1
Lúcás 8:15
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
Agus maidir leis an méid atá in ithir mhaith, is é sin an dream a chluineas an briathar agus a mbíonn greim docht acu air go hionraic dea-chroíoch, agus a thugas toradh de bharr a bhfoighne.
तुलना
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 8:15
2
Lúcás 8:14
Agus an méid a thit i measc na ndriseog, sin an dream a éisteas, ach nuair a théann siad ar aghaidh tachtann imní agus saibhreas agus pléisiúir an tsaoil seo iad, agus ní aibíonn a dtoradhsan.
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 8:14
3
Lúcás 8:13
Agus an chuid atá ar an gcarraig, sin an dream a ghabhas go háthasach leis an mbriathar chomh luath agus a chluineas siad é; ach níl an fhréamh acu siúd, ní mhaireann a gcreideamhsan ach seal, ach loiceann siad in am an chathaithe.
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 8:13
4
Lúcás 8:25
Agus ar seisean leo, “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Agus bhí eagla orthu, agus rinne siad iontas de, á rá le chéile, “Cé an sórt duine é seo, go n‑ordaíonn sé go fiú don ghaoth agus don uisce, agus go n‑umhlaíonn siad dó?”
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 8:25
5
Lúcás 8:12
An chuid atá ar fud an chosáin is é sin an dream a éisteas; agus tagann an diabhal ansin go mbaineann an briathar amach as a gcroíthe ionas nach gcreide siad agus nach slánófar iad.
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 8:12
6
Lúcás 8:17
Mar ní chuirtear ní i bhfolach nach nochtfar, mar níl rún ann nach mbeidh ar eolas agus nach bhfionnfar.
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 8:17
7
Lúcás 8:47-48
Agus nuair a chonaic an bhean nárbh fhéidir a ceilt níos faide, tháinig sí agus í ar aon bhall creatha, agus thit síos roimhe gur fhoilsigh i láthair an tslua cad chuige ar leag sí a lámh air, agus cad é mar a leigheasadh í ar an toirt. Agus dúirt sé léi, “A iníon liom, leigheas do chreideamh thú; imigh leat faoi shíocháin.”
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 8:47-48
8
Lúcás 8:24
Agus chuaigh siad gur mhúscail siad é á rá leis, “A Mháistir, a Mháistir, táimid caillte!” Agus mhúscail sé agus bhagair sé ar an ngaoth agus ar na tonnta tréana; agus stad siad agus bhí ciúnas ann.
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 8:24
होम
बाइबल
योजनाहरू
भिडियोहरू