Maitiú 9

9
CAIBIDIOL IX.
Duine gan lúth a ghéag dá leigheas ag Críost. Maitiú d’á ghlaodhach chuige. An galar fola dá leigheas. Inghean Iaíruis á tógaint ón mbás aige. Radharc á thabhairt aige do bheirt dall. Agus duine balbh, go raibh deamhan ann, d’á leigheas aige.
1Agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé thar uisge isteach ’n-a chathair féin. 2Agus féach, do thugadar ag triall air, sínte ar thocht, fear a bhí gan lúth. Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu dubhairt sé leis an bhfear gan lúth: Glac misneach, a mhic, táid do pheacaí maithte dhuit. 3Agus féach, dubhairt cuid des na sgríbhneóiríbh, ’n-a n-aigne féin: Tá diamhasladh ag an bhfear so d’á dhéanamh. 4Agus ó chonaic Íosa na smuínte a bhí acu, dubhairt sé: Cad chuige dhaoibh na droch-smuínte bheith i nbhúr gcroidhthibh agaibh? 5Cé ’cu is usa a rádh, Tá do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh, Eirigh agus siúbhluigh? 6Ach ionus go mbeadh fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine cómhacht ar an dtalamh so chun peacaí a mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth) Eirigh-se, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin. 7Agus d’eirigh sé, agus d’imthigh sé chun a thighe féin. 8Agus tháinig eagla ar an sluagh nuair a chonacadar an nídh sin, agus do mholadar Dia a thug a leithéid sin de chómhacht do dhaoinibh.
9 # Marc. 2:14; Lúc. 5:27. Agus nuair a dh’imthigh Íosa ó’n áit sin chonaic sé duine dár bh’ainim Maitiú ’n-a shuidhe i n-áit an chusduim, agus dubhairt sé leis: Lean mise. Agus d’eirigh sé agus do lean sé é.
10Agus do thárla, agus é ag suidhe chun bídh sa tigh, go dtáinig a lán puibliocánach agus a lán peacach agus gur shuidheadar i bhfochair Íosa agus a dheisgiobul. 11Nuair a chonaic na Fairisínigh an nídh sin dubhradar le na dheisgiobuil: Cad chuige go n-itheann bhúr máighistir bia i bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach? 12Ach d’airigh Íosa an focal, agus dubhairt sé: Ní h-ag daoine slána atá gádh le liaigh ach ag daoine breóite. 13Imthighidh agus foghlumuighidh a bhrígh siúd: #Ósee 6:6.Trócaire is toil liom, agus ní h-ídhbirt. Óir ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag, ach chun na bpeacach do ghlaodhach.
14Ansan do tháinig deisgiobuil le h-Eóin ag triall air, agus dubhradar: Cad chuige go ndeinimíd-ne agus na Fairisínigh trosgadh go minic agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh? 15Agus dubhairt Íosa leó: An féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá an Céile ’n-a bhfochair? Ach tiocfaidh an t-am i n-a dtógfar uatha an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh.#9:15 Ver. 15. An féidir do chlainn an Chéile — Nós cainte Eabhrach é sin, agus cialluígheann sé “cáirde an Chéile,” nú “lucht aithne an Chéile.” 16Ní chuireann aoinne preabán d’éadach nua ar sheana-bhalcais éadaigh; óir baineann sé a lán féin as an mbalcais éadaigh, agus bíonn an stracadh níosa mheasa. 17Ná ní curtar fíon nua i sean’-árthaíbh leathair; nó má deintear bristear na h-árthaí agus doirtear an fíon, agus imthighid na h-árthaí gan tairbhe. Ach curtar an fíon nua i n-árthaíbh nua agus coimeádtar iad araon.
18An fhaid a bhí sé ag rádh na cainte sin leó, féach tháinig priúnsa áirighthe chuige, agus do shléacht sé dhó, agus dubhairt sé: A Thighearna, do fuair m’inghean bás anois; ach tar agus cuir do lámh uirthi, agus beidh sí beó. 19Agus d’eirigh Íosa agus do lean sé é, mar aon le n-a dheisgiobulaibh.
20Agus féach, tháinig lastiar dé bean a bhí ag tabhairt a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag, agus chuir sí a lám ar fhabhra a bhrait. 21Mar, dubhairt sí ’n-a h-aigne féin, Mura ndeinead ach baint le n-a bhrat beidh mé slán. 22D’iompuigh Íosa, ámhthach, agus chonaic sé í, agus dubhairt sé: Glac misneach, a ’ghnín ó; do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí an bhean leighiste ó’n uair sin amach.
23Agus nuair a tháinig Íosa chun tighe an phriúnsa, agus nuair a chonaic sé na ceóltóirí agus #9:23 B’é sin nós na tíre sin.an tsluagh ag déanamh fothraim, 24Dubhairt sé leó: Druididh siar; ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codladh. Agus bhíodar ag fonamhaid uime. 25Agus nuair a cuireadh na daoine amach, do chuaidh sé isteach, agus do rug sé ar láimh uirthi. Agus d’eirigh an cailín. 26Agus do leath an sgéal san ar fuid na tíre sin go léir.
27Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a #9:27 Mhic Dáibhid .i. ainim na n-Iúdach ar an Slánuightheóir a bhí le teacht.Mhic Dáibhid. 28Agus nuair a tháinig sé chun an tighe tháinig na daill chuige. Agus dubhairt Íosa leó: An gcreideann sibh gur féidir dom an nídh seo a dhéanamh daoibh? Dubhradar leis: Creidimíd, a Thighearna. 29Ansan do chuir sé a lámh ar a súilibh, agus dubhairt sé: Deintear libh do réir bhúr gcreidimh. 30Agus do h-osgaladh a súile, agus thug Íosa foláramh dóibh: Tugaidh aire, ar seisean, ná beidh a fhios san ag aoinne. 31Ach nuair a chuadar-san amach, do leathadar a chlú ar fuid na tíre sin go léir.
32Agus tar éis dul amach dóibh, do tugadh chuige duine a bhí balbh, agus bhí deamhan ann. 33Agus nuair a cuireadh amach an deamhan do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacathas a leithéid sin riamh i n-Israél. 34Ach deireadh na Fairisínigh: Is le cómhacht rí na ndeamhan a chuireann sé amach na deamhain.
35Agus do ghluais Íosa mór-thímpal, ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta. 36Agus chonaic sé na sluaighte daoine agus tháinig truagh aige dhóibh, mar go rabhadar go mí-ádhbharach, caithte mar bheadh caoire gan aodhaire. 37Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Tá an fóghmhar mór ach tá an lucht oibre suarach. 38Iarraidh, d’á bhrígh sin, ar an dTighearna gur leis an fóghmhar, lucht oibre do chur ag baint an fhóghmhair dó.

Currently Selected:

Maitiú 9: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in