1
Lúcás 6:38
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
maithidh, agus maithfear daoibh: tabhraidh uaibh, agus do‐bhéarfar daoibh; tómhas lán, dingthe, croithte, ag cur thar maol, is eadh thiubhras siad daoibh ’n‐bhúr n‐ucht. Óir an tómhas le n‐a dtómhaiseann sibh, is leis tómhaisfear ar ais chugaibh.
ႏွိုင္းယွဥ္
Lúcás 6:38ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
2
Lúcás 6:45
Do‐bheir an deagh‐dhuine an deagh‐nidh amach as deagh‐stór a chroidhe; agus do‐bheir an droch‐dhuine an droch‐nidh amach as droch‐stór a chroidhe: óir as líonmhaireacht an chroidhe is eadh labhras a bhéal.
Lúcás 6:45ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
3
Lúcás 6:35
Acht tabhraidh‐se grád do bhúr náimhdibh, agus déanaidh maith, agus tabhraidh iasacht uaibh gan bheith ag súil le h‐aiseag; agus béidh bhúr luaigheacht an‐mhór, agus béidh sibh ’n‐bhúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le lucht an díombuidheachais agus le droch‐dhaoinibh.
Lúcás 6:35ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
4
Lúcás 6:36
Bidhidh trócaireach, d’á bhrigh sin, fá mar atá bhúr nAthair trócaireach.
Lúcás 6:36ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
5
Lúcás 6:37
Agus ná beiridh breith, agus ní béarfar breith oraibh: agus ná daoraidh, agus ní daorfar sibh
Lúcás 6:37ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
6
Lúcás 6:27-28
Acht adeirim libh‐se atá ag éisteacht liom, Tabhraidh grádh do bhúr náimhdibh, déanaidh maith dhóibh‐sean do‐bheir fuath dhaoibh. Tabhraidh beannacht dóibh‐sean do‐bheir mallacht daoibh, déanaidh guidhe ortha‐san do‐ghní tromaidheacht oraibh.
Lúcás 6:27-28ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
7
Lúcás 6:31
Agus fá mar ba mhaith libh do‐ghéanadh daoine dhaoibh, déanaidh‐se mar an gcéadna dhóibh‐sean.
Lúcás 6:31ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
8
Lúcás 6:29-30
An té bhuaileas thú ar leacain leat, iompuigh chuige an leaca eile, leis; agus an té bhaineas do bhrat díot ná h‐eitigh do chasóg air, chómh maith. Tabhair dó‐san iarras nidh ort; agus an té thógas do chuid uait, ná h‐éiligh air arís é.
Lúcás 6:29-30ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
9
Lúcás 6:43
Óir ní fhuil crann maith do‐bheir droch‐thoradh; ná droch‐chrann do‐bheir toradh maith.
Lúcás 6:43ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
10
Lúcás 6:44
Óir as a thoradh is eadh aitheantar gach crann. Óir ní bailightear figí de dheilgnigh, ná ní bailightear caora fíneamhna de dhriseoig.
Lúcás 6:44ရွာေဖြေလ့လာလိုက္ပါ။
ပင္မစာမ်က္ႏွာ
က်မ္းစာ
အစီအစဥ္
ဗီဒီယို