Psalm 9

9
IX Psalm.
1Le m’uile ċroiḋe ḃeirim‐se ḋuit,
Ard‐ṁolaḋ binn a Ḋe,
A’s d’oibriḃ miorḃuileaċa air fad,
Sior‐ċuirfiġ me a ccéill.
2Ionnad fós ġniḋim áoiḃneas ait,
A’s gairdeaċas an‐mór;
Dod ainmse seinnim molaḋ binn,
A Riġ is áirde glóir.
3Arís traṫ fillfear air a nais,
Mo naṁuide, ṫéid go lár;
Oir tuitfiḋ siad a’s téiḋ siad as,
A d’fiaḋnuise gan dáil.
4Mo ċóir ’s mo ċeart do ṡeasais ḋaṁ,
Go daingion a’s go fíor;
A’d ċaṫáoir ċoṁṫrom ṡuiġ tu suas,
Mar ḃreiṫeaṁ ċeart do ṡior.
5Do ċuir tu air na gceintiḃ smaċd,
Sgrios tu na dáoine dáoi;
A nainm do ċuir tu as go glan,
Ó ḋín’ go dín’ a ċoiḋ’.
6’Eascara, ata crioċ air sgrios!
Leag tusa bailte tréan,
A niomráḋ san sa ccuiṁne fós,
Do ṫeirig sin leo féin.
7Mairfiġ Dia a m‐buaine ċoiḋċe;
Ċuir caṫáoir suas ċum breiṫ.
8Ḃeir se breiṫeaṁnus air an tsáoġal,
Le cóir don tsluaġ fa leiṫ.
9Mar ḋaingion ṁór biaiḋ Dia na ḃfeart,
Don ti ata fa léun;
A mbuaireaḋ, ’s tearmuinn dilis é,
Traṫ ḟeicion neaċ a bpéin.
10Gaċ neaċ da ḃfuil air ṫ’ainmse fios
Ġniḋ doċas díot as bun:
Oir an ṁeud ’sta ad iarruiġ Ḋé,
Ni ṫreigfir iad a lonn.
11De’n Triaṫ ċóṁnuiġios air Ṡion náoṁ,
Seinnfiḋe a ċlú go binn;
Aiṫrisiḋe fós a measg an tslóiġ,
Na gnioṁarṫa do rinn.
12Traṫ ġniḋse ransaḋaḋ air ḟuil,
Ag cuiṁneaġ orra ta:
Ni ḋearmodan se éiġ’ṁ na mboċd,
A ġoireas air do ġnaṫ.
13Fóir orm, a Ḋé, a’s aṁairc air,
Mo ḃuaireaḋ o luċd m’fuaṫ,
A Ṫiġearn’ ta am ṫógḃáil suas,
O ḋorsuiḃ báis go luaṫ.
14A ngeatui’ḃ inġin Ṡion ċáoiṁ,
Taisbeanfad ḋ’uile ċluḋ:
Déanfaiḋme gairdeaċas air son
An tslánuiġe ḋeónuiġ tu.
15Ṫuit na gceinte sios annsa díg,
Do ṫoċladar do ċáċ,
A’s annsa lion a dfoluiġ siad,
Ta ccosa féin a ng’áḋ.
16Aiṫniġṫear Dia san mbreiṫ do ġniḋ,
Traṫ ṫuiteas dáoi ’san díg;
A’s a ngnioṁarṫuiḃ a laṁa féin,
Geaḃfuiġṫear iad fa líg.
17Cuirfiġear luċt uilc a’s aingiḋe,
Go hifrion sios go deó:
’S gaċ neaċ naċ ccuiṁniġionn air Ḋia,
Filltear iad sios gan ġó.
18An tainnis truaġ ni ṫéiġ go braṫ
Air dearmad no air diṫ:
Air ḋóċas fós an duine ḃoiċd,
Go deo ni ḟaicfior cláoiḋ.
19’Ṫiġearna éiriġ ’sna léig buaiḋ,
Le neaċ d’ar dual an bás,
Breiṫ tucṫar air na cinneaċuiḃ,
Ad ḟiaġnuise ’sgaċ cás.
20Cuir eagla orrasan go mór,
Iehoḃa Ḋia na ḃfeart;
Go naiṫneóċaḋ na slóiġ go léir,
Iad féin na ndáoine meat’?

選択箇所:

Psalm 9: PSA1836G

ハイライト

シェア

コピー

None

すべてのデバイスで、ハイライト箇所を保存したいですか? サインアップまたはサインインしてください。