Na Sailm 39
39
Salm 39.
Dixi, custodiam.
1Is é a dúirt mé, beidh mé aireach faoi mo shlite: ionas nach bpeacaí mé lem theanga.
2Cuirfidh mé mar bheadh srian le mo bhéal: chomh fada agus bíonn fear an oilc ar mʼamharc.
3Chosc mé mo theanga, gan aon ní a rá: dʼfhan mé i mo thost, ó na dea‑bhriathra féin, ach ba é sin fáth mo phéine agus mo bhróin.
4Théigh an croí ionam, agus nuair a bhí mé ar na smaointe seo dʼfhadaigh an tine: agus labhair mé faoi dheoidh le mo theanga.
5A Thiarna, tabhair fios feasa mo chríche déanaí dom, agus uimhir mo laethanta: go mbí dearbhú agam cad é an fad saoil atá i ndán dom.
6Féach, dʼfhág tú mar bheadh fad réise i mo laethanta; agus níl im aois ach neamhní os do chomhair: agus i bhfírinne níl ach díomhaoineas in aon duine dá maireann.
7Óir siúlann an duine ina scáil fholamh, agus is díomhaoin a bhíonn sé á bhuaireamh féin: ag carnadh saibhris, agus gan a fhios aige cé a chruinneos é.
8Agus anois, a Thiarna, cá bhfuil mo dhóchas: dar mʼfhírinne is ionat féin atá mo dhóchas.
9Fuascail mé ó mo chionta uile: agus ná lig dom bheith im achasán ag na hamadáin.
10Dʼéirigh mé balbh, agus níor oscail mé mo bhéal: óir ba tú a rinne é.
11Tóg do phlá uaim: táim cloíte ar fad ag trom‑mheáchain do láimhe.
12Nuair a smachtaíonn tú an duine le hachasán ar son a pheaca, bíonn a mhaise á cnoí agat, mar éadach á ithe ag leamhan: níl in aon duine mar sin ach díomhaoineas.
13Éist le mo ghuí, a Thiarna, agus tugadh do chluasa éisteacht do mo ghlaoch: ná fan i do thost faoi mo dheora.
14Óir táim agat i mo dheoraí: agus i mo dhíthreabhach, mar bhí mʼaithreacha go léir.
15Lig dom seal beag, go bhfille mo chumhacht orm: sula n‑imí mé as seo, agus nach mbí mé le feiceáil feasta.
ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖
Na Sailm 39: OC1965
គំនូសចំណាំ
ចែករំលែក
ចម្លង

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965