1
Matha 26:41
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Déanaidh faire agus bidhidh ag guidhe, chum nach rachaidh sibh i gcathú: bíonn an spioraid toilteanach, acht bíonn an cholann lag.
Vergelijk
Ontdek Matha 26:41
2
Matha 26:38
Annsin adubhairt sé leo, Atá brón mór ar m’anam go ponnc an bháis: fanaidh‐se annso, agus déanaidh faire mar aon liom.
Ontdek Matha 26:38
3
Matha 26:39
Agus d’imthigh sé uatha achar beag, agus do thuit sé ar a aghaidh, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, má’s féidir é, gabhadh an cupán so uaim: ná déantar, ámh, mar is toil liom‐sa, acht mar is toil leat‐sa.
Ontdek Matha 26:39
4
Matha 26:28
óir is í seo m’fhuil, fuil an tiomna nua, doirtear ar son móráin chum maitheamhnais na bpeacadh.
Ontdek Matha 26:28
5
Matha 26:26
Agus le linn dóibh bheith ag ithe, do ghlac Íosa arán, agus do bheannuigh, agus do bhris sé é; agus thug sé d’á dheisceablaibh é, agus adubhairt, Glacaidh, agus ithidh é; is é seo mo chorp.
Ontdek Matha 26:26
6
Matha 26:27
Agus do thóg sé cupán, agus do ghabh sé buidheachas, agus thug sé dhóibh‐sean é, g‐á rádh, Ólaidh uile as so
Ontdek Matha 26:27
7
Matha 26:40
Agus tháinig sé chum na ndeisceabal, agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, agus adubhairt sé le Peadar, An amhlaidh nár fhéadabhar faire uaire amháin do dhéanamh mar aon liom?
Ontdek Matha 26:40
8
Matha 26:29
Acht adeirim libh, Ní ólfad feasta de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad go nua é mar aon libh‐se i ríoghacht m’Athar.
Ontdek Matha 26:29
9
Matha 26:75
Annsin do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt Íosa, Sara nglaodhfaidh an coileach, séanfair‐se mé fá thrí. Agus d’imthigh sé amach, agus do chaoi sé go géar, brónach.
Ontdek Matha 26:75
10
Matha 26:46
Éirighidh, bímís ag gluaiseacht: féach, an té bhraithfeas mé, atá sé i bhfogas dúinn.
Ontdek Matha 26:46
11
Matha 26:52
Annsin adubhairt Íosa leis, Cuir do chlaidheamh ar ais ’n‐a ionad: óir gach duine ghlacas an claidheamh, is le claidheamh thuitfeas sé.
Ontdek Matha 26:52
Thuisscherm
Bijbel
Leesplannen
Video's