YouVersion logotips
Meklēt ikonu

Maitiú 1

1
CAIBIDIOL I.
Geinealaċ Ċríost: do gaḃaḋ agus do rugaḋ é ó ṁaiġdin.
1Leaḃar geinealaiġ Íosa Críost ṁic Dáiḃid #1:1 mic Ábrahaim .i. de ṡlioċt Ábrahaim.mic Ábrahaim.
2Do ġein Ábraham Isaac. Agus do ġein Isaac Iácób, agus do ġein Iácób Iúdás agus a ḋriṫáraċa. 3Agus do ġein Iúdás Ṗáres agus Sára ó Ṫámar. Agus do ġein Ṗáres Esron. Agus do ġein Esron Aram. 4Agus do ġein Aram Aminadab. Agus do ġein Aminadab Naasson. Agus do ġein Naasson Salmon. 5Agus do ġein Salmon Boos ó Raċab. Agus do ġein Boos Obed ó Rút. Agus do ġein Obed Iesse. Agus do ġein Iesse Dáiḃid an rí. 6Agus do ġein Dáiḃid, an rí, Salomón ó’n mnaoi a ḃí ag Urias. 7Agus do ġein Salomón Robóam. Agus do ġein Robóam Abia. Agus do ġein Abia Asa. 8Agus do ġein Asa Iósaṗat. Agus do ġein Iósaṗat Ióram. Agus do ġein Ióram Ósias. 9Agus do ġein Ósias Ióatam. Agus do ġein Ióatam Aċas. Agus do ġein Aċas Esecias. 10Agus do ġein Esecias Manasses. Agus do ġein Manasses Amon. Agus do ġein Amon Iosias. 11Agus do ġein Iosias Ieċonias agus a ḋriṫáraċa i ndaor-ḃruid na Babilóine. 12Agus tar éis daor-ḃruide na Babilóine do ġein Ieċonias Salatiel. Agus do ġein Salatiel Sorobabel. 13Agus do ġein Sorobabel Abiud. Agus do ġein Abiud Eliacim. Agus do ġein Eliacim Asor. 14Agus do ġein Asor Sadoc. Agus do ġein Sadoc Aċim. Agus do ġein Aċim Eliud. 15Agus do ġein Eliud Eleásar. Agus do ġein Eleásar Matan. Agus do ġein Matan Iácób. 16Agus do ġein Iácób Ióseṗ, #1:16 Ver. 16. céile Ṁuire — Ṫug an Soisgéalaiḋe ḋúinn geinealaċ N. Ióseiṗ aṁáin, gan tráċt ar ġeinealaċ na Maiġdine, do réir nóis na n-Eaḃraċ. Aċ ó ḃí gaol gairid eatarṫa taisbeánann geinealaċ ḋuine acu geinealaċ an duine eile.céile Ṁuire, ó n-ar rugaḋ Íosa d’á ngoirtear Críost.
17D’á ḃríġ sin na geinealaċa go léir ó Ábraham go dtí Dáiḃid is ċeiṫre glúine déag iad. Agus ó Ḋáiḃid go dtí daor-ḃruid na Babilóine ċeiṫre glúine déag. Agus ó ḋaorḃruid na Babilóine go dtí Críost ċeiṫre glúine déag.
18Agus seo mar a ṫárla geineaṁaint Ċríost. #Lúc. 1:27.Nuair a tugaḋ a ṁáṫair Muire, i gcuing ṗósta, do Ióseṗ, agus roim ṫeaċt d’á ċéile ḋóiḃ, do fuaraḋ go raiḃ gein’n-a broinn aici ó’n Spioraid Naoṁ. 19Aċ ó ba ḋuine fíoraonta Ióseṗ, a fear, agus nár ṁaiṫ leis maslaḋ puibiliḋe ṫaḃairt di, ba ṁian leis í ċur uaiḋ a gan ḟios. 20Aċ ag maċtnaṁ dó ar an méid sin, féaċ, do ṫaisbeáin aingeal an Tiġearna é féin dó i n-aisling, agus duḃairt sé leis. A Ióseṗ, a ṁic Ḋáiḃid, ná bíoḋ aon eagla ort do ḃan-ċéile, Muire, do ġlacaḋ ċúġat, mar is ó’n Spioraid Naoṁ an ġein atá ar iompar aici. 21Agus béarfaiḋ sí mac, #Lúc. 1:31.agus taḃarfair-se Íosa mar ainim air, óir slánóċaiḋ sé a ḋaoine ó n-a bpeacaíḃ. 22Agus do ṫuit an méid sin go léir amaċ i dtreó go gcóṁlíonfaí an rud a duḃairt an Tiġearna tré ḃéal an ḟáiḋ nuair aduḃairt sé: 23#Isáias 7:14.Féaċ, beiḋ gein’n-a broinn ag maiġdin, agus béarfaiḋ sí mac, agus taḃarfaid siad Emmanuél mar ainim air; agus cialluiġeann an ainim sin, Dia linn. 24Agus nuair a ḋ’eiriġ Ióseṗ as a ċodla do ḋein sé mar a ḋ’órduiġ aingeal an Tiġearna ḋó, agus do ġlac sé ċuige a ḃan-ċéile; 25Agus níor ċuir sé aiṫne uirṫi go dtí gur rug sí a mac, a céad-ġein, agus ṫug sé Íosa mar ainim air.#1:25 Ver. 25. go dtí gur rug sí a mac, a céad-ġein — Ó sna focalaiḃ sin, deir Heluidius agus eiriceadaiḋṫe eile go diaṁasluiġṫeaċ, go raiḃ ag an Maiġdin Muire tuille clainne i n-éaġmais Ċríost: Aċ taisbeánann Ierom naomṫa, le mórán samplaí ná raiḃ ins na focalaiḃ sin an tSoisgéalaiḋe aċ nós cainte ameasg na n-Eaḃraċ, agus ná raiḃ de ḃríġ leis an ráḋ “go dtí” ac ’ġá ċur i gcéill cad é an níḋ nár deineaḋ, agus ná raiḃ aon ḃaint ag an ráḋ leis an aimsir a ḃí le teaċt. Deirtear, Gen. 8:6 agus 7, gur “ċuir Nóé amaċ fiaċ, agus gur imṫiġ an fiaċ amaċ agus nár ḟill sé go dtí gur ṫriomuiġ na h-uisgeaċa ar an dtalaṁ.” B’é sin le ráḋ, nár ḟill sé i n-aon ċor. Agus deir Isáias 46:4. “Deir Dia: ‘Táimse ann go dtí go mbeir aosta.’” Cia a leóṁfiḋ a ráḋ ná raiḃ Dia le ḃeiṫ ann ’n-a ḋiaiḋ san! Mar an gcéadna, i leaḃar a h-aon de sna 1 Macaḃéiḃ. 5:54, tá so: Agus ċuadar suas go cnuc Sióin, fé áṫas agus fé aiteas, agus ḋeineadar íḋbirṫa, toisg nár marḃuiġeaḋ aoinne acu go dtí go raḃdar tagaiṫe aḃaile i síṫċáin. B’é sin le raḋ nár marḃuiġeaḋ aoinne acu sar a dtánadar aḃaile. Deir Dia le h-Aon Ṁac Dé: “Suiḋ ar mo ḋeis go gcuiread do naṁaid mar stól fé d’ċosaiḃ.” An aṁlaiḋ ná ḃeiḋ se ’n-a ṡuiḋe ann ’n-a ḋiaiḋ san? Beiḋ, agus ar feaḋ na síoruíḋeaċta. Taisbeánann Ierom Naoṁṫa, leis, go dtugtí “céad-ġein” ar aon-ġein ṁic, gan aon ṁac eile ṫeaċt ’n-a ḋiaiḋ, óir, do réir na dliġe do coisrictí ċun Dé gaċ céad-ġein ṁic, “Coisric ċúġamsa,” adeir an Tiġearna, “gaċ céad-ġein a ḋ’osgalann an ḃruinne ameasg clainne Israéil,” ⁊rl., Exod. 13:2.

Pašlaik izvēlēts:

Maitiú 1: ABNPOLG

Izceltais

Dalīties

Kopēt

None

Vai vēlies, lai tevis izceltie teksti tiktu saglabāti visās tavās ierīcēs? Reģistrējieties vai pierakstieties

Lai personalizētu tavu pieredzi, YouVersion izmanto sīkfailus. Izmantojot mūsu vietni, tu piekrīti, ka mēs izmantojam sīkfailus, kā aprakstīts mūsu Privātuma politikā