Ghlac Íosa na builíní ansin, agus dʼaltaigh sé iad, agus roinn sé iad ar a raibh ina suí; agus mar an gcéanna leis na héisc, an méid a bhí uathu. Nuair a bhí a ndóthain ite acu, dúirt sé lena dheisceabail, “Cruinnígí an fuílleach atá fágtha, ionas nach dté aon ní amú.”