Eoin 13

13
Íosa ag Ní Cosa a Dheisceabal
1Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta. 2Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é– 3ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach uile ní tugtha isteach ina lámha dó, ag an Athair, agus gur ó Dhia a ghabh sé amach, agus gur ar Dhia a bhí a thriall, 4mʼéirigh sé ón suipéar, agus leag sé uaidh a chuid éadaigh, agus cheangail sé tuáille faoina choim. 5Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ní chosa na ndeisceabal agus dá dtriomú leis an tuáille a bhí faoina choim. 6Tháinig sé chomh fada le Síomón Peadar agus dúirt seisean leis: “Tusa a ní mo chos-sa, a Thiarna!” 7Dʼfhreagair Íosa é: “Ní fios duit anois cad tá ar siúl agam,” ar sé leis, “ach tuigfidh tú ar ball é.” 8Dúirt Peadar leis: “Ní nífidh tú mo chosa-sa choíche!” Dʼfhreagair Íosa é: “Mura ndéanfaidh mé thú a ní, ní bheidh aon chuid agat díom.” 9Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, ní hamháin mo chosa, ach nigh fós mo lámha agus mo cheann!” 10Dúirt Íosa leis: “Duine tar éis a fholctha, ní gá dó a ní ach a chosa; tá sé glan go hiomlán. Agus tá sibh-se glan, ach níl gach duine agaibh glan.” 11Mar bhí a fhios aige cé a bhí chun é bhrath; sin é an fáth a ndúirt sé: “Níl gach duine agaibh glan.”
12Ansin, tar éis dó a gcosa a ní, agus a chuid éadaigh a chur air, shuigh sé chun boird arís agus dúirt sé leo: “An dtuigeann sibh cad tá déanta agam daoibh? 13Deir sibh: ‘A Mháistir’ liom agus ‘A Thiarna’, agus is le ceart é, óir is mé sin. 14Má rinne mise bhur gcosa a ní agus gur mé bhur dTiarna agus bhur Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní. 15Tá sampla tugtha agam daoibh, faoi mar atá déanta agam daoibhse, go ndéanfadh sibh-se mar an gcéanna.
16Áiméan, Áiméan, deirim libh,
níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir,
ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é.
17Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh
má dhéanann sibh iad.
18“Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfar an scrioptúr: ‘An té a dʼith arán liom, dʼardaigh sé a sháil i mo choinne.’
19Táim dá insint sin daoibh anois,
roimh ré, sula dtarlaíonn sé,
i dtreo, nuair a tharlóidh sé,
go gcreidfidh sibh gur mise é.
20Áiméan, Áiméan, deirim libh,
an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim,
is mise a ghlacann sé;
agus an té a ghlacann mise,
glacann sé an té a chuir uaidh mé.”
Feall
21Ar rá na cainte sin dʼÍosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: “Áiméan, Áiméan, deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath.” 22Dʼfhéach na deisceabail ar a chéile ansin agus iad in amhras i dtaobh cé air ar labhair sé. 23Bhí ina luí agus a cheann in ucht Íosa, duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó. 24Rinne Síomón Peadar comharthaí sóirt leis sin dá bhrí sin agus dúirt: “Fiafraigh cé hé a deir sé.” 25Luigh seisean mar sin ar bhrollach Íosa agus dúirt leis: “Cé hé féin, a Thiarna?” 26Dʼfhreagair Íosa dá bhrí sin: “An té dá dtabharfaidh mise an bruar aráin a thumfaidh mé, sin é é.” Ansin thum sé an bruar agus thug sé dʼIúdás mac Shíomóin Isceiriót é. 27Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: “A bhfuil agat dá dhéanamh, déan go tapa é!” 28Ní raibh a fhios ag aon duine den chuideachta ag an mbord cad chuige a ndúirt sé é sin leis; 29óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa dá rá léis: “Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht.” 30Thóg seisean an bruan dá bhrí sin agus dʼimigh sé amach gan mhoill. Bhí an oíche ann. 31Nuair a dʼimigh sé amach, dúirt Íosa:
“Tá glóir faighte ag Mac an Duine anois,
agus tá glóir faighte ag Dia ann.
32Má fuair Dia glóir ann,
tabharfaidh Dia glóir dó-san ann féin,
agus tabharfaidh sé glóir dó gan mhoill.
Comhráite Deiridh
33A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair.
Beidh sibh ar mo lorg,
agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh,
deirim libh-se arís:
‘An áit ina bhfuilim-se ag dul
ní féidir daoibhse teacht.’
34Tá aithne nua dá tabhairt agam daoibh,
go dtabharfadh sibh grá dá chéile;
faoi mar a thug mise grá daoibhse,
go dtabharfadh sibh-se grá dá chéile.
35As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liom-sa sibh
má bhíonn grá agaibh dá chéile.”
36Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?” Dʼfhreagair Íosa é: “Mar a bhfuilim-se ag dul, ní féidir duit-se mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí.”
37Dúirt Peadar leis: “A Thiarna, cad chuige nach féidir dom thú a leanúint anois? Tabharfaidh mé mʼanam ar do shon.” 38Dʼfhreagair Íosa: “An dtabharfaidh tú dʼanam ar mo shon? Áiméan, Áiméan, deirim leat, ní ghlaofaidh an coileach sula séanfaidh tú mé trí huaire!

Markert nå:

Eoin 13: ABN2012

Marker

Del

Kopier

None

Vil du ha høydepunktene lagret på alle enhetene dine? Registrer deg eller logg på