Agus fá mar tharla i n‐aimsir Naoi, mar sin is eadh bhéas i n‐aimsir Mhic an Duine. Do bhíodar ag ite, agus ag ól, agus ag pósadh, agus d’á dtabhairt le pósadh, go dtí an lá ’n‐a ndeachaidh Naoi isteach san áirc, agus tháinig an díle agus do chreach sí iad go léir.