1
Lúcás 6:38
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
tugaigí uaibh, agus tabharfar daoibh; roinn fhial fhlaithiúil, a dhingfear agus a chroithfear go gcuire sé thar bhruacha, a dhoirtfear isteach in bhur n‑ucht. Mar tomhaisfear chugaibh de réir an tomhais a thugann sibh uaibh.”
तुलना
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 6:38
2
Lúcás 6:45
Tugann an dea-dhuine an dea-rud amach ón dea-stór atá aige ina chroí istigh, agus tugann an drochdhuine an drochrud amach ón olc atá ann istigh; mar labhraíonn a bhéal ar an ní a líonas a chroí.
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 6:45
3
Lúcás 6:35
Ach bíodh grá agaibhse do bhur naimhde, agus déanaigí an mhaith, agus tugaigí ar iasacht gan súil le haon ní a fháil ar ais; agus is mór an luach saothair a bheas agaibh, agus sibh in bhur gclann mhac ag an Té is Airde; an Té sin a bhíos go maith do lucht an mhíbhuíochais agus an oilc.
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 6:35
4
Lúcás 6:36
Bígíse trócaireach, mar atá bhur nAthairse trócaireach.
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 6:36
5
Lúcás 6:37
“Ná tugaigí breith, agus ní thabharfar breith oraibh; ná daoraigí aon duine, agus ní dhaorfar sibhse; tugaigí maithiúnas, agus maithfear daoibh
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 6:37
6
Lúcás 6:27-28
“Ach deirim é seo libh, an méid atá ag éisteacht liom, Tugaigí grá do bhur naimhde, déanaigí an mhaith do lucht bhur bhfuatha, beannaígí an dream a chuireas a mallacht oraibh, déanaigí urnaí ar son an dreama a bhíos ag fonóid oraibh.
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 6:27-28
7
Lúcás 6:31
Déanaigí leis na daoine go díreach mar ba mhaith libh iad a dhéanamh libh.
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 6:31
8
Lúcás 6:29-30
Nuair a thugann duine buille boise duit ar an leiceann, tabhair an leiceann eile dó freisin; agus ná ceil do léine ar an té a thógas dʼfhallaing uait. Tabhair uait don uile dhuine a iarras ort; agus ná hiarr ar an té a bheireas a bhfuil agat uait é a thabhairt ar ais.
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 6:29-30
9
Lúcás 6:43
“Mar ní bhíonn dea-chrann ann a thugas drochthoradh, nó drochchrann ann a thugas dea-thoradh
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 6:43
10
Lúcás 6:44
mar aithnítear crann ar a thoradh féin. Ní bhaintear figí ó sceacha, ná caora fíniúna ó dhriseoga.
अन्वेषण गर्नुहोस् Lúcás 6:44
होम
बाइबल
योजनाहरू
भिडियोहरू