre.
37Tá a fhios agam gur de shíol Abrahám sibh,
ach tá sibh ag iarraidh mise a mharú,
mar ní fhaigheann mo bhriathar slí ionaibh.
38Insím daoibhse na nithe a chonaic mé fara mʼAthair.
Ach déanann sibh-se na nithe a chuala sibh ó bhur n-athair.”
39Dʼfhreagair siad agus dúirt leis: “Is é Abrahám ár n-athair.” Dúirt Íosa leo:
“Más clann dʼAbrahám sibh,
déanaigí mar a rinne Abrahám.
40Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú,
duine a labhair an fhírinne libh,
faoi mar a chuala í ó mʼAthair.
Ní dhearna Abrahám é sin.
41Déanann sibh-se obair bhur n-athar féin.”
Dúirt siad leis: “Níor gineadh sinne ó dhrúis. Aon athair amháin atá againn, Dia.” 42Dúirt Íosa leo:
“Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh dom-sa .
Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé;
mar ní uaim féin a tháinig mé,
ach chuir seisean uaidh mé.
43Cén fáth nach dtuigeann sibh mo chaint?
De bhrí nach féidir daoibh mo bhriathar a chlos.
44Is ón diabhal, mar athair, sibh-se
agus is iad mianta bhur n-athar
a theastaíonn uaibh a dhéanamh.
Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús,
agus níor sheas sé sa bhfírinne,
mar níl aon fhírinne ann.
Nuair a labhraíonn sé an bhréag
labhraíonn sé as a stór féin,
mar is bréagaire é
agus is é athair an bhréagaire é.
45Ach de bhrí go labhraímse an fhírinne,
ní chreideann sibh-se mé.
46Cén duine agaibh
a dhéanfaidh mé a chiontú in éagóir?
Má labhraím an fhírinne,
cén fáth nach gcreideann sibh mé?
47An té is ó Dhia, éisteann sé le briathra Dé.
Is é fáth nach n-éisteann sibh-se,
de bhrí nach ó Dhia sibh.”
48Dʼfhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” Dʼfhreagair Íosa:
49“Níl aon deamhan ionam,
ach tugaim onóir do mʼAthair
agus tugann sibh-se easonóir dom.
50Ní ag lorg mo ghlóire féin atáim;
tá Neach a lorgann mʼonóir agus a thugann breith.
51Áiméan, Áiméan, deirim libh,
má choinníonn aon duine mo bhriatharsa
ní fheicfidh sé bás choíche.”
52Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’ 53An ea gur mó thusa ná ár n-athair Abrahám atá marbh? Agus na fáithe freisin, tá siad marbh. Cé atá tú a dhéanamh díot féin?”
54Dʼfhreagair Íosa:
“Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin,
ba neamhní mo ghlóir.
Is é mʼAthair a dhéanann mé a ghlóiriú,
an té a ndeir sibh-se mar gheall air:
‘Is é ár nDia é.’
55Ach níl aithne agaibh air.
Tá aithne agam-sa air, áfach.
Dá ndéarfainn: ‘Níl aithne agam air,’
bheinn cosúil libh-se, bréagach.
Ach tá aithne agam air,
agus coinním a bhriathar.
56Rinne Abrahám bhur n-athair lúcháir
go bhfeicfeadh sé mo lá-sa.
Chonaic, agus bhí áthas air.”
57Ansin dúirt na Giúdaigh leis: “Níl tú caoga bliain dʼaois fós agus an bhfaca tú Abrahám?” 58Dúirt Íosa leo:
“Áiméan, Áiméan, deirim libh,
sula raibh Abrahám ann,
táim-se ann.”
59Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach dʼfholaigh Íosa é féin agus dʼimigh amach as an Teampall.
Markert nå:
Eoin 8: ABN2012
Marker
Del
Kopier
Vil du ha høydepunktene lagret på alle enhetene dine? Registrer deg eller logg på
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.