Mar cé agaibh ar mhian leis túr a thógáil, nach suíonn síos an chéad uair leis an gcostas a chomhaireamh, go bhfeice sé an bhfuil go leor aige lena chríochnú? Mura ndéanann sé sin, beidh an dúshraith curtha aige, agus gan cumas aige lena chríochnú, agus níl duine dá bhfeicfidh é nach dtosnóidh ar mhagadh faoi, agus iad á rá, ‘Seo duine a thosaigh ar thógáil, agus nár fhéad a chur i gcrích.’