Agus do thóg Íosa na bollóga; agus iar mbreith buidheachais dó, do roinn sé iad ortha‐san do bhí ’n‐a suidhe; agus na h‐iasca, chómh maith, an oiread díobh do theastuigh uatha. Agus nuair fuaradar a sáith, adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Bailighidh an sprúilleach atá fágtha, chum nach rachaidh éinnidh amugha.