Marcus 13
13
1Agus nuair do ḃí sé ag dul amaċ as an teampall, aduḃairt duine d’á ḋeisceablaiḃ leis, A Ṁáiġistir, féaċ, Naċ breáġ na cloċa, agus naċ breáġ na foirniġṫe iad! 2Agus aduḃairt Íosa leis, An ḃfeiceann tú na foirgniġṫe móra so? ní fágfar cloċ ar muin cloiċe ḋíoḃ annso naċ leagfar.
3Agus ’n‐a ṡuiḋe ḋó ar ċnoc na nOla‐ċrann os cóṁair an teampaill, d’ḟiafruiġ Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus Aindrias de, ar leiṫliġ, 4Innis dúinn, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe seo? agus cad é an cóṁarṫa ḃéas ann go ḃfuil na neiṫe seo uile ag teaċt ċum críċe? 5Agus do ṫosnuiġ Íosa ar a ráḋ leo, Taḃraiḋ aire naċ meallfaiḋ aoinneaċ siḃ. 6Tiocfaiḋ mórán daoine im’ ainm‐se, adéarfas, Is mise é; agus meallfaidsean mórán. 7Agus nuair do‐ċluinfiḋ siḃ tráċt ar ċogaiḋiḃ agus ráflaí ar ċogaḋ, ná bíoḋ buaiḋirt oraiḃ: caiṫfiḋ na neiṫe seo teaċt; aċt ní ḟuil an deireaḋ ann fós, 8Óir éireoċaiḋ cineaḋ i n‐aġaiḋ ciniḋ, agus ríoġaċt i n‐aġaiḋ ríoġaċta: béiḋ creaṫa talṁan ’n‐a lán áiteann; béiḋ gortai ann: tosaċ na buaiḋearṫa is eaḋ na neiṫe seo.
9Aċt taḃraiḋ‐se aire ḋaoiḃ féin: óir do‐ḃéarṫar siḃ i ḃfiaḋnaise na gcóṁairle; agus sciúrsálfar siḃ i sionagógaiḃ; agus seasfaiḋ siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ. 10Agus caiṫfear an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ ar dtús ar fud na gcineaḋ uile. 11Agus nuair ḃéas siad ’g‐ḃúr dtaḃairt ċum daorṫa, agus nuair ṫiuḃras siad ar láiṁ siḃ, ná cuireaḋ sé imniḋe oraiḃ roiṁ ré créad adéarfas siḃ: aċt an niḋ do‐ḃéarṫar daoiḃ ’n‐a am féin, abraiḋ é: óir ní siḃ‐se laḃras, aċt an Spiorad Naoṁ. 12Agus do‐ḃéarfaiḋ an dearḃráṫair a ḋearḃráṫair ċum báis, agus an t‐aṫair a ṁac; agus éireoċaiḋ an ċlann i n‐aġaiḋ a n‐aṫar agus a máṫar, agus imreoċaid bás orṫa. 13Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ ar son m’anma: aċt as té ḃéas buan‐tseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.
14Aċt nuair do‐ċífiḋ siḃ úr‐ġráin an léirscriosta ’n‐a seasaṁ san áit naċ dual (an té léiġeas, tuigeaḋ sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teiċidís ċum na gcnoc: 15agus an té atá ar ṁullaċ an tiġe, ná tigeaḋ sé anuas, agus ná téiġeaḋ sé isteaċ le rud ar biṫ do ḃreiṫ leis: 16agus an té atá ar an maċaire, ná casaḋ sé ar ais le n‐a ḃrat do ṫógáil. 17Agus is mairg do na mnáiḃ torrċa, agus dóiḃ‐sean do‐ḃeir cíoċ ins na laeṫiḃ sin. 18Agus guiḋiḋ naċ sa ngeiṁreaḋ ṫiocfas sé. 19Óir béiḋ ins na laeṫiḃ sin cruaḋtan naċ raiḃ a leiṫéid ann ó do cruṫuiġ Dia an doṁan ar dtús go dtí anois, agus naċ mbéiḋ ann go bráṫ. 20Agus muna mbéaḋ go raiḃ na laeṫe ciorrḃuiġṫe ag an Tiġearna, ní ṫiocfaḋ aon duine slán as: aċt ar son na ḃfíréan atá toġṫa aige, do ċiorrḃuiġ sé na laeṫe. 21Agus annsin má adeir aoinneaċ liḃ, Féaċ, atá Críost annso; nó, Féaċ, atá sé annsúd; ná creidiḋ é: 22óir éireoċaiḋ Críostanna bréige agus fáiḋe bréige, agus taisbéanfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantais, d’ḟonn na fíréin féin do ṁeallaḋ, dá mb’ ḟéidir é. 23Aċt taḃraiḋ‐se aire: féaċ, atá gaċ niḋ mniste agam daoiḃ roiṁ ré.
24Aċt ins na laeṫiḃ sin, tar éis an anró sin, dorċóċaiḋ an ġrian, agus ní ṫiuḃraiḋ an ġealaċ a solas, agus béiḋ na réaltana ag tuitim ó’n spéir, 25agus na cuṁaċta atá ins na flaiṫeasaiḃ, béiḋ siad d’á luascaḋ. 26Agus annsin do‐ċifid Mac an Duine ag teaċt ins na scamallaiḃ le cuṁaċt ṁóir agus le glóir. 27Agus annsin cuirfiḋ sé a aingil amaċ, agus cruinneoċaiḋ sé a ḟíréin ó na ceiṫre gaoṫaiḃ, ó ḟír‐imeall an doṁain go fír‐imeall neiṁe.
28Foġlamaiḋ ceaċt ó’n gcrann fige: nuair ḃíos a ġéag bog, agus an duilleaḃar ag teaċt uirṫi, atá a ḟios agaiḃ go ḃfuil an saṁraḋ i aṫċom‐aireaċt: 29mar sin daoiḃ‐se, nuair do‐ċífiḋ siḃ na neiṫe seo ag teaċt ċum críċe, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil sé i ngar daoiḃ, sa doras féin. 30Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ḃéiḋ deireaḋ leis an díne seo nó go ndéantar na neiṫe seo uile. 31Raċaiḋ spéir agus talaṁ ar ceal: aċt ní raċaiḋ mo ḃriaṫra‐sa ar ceal. 32Aċt i dtaoḃ an lae úd, agus i dtaoḃ na h‐uaire úd, ní ḟuil a ḟios sin ag aoinneaċ, fiú aṁáin ag na h‐aingliḃ, ná ag an Mac, aċt aṁáin ag an Aṫair. 33Taḃraiḋ aire, biḋiḋ ag faire agus ag guiḋe: óir ní fios daoiḃ cá ḟaide go dtiocfaiḋ an t‐am. 34Mar do ḃéaḋ duine ag imṫeaċt i ḃfad ó ḃaile, d’ḟág a ṫeaċ, agus ṫug an cúram d’á ṡeirḃíseaċaiḃ, a ċuid féin de’n obair do gaċ duine aca, agus d’órduiġ do’n dóirseoir faire do ḋéanaṁ. 35Déanaiḋ‐se faire, d’á ḃriġ sin: óir ní ḟuil a ḟios agaiḃ cé an uair ṫiocfas fear an tiġe, um ṫráṫnóna, nó um uair an ṁeaḋon‐oiḋċe, nó ar ġlaoḋaċ an ċoiliġ, nó ar maidin; 36ar eagla dá dtigeaḋ sé go h‐obann, gur ’n‐ḃúr gcodlaḋ do‐ġeoḃaḋ sé siḃ. 37Agus an niḋ adeirim liḃ‐se, adeirim le cáċ é, Déanaiḋ faire.
Селектирано:
Marcus 13: JOYNTG
Нагласи
Сподели
Копирај

Дали сакаш да ги зачуваш Нагласувањата на сите твои уреди? Пријави се или најави се
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.