Genesis 26
26
Caibidil XXVI.
Rinne Isaac cuairt a measg na Bhphilistineach. 31 Agus cumhnant ré Abimelech.
1Agus do bhí gorta san tír, táobh amuigh don cheud ghorta do bhí innte a láethibh Abraham. Agus do chuáidh Isaac mar a raibh Abimelech righ na Bhphílistíneach go Gerar. 2Agus do thaisbein an TIGHEARNA é féin dó, agus a dubhairt, Ná héirigh síos don Egipt; áitigh san duthaigh mhúinfeas misí dhuit: 3Comhnuidh sa tírsi, agus biáidh misi maille riot, agus beinneochaidh mé thú; óir duitsi, agus dot shíol, do bheura me na tíorthaso uile, agus comhlionfuidh mé an mionna noch tug mé Dábraham dot athair; 4Agus do bhéura mé ar do shíol foirlíonadh mar réulta a naiéir, agus do bhéura mé dot shíol na tíorthaso uile; agus ann do shíol béid uile chinidheacha na talmhan beannuighe; 5Do chionn gur áontuigh Abraham dom ghlór, agus gur choimhéd mo chúram, maitheanta, mo statúidigh agus mo dhligheadh, 6Agus do chomhnuidh Isaac an Gérar: 7Agus do fhíarfuigheadar dáoine na háite dhe a ttáobh a mhná; agus a dubhairt seision, A sí mo dheirbhshíur í: óir dob eagla leis a rádh, a sí mo bhean í; ar eagla, ar seision, go muirfidís muinntir na háite mé fá Rebecah; do chionn go raibh breádha re féachuin uirre. 8Agus tárla, a nuáir do bhi annsin tamall fada, gur fhéuch Abimelech rígh na Bhphílistineach amach as fuinneóig, agus go bhfacuidh, agus, féuch, do bhí Isaac ag súgradh ré na mhnáoi Rebecah. 9Agus do ghoir Abimelech Isaac, agus a dubhairt, Féuch go deimhin a sí do bhean í: agus cionnus a deir tusa, A sí mo dhearbhshíur í? agus a dubhairt Isaac ris, Do chíonn go ndubhairt mé, Deagla go néugfuinn da cionn. 10Agus a dubhairt Abimelech, Créad é so do rinne tú linne? do bhéidir go luidhfeadh duine don mhuinntir léd mhnáoi, agus go ttiubharthá cionnta oruinne. 11Agus do aithin Abimelech dá dháoinibh uile, ag rádh, Gidh bé bheanfas ris an bhfearso nó ré na mhnáoi cuirfighear go deimhin chum báis é: 12Annsin do shíolchuir Isaac ann sa dúthaidh sin, agus fuair san bhlíadhain chéadna céad oiread: agus do bheannuigh an TIGHEARNA é: 13Agus do fhás an tóglach go mór, agus do chuaidh ar aghuidh, agus do fhas nó go raibh romhór: 14Oir do bhi aige sealbh thréad, agus sealbh áodhaireadh, agus stór mór seirbhíseach: agus do iomthnuidheadar na Philistínigh é. 15Oír a nuile thobar dar thochladar muinntir a athar a laéthibh Abraham a athar, do líonadur na Philistinigh agus do choisgeadar íad do chriaidh. 16Agus a dubhairt Abimelech ré Hísaac, Imthigh uáinne; óir is cumhachduighe thú go mór ná sinn. 17Agus do imthigh Isaac as sin, agus do shuighigh a phubuil a ngleann Gérar, agus do áitribh ann. 18Agus do thochuil Isaac a rís na toibreacha uisge, noch do thochladur a naimsir Abraham a athar; óir do stopadur na Philistínigh íad déis bháis Abraham: agus do ghoir a nanmanna do réir na nanmann do ghóir a athair dhíobh. 19Agus do thochladur muinntir Isaac annsa ghleann, agus fuaradar annsin tobar fíoruisge. 20Agus do imreasadur áodhairidhe Gérar ré háodhairibh Isaac, ag rádh, As linne an tuisge: agus do ghoir sé dainm don tobar Esec; do chionn go ndearnsad imreasan ris. 21Agus do thochladar tobar eile, agus teagmhaid ré chéile uime sin mar an ccéadna: agus do ghoir sé Sitnah dainm dhe sin. 22Agus do athruigh as sin, agus do thochuil tobar eile; agus do chionn nar chuireadar na aghuidh: tug Rehobot dainm air; agus a dubhairt sé, Oir a nois do rinne an TIGHEARNA ionad dhuinn, agus biaidhmuid lóinmhar annsa dúthaigh. 23Agus do chuáidh sé súas as sin go Beerséba. 24Agus táinig an TIGHEARNA chuige sa noidhche ceudna, agus a dubhairt, As misi Día Abraham hathair; ná bíodh eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneochuidh mé thú agus foirlíonfad do shíol ar son mo sheirbhísigh Abraham. 25Agus do chuir altóir súas ann sin, agus do ghoir ar ainm an TIGHEARNA, agus do shuighidh a phubuil ann sin: agus do thochladar seirbhísigh Isaac tobar ann sin. 26Is ann sin do chúaidh Abimelech chuighe ó Ghérar, agus Ahussat áon dá chairdibh, agus Phichol priomhchaiptín a shlógh. 27Agus a dubhairt Isaac ríu, Créud as a ttigthi chugamsa, ó thárla fúath aguibh orum, agus gur chuireabhair ar siubhail uáibh mé? 28Agus a dubhradarsan, Do choncamair go raibh an TIGHEARNA go déibhin leachtsa: agus a dubhramar, Bíodh a nois mionna eadruinn, eadra sinne agus tusa, agus déunam ceangal riot; 29Nach déuna tú dochur dhuinne, marnar beanamairne riotsa, agus mar nach deanmar enní ort ach maith, agus gur chuireamar uáinn thu go síothchanta: anois as tusa neach beannaighe an TIGHEARNA. 30Agus do rinne féusda dhóibh, agus do itheadar, agus dóladar. 31Agus do éirgheadar go moch ar maidin, agus tugadar a mionna dhá chéile: agus do chuir Isaac uádh íad, agus dimthigheadar rompa a síothcháin. 32Agus tárla san ló chéudna, go ttángadar seirbhísigh Isaac, agus gur innsiodar dhó a ttáobh an tobair, noch do thochladur, agus a dubhradur ris, Fúaramar uisge. 33Agus do ghoir seision Sébah dhe; uime sin as Beerséba as ainm don chathruigh ó sin a leith. 34Agus do bhí Esau dhá fhíchid bliádhan dáois a nuáir thug do mhnáoi Iúdit inghean Bheeri an Hititeach, agus Bashémat inghean Hélon an Hititeach: 35Noch bá doilghios inntinne Dísaac, agus do Rebecáh.
ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖
Genesis 26: Bedell
គំនូសចំណាំ
ចែករំលែក
ចម្លង

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)