Eoin 15
15
An Fhíniúin Fhíor
1Mise an fhíniúin fhíor, agus is é mʼAthair an saothraí.
2Gach géag ionam nach dtugann toradh,
bainfidh sé í;
agus gach géag a thugann toradh,
bearrfaidh sé í,
ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.
3Tá sibh-se bearrtha de bharr an bhriathair a labhair mé libh.
4Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh.
Faoi mar nach féidir don ghéag
toradh a thabhairt uaithi féin,
mura bhfanann sí san fhíniúin,
sin mar nach féidir daoibhse,
mura bhfanann sibh ionamsa.
5Mise an fhíniúin, sibh-se na géaga;
an té a fhanann ionamsa, agus mise ann,
tugann seisean toradh mór uaidh;
óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.
6Cibé nach bhfanfaidh ionamsa,
caithfear amach é mar ghéag,
agus feofaidh sé;
agus tógfar agus caithfear sa tine iad,
agus dófar iad.
7Má fhanann sibh ionamsa
agus má fhanann mo bhriathra ionaibh,
iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh
agus déanfar daoibh é.
8Tugadh glóir do mʼAthair
sa mhéid go dtugann sibh-se toradh mór uaibh,
agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agam-sa.
9Faoi mar a thug an tAthair grá dom-sa,
thug mise grá daoibhse chomh maith.
Fanaigí i mo ghrá.
10Má choinníonn sibh mʼaitheanta,
fanfaidh sibh i mo ghrá,
faoi mar a choinnigh mise aitheanta mʼAthar,
agus a fhanaim ina ghrá.
11Dúirt mé na nithe seo libh
chun go mbeadh mo lúcháir-se ionaibh
agus go mbeadh bhur lúcháir-se iomlán.
12Is í seo mʼaithne:
sibh a thabhairt grá dá chéile,
faoi mar a thug mé grá daoibh.
13Níl grá ag aon duine níos mó ná seo
go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde.
14Sibh-se mo chairde
má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.
15Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta,
mar ní heol do sheirbhíseach gnó a mháistir.
Ach thug mé cairde oraibh,
óir gach a gcuala ó mʼAthair,
chuir mé in iúl daoibh é.
16Ní sibh-se a rinne mise a thoghadh,
ach mise a rinne sibh-se a thoghadh,
agus a cheapadh chun go n-imeodh sibh
agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh;
i dtreo, cibé ní a dʼiarrfadh sibh ar an Athair i mʼainm,
go dtabharfadh sé daoibh é.
17Is iad seo mʼaitheanta daoibh:
sibh a thabhairt grá dá chéile.
An Saol
18“Má thugann an saol fuath daoibh,
bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath dom-sa romhaibh.
19Dá mba den saol sibh
bheadh cion ag an saol ar a chuid féin.
Ach de bhrí nach den saol sibh
ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol,
uime sin atá fuath ag an saol daoibh.
20Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh:
‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir.
Má rinne siad géar-leanúint orm-sa,
déanfaidh siad géar-leanúint oraibhse chomh maith.
Má choinnigh siad mo bhriatharsa,
coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.
21Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh,
ar son mʼainm-se,
mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.
22Mura dtiocfainn agus labhairt leo,
ní bheadh peaca orthu.
Ach anois níl leithscéal acu i dtaobh a bpeaca.
23An té ar fuath leis mise,
is fuath leis mʼAthair chomh maith.
24Mura ndéanfainn na hoibreacha ina measc,
nach ndearna aon duine eile,
ní bheadh peaca orthu.
Ach anois chonaic siad, agus is fuath leo,
mise agus mʼAthair, in éineacht.
25Ach ionas go gcomhlíonfar an focal
atá scríofa sa dlí acu:
‘Thug siad fuath dom gan chúis.’
26Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide
a chuirfidh mé chugaibh ón Athair,
Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair,
déanfaidh sé fianaise orm.
27Déanann sibh-se fianaise freisin,
mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach.
Markert nå:
Eoin 15: ABN2012
Marker
Del
Kopier
Vil du ha høydepunktene lagret på alle enhetene dine? Registrer deg eller logg på
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.