Lúcas 2
2
Caibidil II
Beirṫear Críosd, 13 molaḋ na naingil, 28 agus Sinmeon, 36 ré fáiġeadoireaċt Anna.
1Agus tárla ann sna láeṫiḃ sin, go ndeaċuiḋ áiṫne ó Ṡéasar Augustus, an doṁan uile do ṁeas, 2(Ag so an céudṁeas do rinneaḋ an tan do ḃi Sirénius na úaċdarán ar Ṡíria.) 3Agus do ċúadar eile ḋá meas, gaċ áon fá leiṫ ḋá ċaṫruiġ féin, 4Agus do ċúaiḋ Ióseṗ mar an gcéudna súas ón Ġalilé, as an gcaṫraiġ Nasarét, go tír Iúdaiġe, go caṫruiġ Ḋaiḃi, dá ngoirṫear Bétleem; do ḃríġ go raiḃ sé do ṫiġ agus do ṡlioċd Ḋáiḃí: 5Ionnus go measfuiġ é maille ré Muire do ḃi ar na ceangal ris mar ṁnáoi, ar mbeiṫ ḋi torraċ. 6Agns tárla, ar mbeiṫ ḋóiḃ ann sin, go dtangadar laéṫe a hionḃuiḋsean. 7Agus rug sí mac a céudduine cloinne, agus do ċuir sí giobuil ċeangail na ṫimċeall, agus do ċuir sí na luiġe a mainséur é; do ḃríġ naċ raiḃ ait aca sa tiġ ósda.
8Agus do ḃádar áoḋairiḋe sa dúiṫċe sin na gcoṁnuiḋe a muiġ, agus ag déanaṁ faire oiḋċe ar a dtréd. 9Agus, féuċ, do ṡeas aingeal an Tiġearna láiṁ léo, agus do ṡoillsiġ ġlóir an Tiġearna na dtimċeall: agus do ġaḃ eagla ṁór íad. 10Agus a duḃairt an taingeal riú, Na bíoḋ eagla oruiḃ: óir, feuċ, a táim ag soisgéuluġaḋ ḋíḃ gáirdeaċus mór, noċ ḃías do gaċ uile ṗobal. 11Oír rugaḋ an Slánuiġṫeoir ḋáoiḃ a niu, (éaḋon Críosd an Tiġearna,) a gcaṫruiġ Ḋáiḃí. 12Agus ag so coṁarṫa ḋíḃ; Do ġéuḃṫáoi an leanaḃ ceanguilte a ngiobluiḃ, na luiġe a mainnséur. 13Agus do ḃí go hobann cuideaċda ṁór do ṡlúaġ neaṁḋa a ḃfoċair an aingil ag molaḋ Dé, agus ag ráḋ, 14Glóir do Ḋía ann sna hárduiḃ, agus síoḋċáin ar an dtalaṁ, deaġṫoil do na dáoiniḃ.
15Agus tárla, mar do imṫiġeadar na haingil úaṫa ar neaṁ, go nduḃradar na háoḋairiḋe ré ċéile, Imṫiġeam anois don Ḃetléem, agus féuċam an ní so do rinneaḋ, noċ do ḟoillsiġ an Tiġearna ḋúinn. 16Agus tangadar go deiṫneasaċ, agus fuaradar Muire agus Ióseṗ, agus an náoiḋe na luiġe a mainnséur. 17Agus an tráṫ do ċonncadar sin, do aiṫriseadar an ní a duḃraḋ riú a dtimċeall an leiniḃsin. 18Agus na huile ḋáoine da gcúaliḋ so do ġaḃ iongantus íad fá na neiṫeiḃ a duḃradar na háoḋairiḋe ríu. 19Aċd do ṫaisgiḋ Muire na bríaṫrasa uile, dá mbreaṫnuġaḋ ann a croiḋe. 20Agus do ḟilleadar na háoḋairiḋe, ag taḃairt glóire agus ag molaḋ Dé tré gaċ ní da gcúaladar agus da ḃfacadar, mar a duḃraḋ riú.
21Agus an tan do coiṁlíonaḋ oċd lá ċum an leiniḃ do ṫimċeallġerraḋ, tugaḋ IOSA mar ainm air, éaḋon an tainm do ġoir an taingeal de suil do ġeineaḋ a mbroinn é.
22Agus an tan do coiṁlíonaḋ laéṫe glanta Ṁuire do réir reaċda Ṁáoisi, rugadar léo go Hiarusaléim é, da ṫaisbéanaḋ don Tiġearna; 23(Mar a tá scrioḃṫa a reaċd an Tiġearna, Gaċ céudġein ṁic ṫuismeas brú bíaiḋ sé náoṁṫa don Tiġearna;) 24Agus do ṫaḃairt ofrála, do réir mar a dearṫar a reaċd an Tiġearna, Cúpla turtair, nó ḋa ġeirrceaċ coluim.
25Agus, féuċ, do ḃí duine a Níarusaléim, dár ḃainm Símeon; agus do ḃí an fearso coṁṫrom diaḋa, agus a ṡúil ré coṁḟurtaċd Israel: agus do ḃí an Spíorad Náoṁ ann, 26Agus do ḟoillsiġ an Spiorad Náoṁ ḋó, naċ ḃfaicfeaḋ sé bás, nó go ḃḟaicfeaḋ sé Criosd an Tiġearna, 27Agus táinic sé maille ré tréoir na Spioraide don teampoll: agus an tan ṫug a aṫair agus a ṁáṫair an leanaḃ Iósa, do ċum go ndéanaídis ar a ṡon do réir gnáṫuiġṫe an dliġe, 28Ann sin do ġaḃ seision ċuige ann a uċd é, agus do ṁol sé Día, agus a duḃairt sé, 29A Ṫiġearna, a nois leigeas tú dod ṡearḃḟoġantuiḋe imṫeaċd a síoḋċain, do réir tḟocailféin: 30Oir do ċonncadar mo ṡúile do ṡlánuġaḋsá, 31Noċ do ullṁuiġ tú a ḃfíaḋnuisi na nuile ṗobal. 32Solus do ḋéunaḋ soillsi do na Cineaḋaċuiḃ, agus glóir do ṗobail féin Israél. 33Agus do ġaḃ iongantus Ióseṗ agus a ṁáṫairsion fá na neiṫiḃ a duḃhraḋ na ṫimċeall.
34Agus do ḃeannuiġ Símeon íad, agus a duḃairt sé ré Muire a ṁaṫairsion, Féuċ, a tá sé so ar na órduġaḋ do ċum tuitme agus eiséirġe ṁóráin a Nisraél; agus na ċoṁarṫa agá gcuirfiṫear na aġaiḋ; 35(Agus fós, raċaiḋ cloiḋ éaṁ tré ṫanamsa mar an gcéudna,) do ċum go noċdfuiḋe smúaintiġṫe as mórán do ċroiḋiḃ.
36Agus fós do ḃí Anna, banḟáiḋ, inġean Ṗánuel, do ṫreiḃ Aser: do ḃi aois ṁór aiceso, tár éis seaċd mblíaḋna do ċaiṫeaṁ ḋi ag fear a ndiáiġ a maiġdeannis; 37Agus ar mbeiṫ na baintreaḃuiġ a dtiniċeall ċeiṫre mblíaḋan agus ċeiṫre tiċid ḋi, níor ḟág sí an teampoll, aċd ag déunaṁ seirḃísí do Ḋía do ló agus doiḋċe le trosgaḋ agus lé húrnuiġṫe. 38Agus táinic so do láṫair ar an úair gcéudna agus dadṁuiġ sí na ṫimċeall ré gaċ áon agá raiḃ súil ré fúasglaḋ an Iarusaléim.
39Agus mar do ċríoċnuiġeadar gaċ uile ni do réir reaċda an Ṫiġearna, do ḟilleadar don Ġalilé, da gcaṫruiġ féin Násarét. 40Agus do ḟás an macaoṁ, agus do neartuiġeaḋ é a spioraid, agus do ḃí sé lán deagna: agus do ḃí grása Dé maille ris.
41Agus do ġnáṫuiġeaġ a aṫair agus a ṁáṫair dul gaċ a blíaḋna go Híarusaléim a sollamuin na cásg. 42Agus ar mbeiṫ ḋá ḃliaḋan déug ḋo, do ċuadar suas go Híarusaléim, do réir ġnáṫuiġṫe na sollamna. 43Agus ar geríoċnuġaḋ na, láeṫeaḋ sin, an tan do ḟilleadarsan, dfan anleanaḃ Iósa a Níarusaléim; gan ḟios do Ióseṗ ná ḋá ṁáṫair. 44Agus, an tan do ṡaóileadar go raiḃ sé na gcuideaċda, do ṡioḃladar asdar laoi; agus diarradar é a measg a ndaoine gaoil agus aiṫeanta. 45Agus an tan naċ ḃfúaradar é, do ḟilleadar arís go Híarusaléim, ḋá iarruiġ.
46Agus tárla, trí lá dá éis sin, go ḃfúaradar é ann sa teampoll, na ṡuiḋe a measg na ndoctúireaḋ, ag éisdeaċd ríú, agus ag cur ċeasd orṫa. 47Agus do ġaḃ iongnaḋ gaċ uile ḋuine dá gcúalaiḋ é fá na ṫuigsin agus fá na ḟreagarṫaiḃ. 48Agus ar na ḟaicsin dóiḃ, do ġaḃ úaṫḃás iad: agus a duḃairt a ṁáṫair ris, A ṁic, créd fá ndearna tú mar so rinn? Féuċ, do ḃí misi agus daṫair lán do ḋoḃron dod lordaireaċd. 49Agus a duḃairt seision ríu, Créd fá raḃaḃair dom lorgaireaċdsa? An né naċ raiḃ a ḟios agaiḃ gur ḃéigin daṁsa ḃeiṫ ag déanaṁ ġnóḋaiġṫe Maṫar? 50Aċd níor ṫuigeadarsan na briaṫra do laḃair se ríu. 51Agus do ċuáiḋ sé léo síos, agus táinic sé go Násaret, agus do ḃí sé uṁal dóiḃ: agus do ṫaisgiḋ a ṁáṫair na briaṫra so uile an a croiḋe. 52Agus dó ḃí Iósa ag fás an eagna, agus a naóis, agus a ngean ag Día agus ag daóiniḃ.
လက်ရှိရွေးချယ်ထားမှု
Lúcas 2: BedellG
အရောင်မှတ်ချက်
မျှဝေရန်
ကူးယူ

မိမိစက်ကိရိယာအားလုံးတွင် မိမိအရောင်ချယ်သောအရာများကို သိမ်းဆည်းထားလိုပါသလား။ စာရင်းသွင်းပါ (သို့) အကောင့်ဝင်လိုက်ပါ
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.