Geineasas 32
32
Iacób ag Beartú Bualadh le hÉasau
1Agus Iacób ar an tslí ar aghaidh, bhuail aingil ó Dhia leis, 2agus ar a bhfeiceáil do Iacób dúirt sé: “Seo é campa Dé!” agus thug sé Machanáim mar ainm ar an áit. 3Agus sheol Iacób teachtairí roimhe chun a dhearthár Éasau i dtír Shaeír i gcríocha Eadóm, 4á ordú dóibh: “Seo mar a déarfaidh sibh le mo mháistir Éasau: ‘Seo mar a deir Iacób: D'fhan mé ar deoraíocht go dtí seo le Lábán, 5agus tá seilbh faighte agam ar eallach agus asail agus tréada, agus ar dhaoir agus daoirseacha. Tá scéala á chur agam ina thaobh seo go dtí mo mháistir le súil go bhfaighinn fabhar i do radharc.’ ” 6D'fhill na teachtairí ar Iacób á rá: “Chuamar go dtí do dheartháir Éasau, agus tá sé ar an mbealach chugat cheana féin agus ceithre chéad fear leis.” 7Bhuail eagla agus corrabhuais mhór Iacób agus roinn sé an mhuintir a bhí fairis agus a thréada agus a tháinte agus a chamaill ina dhá mbaicle 8á rá: “Má thagann Éasau ar bhaicle acu agus iad a scrios, tiocfaidh an bhaicle eile, a fhágfar, slán.” 9Dúirt Iacób: “A Dhia m'athar Abrahám, agus a Dhia m'athar Íosác, a Thiarna a dúirt liom: ‘Fill ar do thír féin agus ar do ghaolta, agus cuirfidh mé conách ort,’ 10ní fiú mé aon phioc den chineáltas buan ná den dílseacht a thaispeáin tú do do shearbhónta. Óir ní raibh agamsa ach mo bhata nuair a ghabh mé thar an Iordáin anseo, agus anois is líon dhá bhaicle mé. 11Saor mé, impím ort, ó láimh mo dhearthár, ó láimh Éasau, mar is eagal liom é; is baol go n‑ionsóidh sé sinn agus sinn go léir a dhíothú, na leanaí agus a máithreacha chomh maith. 12Gheall tú féin dom: ‘Cuirfidh mé bail ort agus déanfaidh mé do shliocht chomh líonmhar le gaineamh na trá nach féidir a áireamh ar a líonmhaire.’ ” 13Ansin d'fhan Iacób thar oíche san áit sin agus roghnaigh sé bronntanas dá dheartháir as a raibh aige - 14dhá chéad minseach agus fiche pocán, dhá chéad caora agus fiche reithe, 15tríocha camall bleacht agus a mbromaigh, daichead bó agus deich dtarbh, fiche asal baineann agus deich stail. 16Chuir sé a shearbhóntaí ina bhfeighil, gach tréad leis féin, agus dúirt sé lena shearbhóntaí: “Gabhaigí ar aghaidh romham agus fágaigí slí idir gach tréad agus an ceann ina dhiaidh.” 17Thug sé ordú don chéad duine: “Nuair a bhuailfidh mo dheartháir Éasau leat agus go bhfiafróidh sé: ‘Cé leis tú? Cá bhfuil do thriall? Cé leis an táin seo romhat?’ 18is é freagra a thabharfaidh tú: ‘Le do shearbhónta Iacób. Is bronntanas iad seo a seoladh chun mo thiarna Éasau. Tá Iacób féin ag teacht inár ndiaidh.’ ” 19Thug sé an t‑ordú céanna don dara duine agus don tríú agus do chách a bhí i ndiaidh na dtréad: “Sin é atá le rá agaibh nuair a chasfar Éasau oraibh,” ar sé. 20“Agus abraigí: ‘Tá do shearbhónta Iacób féin ag teacht inár ndiaidh chomh maith.’ ” Óir a dúirt sé leis féin: “Déanfaidh mé muintearas leis trí bhronntanas a chur chuige roimh ré; nuair a bhuailfidh mé leis béal ar bhéal, b'fhéidir go nglacfaidh sé liom le fabhar.” 21Ghabh an bronntanas ar aghaidh roimhe dá bhrí sin, agus d'fhan sé féin sa champa an oíche sin.
Iacób ag Iomrascáil le Dia
22D'éirigh Iacób an oíche sin féin agus thug leis a bheirt bhan, a bheirt ionailt, a leanbh is deichniúr agus ghabh thar áth an Iaboc. 23Rug sé orthu agus sheol sé thar abhainn anonn iad agus sheol sé a mhaoin go léir anonn chomh maith. 24Agus fágadh Iacób ina aonar; agus bhí fear ag iomrascáil leis go breacadh an lae. 25Nuair a chonaic an fear go raibh ag dul de é a chloí, bhuail sé buille ar Iacób i log a chromáin agus cuireadh cromán Iacób as alt san iomrascáil leis. 26“Scaoil liom,” ar sé, “mar tá an lá ag breacadh.” “Ní scaoilfidh mé,” arsa Iacób á fhreagairt, “mura gcuirfidh tú do bheannacht orm.” 27D'fhiafraigh sé ansin: “Cad is ainm duit?” “Iacób,” ar sé. 28“Ní Iacób a bheidh ort feasta,” ar sé, “ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.” 29Chuir Iacób ceist air ansin: “Inis dom, le do thoil, cad is ainm duit.” Ach dúirt seisean: “Cén fáth m'ainm a fhiafraí díom?” Agus thug sé a bheannacht dó ansin. 30Thug Iacób dá bhrí sin Panúéil ar an áit, “mar,” ar sé, “chonaic mé Dia gnúis le gnúis agus mairim beo.” 31D'éirigh an ghrian air agus é ag dul thar Panúéil agus coiscéim bhacaí ann de bharr a chromáin. 32Uime sin go dtí an lá inniu féin ní itheann na hIosraelaigh féithleog an chromáin atá i log na ceathrún mar gur bhuail sé buille ar Iacób i log a cheathrún i bhfeithleog an chromáin.
Terpilih Sekarang Ini:
Geineasas 32: ABN
Highlight
Kongsi
Salin

Ingin menyimpan sorotan merentas semua peranti anda? Mendaftar atau log masuk
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.