1
Eóin 6:35
Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Ansan duḃairt Íosa leó: Mise arán na beaṫa; an t-é a ṫiocfaiḋ ċúġam-sa ní ḃeiḋ ocras air; agus an t-é a ċreidfiḋ ionam-sa ní ḃeiḋ tart air ċoiḋċe.
Спореди
Истражи Eóin 6:35
2
Eóin 6:63
Aċ má ḟeiceann siḃ Mac an Duine ag dul suas mar a raiḃ sé an dtúis?
Истражи Eóin 6:63
3
Eóin 6:27
Ná saoṫruiġiḋ an bia a ṫéiġeann ar neaṁníḋ, aċ saoṫruiġiḋ an bia marṫanaċ a ṫugann beaṫa ṡíoruiḋe, an bia a ṫaḃarfaiḋ Mac an Duine ḋaoiḃ. Óir is air sin a ċuir Dia, an t-Aṫair, séala.
Истражи Eóin 6:27
4
Eóin 6:40
Agus sidé toil m’ Aṫar, a ċuir uaiḋ me, gaċ duine a ċionn an Mac agus a ċreideann ann, an ḃeaṫa ṡíoruiḋe ḃeiṫ aige agus déanfad-sa é ṫógáil suas an lá déanaċ.
Истражи Eóin 6:40
5
Eóin 6:29
D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Sidí obair Dé, go gcreidfeaḋ siḃ san t-é a ċuir Dia uaiḋ.
Истражи Eóin 6:29
6
Eóin 6:37
Gaċ níḋ d’á ḃfuil taḃarṫa ḋóṁ-sa ag m’ Aṫair tiocfaiḋ sé ċúġam, agus an t-é a ṫiocfaiḋ ċúġam ní ċaiṫfead amaċ é.
Истражи Eóin 6:37
7
Eóin 6:68
Duḃairt Íosa d’á ḃríġ sin leis an dáréag: An maiṫ liḃ-se, leis, imṫeaċt?
Истражи Eóin 6:68
8
Eóin 6:51
Is mise an t-arán beó a ṫáinig anuas ó neaṁ.
Истражи Eóin 6:51
9
Eóin 6:44
Ní ḟéadfaiḋ aoinne teaċt ċúġam-sa gan an t-Aṫair a ċuir uaiḋ mé ’ġá ṫarang ċúġam, agus déanfad-sa é ṫógáil suas an lá déanaċ.
Истражи Eóin 6:44
10
Eóin 6:33
Óir isé arán Dé an t-arán a ṫagann anuas ó neaṁ agus a ṫugann beaṫa do’n doṁan.
Истражи Eóin 6:33
11
Eóin 6:48
Is mise arán na beaṫa.
Истражи Eóin 6:48
12
Eóin 6:11-12
Ansan do ṫóg Íosa an t-arán agus ġaiḃ sé buiḋeaċas agus do rainn sé é ar na daoine agus iad ’n-a suiḋe, agus na h-éisg ar an gcuma gcéadna, go raḃadar go léir sásta. Nuair a ḃíodar lán-tsásta duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Bailíġiḋ an mion-arán atá fágṫa, sar a raġaḋ sé amú.
Истражи Eóin 6:11-12
13
Eóin 6:19-20
Agus nuair a ḃí ċúig stada fiċid nó deiċ stada fiċid d’iomraṁ déanta acu do ċonacadar Íosa agus é ag siuḃal ar an ḃfaraige, i n-aice na luinge, agus ṫáinig sgannraḋ orṫa. Agus duḃairt sé leó: Mise atá ann; ná bíoḋ eagal oraiḃ.
Истражи Eóin 6:19-20
Дома
Библија
Планови
Видеа