Matha 9
9
1Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i mbád, agus d’imṫiġ sé anonn isteaċ ’n‐a ċaṫair féin. 2Agus féaċ, tugaḋ ċuige fear pairiliseaċ, agus é ’n‐a luiġe ar leabaiḋ: agus nuair ṫug Íosa fá ndeara an creideaṁ do ḃí aca, aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ, A Ṁic, bíoḋ meisneaċ agat; atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit. 3Agus féaċ, aduḃairt cuid de na scríoḃaiḋṫiḃ ’n‐a n‐aigne féin, Atá sé sin ag dia‐ṁaslaḋ. 4Agus nuair ṫug Íosa fá ndeara na smaointe do ḃí aca, aduḃairt sé, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag smaoineaḋ go h‐olc i n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ? 5Cia aca is fusa a ráḋ, Atá do ṗeaċaiḋe maiṫte ḋuit; nó a ráḋ, Éiriġ, agus siuḃail? 6Aċt, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil ar ċumas do Ṁac an Duine ar talaṁ peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ (aduḃairt sé annsin leis an ḃfear pairiliseaċ), Éiriġ, tóg do leaba, agus imṫiġ ċum do ṫiġe. 7Agus d’éiriġ seisean, agus d’imṫiġ sé ċum a ṫiġe féin. 8Agus nuair do ċonnaic na sluaiġte sin, ṫáinig eagla orṫa, agus ṫugadar glóir do Ḋia, ṫug a leiṫéid sin de ċuṁaċt do ḋaoiniḃ.
9Agus nuair d’imṫiġ Íosa as an áit sin, do ċonnaic sé fear, dárḃ ainm Maṫa, ’n‐a ṡuiḋe i n‐áit na cánaċ: agus aduḃairt sé leis, Lean mise. Agus d’éiriġ seisean, agus do lean sé é.
10Agus ṫarla, agus é ag suiḋe ċum biḋ sa tiġ, go dtáinig a lán poibleacán agus peacaċ, agus gur ṡuiḋeadar i ḃfoċair Íosa agus a ḋeisceabal. 11Agus nuair do ċonnaic na Fairisíniġ sin aduḃradar le n‐a ḋeisceablaiḃ, Cad ċuige a n‐iṫeann ḃúr Máiġistir biaḋ i ḃfoċair na bpoibleacán agus na bpeacaċ? 12Aċt nuair do‐ċuala seisean é, aduḃairt sé, Ní h‐iad‐san atá slán ag a ḃfuil gáḃaḋ le liaiġ, aċt iad atá breoite. 13Aċt imṫiġiḋ agus foġlamaiḋ briġ na cainste sin. Trócaire is áil liom, agus ní h‐íoḋbairt: óir ní ċum na ḃfíréan do ġlaoḋaċ ṫáinig mé, aċt ċum na bpeacaċ do ġlaoḋaċ.
14Annsin ṫáinig deisceabail Eoin ċuige g‐á ráḋ, Cad ċuige a ndéanaimíd‐ne agus a ndéanann na Fairisíniġ troscaḋ go minic, agus naċ ndéanann do ḋeisceabail‐se troscaḋ? 15Agus aduḃairt Íosa leo, An féidir le luċt an ḟir nua‐ṗósta ḃeiṫ duairc, fad agus ḃíos an fear nua‐ṗósta ’n‐a ḃfoċair? aċt tiocfaiḋ na laeṫe ’n‐a dtógfar uaṫa an fear nua‐ṗósta, agus annsin do‐ġéanaiḋ siad troscaḋ. 16Agus ní ċuireann aon duine preabán d’éadaċ nua ar ṡean‐ḃrat; óir baineann sé a lán féin as an éadaċ, agus is measa‐de an sracaḋ é. 17Agus ní ċuireann daoine fíon úr i sean‐ḃuidéalaiḃ leaṫair: má ċuireann, pléascṫar na buidéil, agus doirtear amaċ an fíon, agus cailltear na buidéil: aċt cuireann siad fíon úr i mbuidéalaiḃ úr‐nua, agus sáḃáltar iad araon.
18Le linn cainnte ḋó, féaċ, ṫáinig uaċtarán ċuige, agus do ṡléaċt sé ḋó, agus aduḃairt, Atá m’inġean tar éis báis anois díreaċ, aċt tar agus cuir do láṁ uirṫi, agus mairfiḋ sí beo. 19Agus d’éiriġ Íosa, agus do lean sé é, mar aon le n‐a ḋeisceablaiḃ. 20Agus féaċ, ṫáinig bean, ar a raiḃ sruṫ fola le ḋá ḃliaḋain déag, taoḃ ṫiar de, agus do ċuimil sí le faḃra a ḃrait: óir aduḃairt sí ’n‐a h‐intinn fein, 21Muna ndéanad aċt baint le n‐a ḃrat, béiḋead slán. 22Aċt do ċas Íosa, agus nuair do ċonnaic sé í, aduḃairt sé, Bíoḋ meisneaċ agat, a inġean; do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. Agus ḃí an ḃean slán ó’n uair sin amaċ. 23Agus nuair ṫáinig Íosa isteaċ i dtiġ an uaċtaráin, agus nuair ċonnaic sé luċt na ḃfideog, agus an gleo do ḃí ag an sluaġ, 24aduḃairt sé, Druidiḋ siar uaim: ní marḃ atá an cailín, aċt ’n‐a codlaḋ. 25Agus do‐rinneadar gáire magaṁail faoi. Aċt nuair do cuireaḋ na daoine amaċ, do ċuaiḋ seisean isteaċ, agus rug sé ar láiṁ uirṫi; agus d’éisiġ an cailín aniar. 26Agus do leaṫ a ṫuairisc sin ar fud na dúiṫċe sin uile.
27Agus ag imṫeaċt d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éiġiṁ, agus g‐á ráḋ, Déan trócaire orainne, a ṁic Ḋáiḃi. 28Agus nuair ṫáinig sé isteaċ sa tiġ, ṫáinig na daill ċuige: agus aduḃairt Íosa leo, An gcreideann siḃ go ḃfuil ar ċumas dom an niḋ seo do ḋéanaṁ? Aduḃradar‐san leis, creidimíd, a Ṫiġearna. 29Annsin do ċuir sé a láṁ ar a súiliḃ, agus aduḃairt sé, Go ndéantar daóiḃ de réir ḃúr gcreidiṁ. 30Agus do fosclaḋ a súile. Agus ṫug Íosa foláireaṁ ḋoiḃ, g‐á ráḋ, Taḃraiḋ aire gan a ḟios sin do ḃeiṫ ag aoinneaċ. 31Aċt d’imṫiġeadar‐san amaċ, agus do leaṫadar a ċlú ar fud na dúiṫċe sin uile.
32Agus ag imṫeaċt dóiḃ, féaċ, tugaḋ ċuige balḃán ’n‐a raiḃ deaṁan. 33Agus nuair do cuireaḋ amaċ an deaṁan, do laḃair an balḃán: agus do‐rinne na sluaiġte iongnaḋ ḋe, agus deiridís, Ní facṫas a leiṫéid sin riaṁ i nIsrael. 34Aċt aduḃairt na Fairisíniġ, Is tré ṗrionnsa na ndeaṁan ṫeilgeas sé amaċ na deaṁain.
35Agus do ġluais Íosa ṫart timċeall ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas gaċ uile ṡóirt galair agus breoiteaċta. 36Aċt nuair do ċonnaic sé na sluaiġte, do ġaḃ truaġ an‐ṁór dóiḃ é, toisc go raḃadar traoċta, scaipṫe aṁail caoiriġ gan aoḋaire. 37Annsin aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Go fírinneaċ, is mór é an fóġṁar, aċt is gann iad na h‐oibriḋṫe. 38Guiḋiḋ, d’á ḃriġ sin, Tiġearna an ḟóġṁair, go gcuirfiḋ sé amaċ oibriḋṫe ċum an ḟóġṁair do ḃaint dó.
Šiuo metu pasirinkta:
Matha 9: JOYNTG
Paryškinti
Dalintis
Kopijuoti
Norite, kad paryškinimai būtų įrašyti visuose jūsų įrenginiuose? Prisijunkite arba registruokitės
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.