Matha 6
6
1Seaċnaiḋ agus ná déanaiḋ ḃúr ndeaġ‐ġníoṁarṫa i ḃfiaḋnaise na ndaoine i dtreo go ḃfeicfidís siḃ, nó ní ḃéiḋ aon luaċ saoṫair le fáġáil agaiḃ ó ḃúr nAṫair atá ar neaṁ.
2Ar an aḋḃar sin, nuair ḃíos tú ag taḃairt déirce, ná séid aon aḋarc róṁat, mar do‐ġní luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ ins na sionagógaiḃ agus ar na sráidiḃ, d’ḟonn onóir d’ḟáġáil ó na daoiniḃ. Go fírinneaċ adeirim liḃ go ḃfuil a luaċ saoṫair fáġálta aca. 3Aċt nuair do‐ḃeir tusa déirc uait, ná bíoḋ a ḟios ag do láiṁ ċlé créad do‐ġní do láṁ ḋeas: 4ċum go mbéiḋ do ḋéirc fá ċeilt, agus go gcúiteoċaiḋ t’Aṫair, do‐ċí a ḃfuil fá ċeilt, ṫú.
5Agus nuair ḃíos siḃ ag déanaṁ urnaiġe, ná biḋiḋ mar luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ, gur maiṫ leo urnaiġe do ḋéanaṁ agus iad ’n‐a seasaṁ ins na sionagógaiḃ agus ag cúinniḃ na sráideann, ċum go ḃfeicfeaḋ na daoine iad. Go fírinneaċ adeirim liḃ, go ḃfuil a luaċ saoṫair fáġálta aca. 6Aċt nuair ḃíos tusa ag déanaṁ urnaiġe, téir isteaċ id’ ṡeomra, agus dún an doras, agus cuir do ġuiḋe ċum t’Aṫar do‐ḟeicsiona, agus t’Aṫair do‐ċí a ḃḟuil fá ċeilt, cúiteoċaiḋ sé leat.
7Agus nuair ḃíos siḃ ag déanaṁ urnaiġe, ná biḋiḋ ag siollaireaċt cainnte ar nós na bPágánaċ, gur dóiġ leo go n‐éistfear leo as méid a mbíonn le ráḋ aca. 8Uime sin ná biḋiḋ cosṁail leo‐san; óir is eol d’ḃúr n‐Aṫair gaċ a mbíonn uaiḃ sara n‐iarrfaiḋ siḃ air é. 9D’á ḃriġ sin déanaiḋ‐se urnaiġe mar seo: Ár nAṫair atá ar neaṁ, go naoṁuiġtear t’ainm; 10go dtigiḋ do ríoġaċt; go ndéantar do ṫoil ar an talaṁ mar do‐ġnítear ar neaṁ; 11taḃair ḋúinn indiu ár n‐arán le h‐aġaiḋ an lae; 12agus maiṫ ḋúinn ár ḃfiaċa, mar do ṁaiṫeamair‐ne d’ár ḃféiċeaṁnaiḃ féin; 13agus ná leig sinn i gcaṫú, aċt saor sinn ó olc. 14Óir, má ṁaiṫeann siḃ do ḋaoiniḃ a gcionnta, maiṫfiḋ ḃúr n‐Aṫair neaṁḋa ḃúr gcionnta ḋaoiḃ‐se mar an gcéadna; 15aċt muna maiṫfiḋ siḃ do ḋaoiniḃ a gcionnta, ní ṁaiṫfiḋ ḃúr n‐Aṫair ḃúr gcionnta ḋaoiḃ‐se.
16Agus nuair ḃíos siḃ i n‐ḃúr dtroscaḋ, ná biḋiḋ gruamḋa ar nós luċta an ḟuar‐ċráḃaiḋ: óir dorċuiġid‐sean a gceann‐aiġṫe ċum go ḃfeicfiḋ na daoine go ḃfuilid ’n‐a dtroscaḋ. Adeirim liḃ go fírinneaċ go ḃfuil a luaċ‐saoṫair fáġálta aca. 17Aċt nuair ḃíos tusa ag déanaṁ troscaiḋ, cuir ola ar do ċeann, 18agus niġ t’aġaiḋ; i dtreo naċ ḃfeicfiḋ na daoine go ḃfuilir id’ ṫroscaḋ, aċt go ḃfeicfiḋ t’Aṫair, atá fá ċeilt, ṫú: agus t’Aṫair do‐ċí a ḃfuil fá ċeilt, cúiteoċaiḋ seisean leat. 19Ná soláṫruiġiḋ stór daoiḃ féin ar an talaṁ so, mar a milleann an leaṁan agus an ṁeirg é, agus mar a mbíonn biṫeaṁnaiġ ag briseaḋ isteaċ agus ag goid: 20aċt soláṫruiġiḋ stór ar neaṁ, an áit naċ mbíonn an leaṁan agus an ṁeirg ag milleaḋ, agus naċ mbíonn biṫeaṁnaiġ ag briseaḋ isteaċ agus ag goid: 21óir, cibé áit ’n‐a ḃfuil do stór, is ann ḃéas do ċroiḋe mar an gcéadna.
22Is í an tsúil lóċrann an ċuirp: d’á ḃriġ sin, má ḃíonn do ṡúil glan, soillsiġṫear do ċorp ar fad. 23Aċt má ḃíonn do ṡúil go h‐olc, béiḋ do ċorp ar fad sa dorċaċt. D’á ḃriġ sin, má’s dorċaċt an solas atá ionnat, cad é mar ḋorċaċt í!
24Ní féidir d’aoinneaċ seirḃís do ḋéanaṁ do ḋá ṁáiġistir: óir béiḋ fuaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ do’n duine eile: nó claoiḋfiḋ sé le duine aca, agus béiḋ droċ‐ṁeas aige ar an duine eile. Ní féidir ḋaoiḃ seirḃís do ḋéanaṁ do Ḋia agus do Ṁammon. 25D’á ḃriġ sin adeirim liḃ, Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ i dtaoḃ ḃúr mbeaṫaḋ, mar ġeall ar a n‐íosaiḋ siḃ, nó mar ġeall ar a n‐ólfaiḋ siḃ; ná i dtaoḃ ḃúr gcuirp, mar ġeall ar an gclúdaċ ḃéas oraiḃ. Naċ mó an t‐anam ’ná an biaḋ, agus an corp ’ná an t‐éadaċ? 26Breaṫnuiġiḋ éanlaiṫe na spéire: ní ċuireann siad síol, agus ní ḃaineann siad fóġṁar, agus ní ċruinniġeann siad éinniḋ i sciobólaiḃ; agus coṫuiġeann ḃúr n‐Aṫair neaṁḋa iad. Naċ mó is fiú siḃ‐se go mór ’ná iad‐san? 27Agus cia agaiḃ d’ḟéadfaḋ, le méid a imniḋe, bannláṁ aṁáin do ċur le n‐a aoirde féin? 28Agus cad ċuige ḋaoiḃ imniḋe ḃeiṫ oraiḃ i dtaoḃ éadaiġ? Breaṫnuiġiḋ lilí an ḃáin, cionnas ḟásas siad; ní ḋéanaid saoṫar, agus ní ḋéanaid sníoṁ: 29aċt adeirim liḃ, naċ raiḃ Solaṁ féin ’n‐a ġradam go h‐iomlán, clúduiġṫe mar ċeann aca sin. 30Má ċlúduiġeann Dia ar an gcuma sin féar an ḃáin, atá ann indiu, agus caiṫtear isteaċ san tsorn i mbáraċ, naċ mó go mór ċlúdóċas sé siḃ‐se, a luċt an ċreidiṁ ḃig? 31Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ, d’á ḃriġ sin, agus siḃ g‐á ráḋ, Créad íosaimíd? nó, Créad ólfaimíd? nó, Cionnas clúdóċar sinn? 32Óir is iad sin na neiṫe go mbíonn tóir ag na Págánaċaiḃ orṫa; óir is eol d’ḃúr nAṫair neaṁḋa go ḃfuil gáḃaḋ agaiḃ leis na neiṫiḃ sin go léir. 33Aċt loirgiḋ ar dtús ríoġaċt Dé agus a ḟíréantaċt, agus do‐ḃéarfar daoiḃ sa mbreis na neiṫe sin go léir. 34D’á ḃriġ sin, ná bíoḋ imniḋe oraiḃ i dtaoḃ an lae amáraċ: óir béiḋ a ċúram féin ar an lá amáraċ. Ní beag do’n lá a ċion féin de’n olc.
Šiuo metu pasirinkta:
Matha 6: JOYNTG
Paryškinti
Dalintis
Kopijuoti
Norite, kad paryškinimai būtų įrašyti visuose jūsų įrenginiuose? Prisijunkite arba registruokitės
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.