Lúcas 2
2
Caibidil II
Teacht ar an tsaoghal do Chríost: a ofráil san teampall: tairngireacht Shimeoin. Gheibhthear Críost i n-aois a dhá bhliadhan déag san teampall imeasc na ndoctúirí.
1Agus thárla ins na laethe sin go ndeachaidh órdughadh amach ó Chaesar August go ndéanfaidhe áireamh ar an domhan go léir.
2B’é Curínus, uachtarán na Síre, a rinne an t-áireamh seo i gcéaduair.
3Agus chuaidh na daoine go léir chun go ndéantaí iad d’áireamh, gach aoinneach go dtí a chathair féin.
4Agus chuaidh Ióseph fosta suas as an Ghailile, ó chathair na Nasaire, go h-Iudaia, go cathair Dháibhidh,#1 Rígh. 20, 6. ar a dtugtar Beithil,#Micheas 5, 2; Mait. 2, 6. siocair gurbh de theaghlach agus de shliocht Dháibhidh é,
5Chun go ndéantaí a áireamh i n-aoinfheacht le Muire, a bhainchéile, a bhí ag iomchar cloinne.
6Agus thárla, nuair a bhí siad annsin, go dtáinic a h-am chun an leanbh a thabhairt ar an tsaoghal.
7Agus rug sí a céid-ghein#2, 7 A céid-ghein. Ní h-ionann sin agus a rádh go raibh aon duine eile cloinne aice ina dhiaidh sin. Bhí sé ina nós cainnte ag na h-Eabhnaigh céid-ghein a thabhairt ar leanbh, agus gan acht an leanbh sin ar an mhuirighin. Féach nóta ar Mait. 1, 25. mic, agus chuach sí i n-éadach ceangail é, agus leag sí i mainséar é, mar nach raibh áit ar bith fá n-a gcoinne san tigh ósta.
8Agus san cheanntar chéadna bhí aodhairí ag faire agus ag congbháil a dtráth oidhche ar a dtréada.
9Agus féach, tháinic aingeal ó’n Tighearna gur sheasuigh se i n-aice leo, agus las solus Dé thart fá dtaoibh díobh, agus tháinic eagla mhór ortha.
10Agus dubhairt an t-aingeal leo: Ná bíodh eagla oraibh; óir féach, bheirim scéala maith díbh fá lúthgháir mhóir atá le theacht chuig na daoine go léir;
11Óir tá Slánuightheoir, is é sin le rádh, Críost, an Tighearna, beirthe díbh indiu i gcathair Dháibhidh.
12Agus béidh seo ina chómhartha agaibh: gheobhaidh sibh an leanbh cuachta i n-éadach ceangail agus é ina luighe i mainséar.
13Agus i dtoibinne bhí i gcuideachta an aingil sluagh mór de lucht na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rádh:
14Glóir do Dhia i n-árd na bhflaitheas, agus ar talamh síothcháin do lucht na déagh-thola.
15Agus thárla, nuair a d’imthigh na h-aingle uatha chun na bhflaitheas, gur dhubhairt na h-aodhairí le n-a chéile: Téighimís anonn go Beithil, go bhfeicimíd an briathar seo a thárla, agus a d’fhoillsigh an Tighearna dúinn.
16Agus tháinic siad fá dheifre, agus fuair siad Muire agus Ióseph, agus an leanbh ina luighe san mhainséar.
17Agus nuair a chonnaic siad, thuig siad an rud a dubhradh leo fá’n leanbh seo.
18Agus na h-uile dhaoine dár chuala, bhí iongantas ortha fá na neithe a d’innis na h-aodhairí dóibh.
19Agus thaiscigh Muire na briathra sin uilig, ghá mbreathnughadh ina croidhe.
20Agus phill na h-aodhairí ag tabhairt glóire agus molta do Dhia, mar gheall ar a bhfaca agus ar ar chuala siad, do réir mar dubhradh leo.
21Agus nuair a críochnuigheadh na h-ocht laethe#Gein. 17, 12; Leibh. 12, 3. chun an leanbh a thimcheallghearradh, tugadh Íosa#Mait. 1, 21. mar ainm air, an t-ainm a thug an t-aingeal air sul ar gabhadh é san bhroinn.
22Agus nuair a bhí laethe a glanta caithte#Leibh. 12, 6. do réir dlighe Mhaoise, thug siad go h-Ierusalem é chun é chur i láthair an Tighearna,
23Do réir mar atá scríobhtha i ndlighe an Tighearna: Gach fireann a thig as bhroinn béidh sé naomhtha#Ecs. 13, 2; Uimh. 8, 16. do’n Tighearna,
24Agus chun go dtabharadh siad an ofráil, mar atá ráidhte i ndlighe#Leibh. 12, 8. an Tighearna, cúpla colmán, nó dhá cholmán óga.
25Agus féach, bhí duine i n-Ierusalem arbh ainm dó Simeon, agus bhí an duine sin cóir agus diadhanta, agus é ag súil le sólás Israéil agus bhí an Spiorad Naomh ann.
26Agus d’fhoillsigh an Spiorad Naomh dó nach bhfeicfeadh sé bás sul a bhfeiceadh sé Críost an Tighearna.
27Agus tháinic sé san Spiorad isteach san teampall. Agus nuair a thug a athair agus a mháthair an leanbh Íosa isteach le déanamh dó do réir nós an dlighe,
28Ghabh seisean chuige ina ucht é, agus mhol sé Dia, agus dubhairt:
29Anois, a Thighearna, leigeann tú do do sheirbhíseach imtheacht fá shíothcháin do réir do fhocail,
30Óir chonnaic mo shúla do shlánughadh,
31Rud a d’ullmhuigh tú ós cómhair an uile phobail,
32Solus chun na cinidheacha a shoillsiughadh, agus glór do do phobal féin Israél.
33Agus bhí a athair agus a mháthair ag déanamh iongantais fá na neithe seo a dubhradh fá dtaoibh de.
34Agus thug Simeon a bheannacht dóibh, agus dubhairt sé le Muire, a mháthair: Féach, tá sé i ndán dó seo a bheith ina chúis thuitime#2, 34 chúis thuitime. Tháinic Críost leis an chineadh daonna go h-iomlán a shlánughadh. Acht ghní Simeon tairngireacht ar an rud a tárlóchadh: tré bheith dall agus dúr go toilteannach, bhéadh mórán ann nach gcreidfeadh i gCríost agus nach nglacfadh le n-a theagasc, agus béadh an diúltadh sin ina chúis thuitime dóibh; acht bhéadh Críost ina chúis eiséirghe do’n méid a chreidfeadh ann agus a dhéanfadh a aitheanta a chóimhlíonadh.#Isaias 8, 14; Rómh. 9, 33; 1 Pead. 2, 7. agus ina chúis eiséirghe ag mórán i n-Israél, agus ina chómhartha a gcuirfear ina aghaidh;
35Agus rachaidh claidheamh fríd d’anam féin, ionnas go nochttar smaointe as mórán croidhthe.
36Agus bhí banfháidh ann, Anna, inghean Phanueil, de threibh Aser; bhí sí siar go mór i mbliadhanta, agus bhí sí i ndiaidh seacht mbliadhna a chaitheamh le n-a fear ó bhí sí ina h-óigh.
37Agus bhí sí ina baintreabhaigh go h-aois a ceithre scór agus ceithre bliadhna, agus ní fhágadh sí an teampall, acht ag tabhairt seirbhíse do Dhia lá agus oidhche le troscadh agus urnaighe.
38Agus ag teacht i láthair díthe-se an uair chéadna, d’admhuigh sí an Tighearna, agus labhair sí air le gach duine dá raibh ag dréim le fuascladh Israéil.
39Agus nuair a bhí gach nídh cóimhlíonta acu do réir dlighe an Tighearna, phill siad go dtí an Ghailile, go Nasair, a gcathair féin.
40Agus d’fhás an gasúr, agus d’éirigh sé láidir, lán d’eagna; agus bhí grásta Dé ann.
41Agus théigheadh a athair agus a mháthair go h-Ierusalem gach bliadhain#Ecs. 23, 15, agus 34, 18; Deut. 16, 1. lá sollamhanta na Cásca.
42Agus nuair a bhí sé dhá bhliadhain déag d’aois chuaidh siad suas go h-Ierusalem do réir nós na féile,
43Agus nuair a bhí na laethe caithte agus iad ag pilleadh, d’fhan an páiste, Íosa, i n-Ierusalem, agus ní raibh a fhios sin ag a mhuinntir.
44Agus mar gur mheas siad é a bheith san chuideachta, tháinic siad siubhal lae, agus chuir siad a thuairisc imeasc a ngaolta agus a lucht aitheantais.
45Agus mar nach bhfuair siad é, phill siad go h-Ierusalem ar a lorg.
46Agus thárla, i gcionn na dtrí lá, go bhfuair siad san teampall é ina shuidhe imeasc na ndoctúirí ag éisteacht leo agus ghá gceistiughadh.
47Agus bhí iongantas ar a raibh ag éisteacht leis fá n-a eagna agus fá n-a fhreagracha.
48Agus nuair a chonnaic siad-san é, bhí iongantas ortha. Agus dubhairt a mháthair leis: A mhic, cad chuige a ndearna tú seo orainn? Féach, bhí mise agus do athair fá bhrón do chuartughadh.
49Agus dubhairt seisean leo: Cad chuige a raibh sibh mo chuartughadh? Nach raibh a fios agaibh go bhfuil agam-sa le bheith ag gabháil do na neithe a bhaineas le m’Athair?
50Agus níor thuig siad-san an focal a dubhairt sé leo.
51Agus chuaidh sé síos leo, agus tháinic sé go Nasair, agus bhí sé umhal dóibh. Agus chongbhuigh a mháthair na focail sin uilig ina croidhe.
52Agus chuaidh Íosa ar aghaibh i n-eagna, i n-aois, agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.
Currently Selected:
Lúcas 2: ASN1943
Tya elembo
Kabola
Copy

Olingi kobomba makomi na yo wapi otye elembo na baapareyi na yo nyonso? Kota to mpe Komisa nkombo
rights held by the Bible Society in Northern Ireland