Agus thug sé leis é gur thug sé go hIarúsailéim é, agus chuir sé é ar bheann an teampaill, go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, caith síos as sin thú féin; mar tá sé scríofa,
‘Cuirfidh sé do chúram ar a aingil, le bheith do do choimeád,’
agus
‘Tógfaidh siad ar a mbosa thú,
ar eagla go mbuailfeá do chos in éadan cloiche.’”
Agus dʼfhreagair Íosa é, agus dúirt sé, “Tá sé ráite, ‘nach gcuirfidh tú cathú ar do Thiarna agus ar do Dhia.’”