Ansan d’eiriġ Íosa suas, agus duḃairt sé leis an mnaoi: A ḃean, cá ḃfuil na daoine a ḃí ag cur ad’ leiṫ? An aṁlaiḋ nár ḋaor aoinne ṫu? Agus duḃairt sí: Níor ḋaor, a Ṫiġearna. Agus duḃairt Íosa: Ní ḋaorfad-sa ṫu aċ ċóṁ beag. Imṫiġ, agus as so amaċ ná dein an peaca airís.