Na Sailm 30
30
Salm 30.
Exaltabo te, Domine.
1Móróidh mé thú, a Thiarna, mar thóg tú mé: agus níor lig tú do mo naimhde a mbua a mhaíomh orm.
2Mo Thiarna Dia, ghlaoigh mé ort: agus leigheasaigh tú mé.
3Is tú, a Thiarna, a thug mʼanam aníos as ifreann: chumhdaigh tú mo bheatha ón dream a théann síos sa pholl.
4Seinnigí moladh an Tiarna, a naomha an Tiarna: altaígí dó lena naofacht a chur i gcuimhne.
5Óir ní mhaireann a fhearg ach seal faitidh na súile, agus tá an bheatha ina dhea‑thoil: siúd is go bhfanann an brón ar feadh oíche, tagann an lúcháir ar maidin.
6Is é dúirt mé agus mé faoi shéan, ní bhainfear bogadh asam: ó bhí tú chomh maith sin dom, a Thiarna, ag cur treise i mo shliabh.
7Dʼiompaigh tú do ghnúis uaim: agus is mé a bhí buartha.
8Ghlaoigh mé ort ansin, a Thiarna: agus bʼfhíor‑umhal a dhruid mé le mo Thiarna.
9Cad é an tairbhe atá im fhuil: nuair a théim síos go dtí an poll?
10An mbeidh an luaith ag altú duit: nó an bhfoilseoidh sí dʼfhírinne?
11Éist, a Thiarna, agus bíodh trócaire agat orm: bí agam, a Thiarna, mar chúntóir.
12Dʼathraigh tú mo bhrón go lúcháir: scaoil tú an saic‑éadach díom, gur chuir tú áthas orm.
13Dá bhrí sin beidh gach dea‑dhuine ag seinm do mholta gan staonadh: a Dhia liom, beidh mé á altú duit go deo.
ಪ್ರಸ್ತುತ ಆಯ್ಕೆ ಮಾಡಲಾಗಿದೆ:
Na Sailm 30: OC1965
Highlight
ಶೇರ್
ಕಾಪಿ

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965