“Bígí ar bhur bhfaichill roimh na scríobhaithe, an dream a dtaitníonn sé leo bheith ag siúl thart in éadaí fada, agus daoine ag beannú dóibh i sráid an mhargaidh, agus na suíocháin is fearr sa tsionagóg agus an áit is onóraí ar fhéasta, an dream a shlogas tithe na mbaintreach i gcraos bréagach na síorphaidreoireachta. Níl daorbhreith is troime ná an bhreith a thabharfar orthu siúd.”