YouVersion logotips
Meklēt ikonu

Matha 2

2
1Agus nuair rugaḋ Íosa i mBeiṫil Iúdaea, i laeṫiḃ an ríoġ Ioruaṫ, ṫáinig draoiṫe ó’n doṁan ṫoir go h‐Iarúsalem, 2agus aduḃradar, Cá ḃfuil an rí seo na nIúdaċ atá beirṫe? óir do ċonnacamar a réalta sa doṁan ṫoir agus ṫángamar d’á aḋraḋ. 3Aċt nuair do‐ċuala an rí Ioruaṫ sin, ṫáinig buaiḋreaḋ air‐sean, agus ar Iarúsalem uile, ċóṁ maiṫ. 4Agus do ċruinniġ sé uaċtaráin na sagart agus scríoḃaiḋṫe an ṗobail, agus d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ cá mbéarfaiḋe an Críost. 5Agus aduḃradar‐san leis, I mBeiṫil Iúdaea, óir is mar sin atá scríoḃṫa ag an ḃfáiḋ:
6Agus tusa, a Ḃeiṫil, a ṫalaṁ Iúda,
Ní tusa is luġa ar ċeann‐ṗortaiḃ Iúda,
Óir is asat ṫiocfas an taoiseaċ,
Ḋéanfas aoḋaireaċt ar Israel, mo ṗobal.
7Annsin do ġlaoḋ Ioruaṫ na draoiṫe ós íseal ċuige, agus d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ go cruinn cé an t‐am i n‐ar taisbeánaḋ an réalta ḋóiḃ. 8Agus do ċuir sé go Beiṫil iad, agus aduḃairt sé, Imṫiġiḋ, agus cuarduiġiḋ go díċeallaċ an leanḃ, agus nuair do‐ġeoḃaiḋ siḃ tuairisc air, innisiḋ ḋaṁ‐sa é, ċum go dtéiġead féin, agus go n‐aḋrad é. 9Ar n‐a ċlos sin dóiḃ ó’n riġ, d’imṫiġeadar; agus féaċ, an réalta do ċonnacadar sa doṁan ṫoir, do ġluais sí rómpa go dtáinig sí ’n‐a stad ós cionn na h‐áite ’n‐a raiḃ an leanḃ. 10Nuair do ċonnacadar an réalta ṫáinig luṫġáir ṁór orta. 11Agus do ċuadar isteaċ sa tiġ, agus fuaradar an leanḃ i ḃfoċair a ṁátar Muire, agus do ṡléaċtadar dó, agus d’aḋradar é, agus ag foscailt a dtaisce ḋóiḃ, ṫugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr. 12Annsin tugaḋ foráileaṁ i n‐aisling dóiḃ gan filleaḋ ar Ioruaṫ, agus do ċuadar bóṫar eile ar ais ċum a dtíre féin.
13Nuair do ḃíodar imṫiġṫe, do taiḋḃriġeaḋ aingeal an Tiġearna i n‐aisling do Ṡeosaṁ, agus aduḃairt sé, Éiriġ, tóg leat an leanḃ agus a ṁáṫair agus éaluiġ do’n Éigipt, agus fan annsin go laḃrad leat; óir béiḋ Ioruaṫ ar lorg an leinḃ ċum a ṁillte. 14Agus d’éiriġ seisean, agus do ṫóg sé leis an leanḃ agus a ṁáṫair san oiḋċe, agus d’imṫiġ sé do’n Éigipt. 15D’ḟan sé annsin go bás Ioruaiṫ, ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an focal aduḃairt an Tiġearna tríd an ḃfáiḋ: As an Éigipt do ġlaoḋas mo ṁac.
16Annsin, nuair do ċonnaic Ioruaṫ gur ṁeall na draoiṫe é, do bí sé le cúṫaċ, agus do ċuir sé amaċ scriosairí, agus do ṁarḃ sé a raiḃ de ċlannṁac ḋá ḃliaḋain nó fá n‐a ḃun i mBeiṫil agus san dúṫaiġ do ḃain léi, de réir an ama d’innis na draoiṫe ḋó. 17Annsin do cóiṁlíonaḋ na briaṫra aduḃairt Ieremias fáiḋ:
18Do‐ċualaṫas guṫ i Ráma,
Gol agus an‐olagón:
Ráċél ag caoineaḋ a clainne,
Agus níórḃ áil léi sólás do ġlacaḋ
Toisc gan iad ḃeiṫ ar faġáil.
19Agus nuair do cailleaḋ Ioruaṫ, féaċ, do taiḋḃriġeaḋ aingeal an Tiġearna i n‐aisling do Ṡeosaṁ san Éigipt, 20agus aduḃairt sé, Éiriġ, tóg leat an leanḃ óg agus a ṁáṫair, agus imṫiġ go tír Israel; óir, na daoine do ḃí ar tí an leinḃ do ṁarḃaḋ, atáid‐sean tar éis báis. 21Agus d’éiriġ seisean, agus do ṫóg sé leis an leanḃ agus a ṁáṫair, agus ṫáinig sé go tír Israel. 22Aċt, nuair do‐ċuala sé go raiḃ Arċelaus ’n‐a riġ ar Iúdaea i n‐ionad a aṫar Ioruaṫ, do ḃí eagla air dul annsin; aċt ṫug Dia raḃaḋ ḋó i n‐aisling, agus do ċuaiḋ sé go críoċaiḃ na Galilé, 23agus do ċóṁnuiġ sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe na briaṫra aduḃairt na fáiḋe: goirfear Nasarḋa ḋe.

Pašlaik izvēlēts:

Matha 2: JOYNTG

Izceltais

Dalīties

Kopēt

None

Vai vēlies, lai tevis izceltie teksti tiktu saglabāti visās tavās ierīcēs? Reģistrējieties vai pierakstieties

Lai personalizētu tavu pieredzi, YouVersion izmanto sīkfailus. Izmantojot mūsu vietni, tu piekrīti, ka mēs izmantojam sīkfailus, kā aprakstīts mūsu Privātuma politikā