1
Maitiú 24:12-13
Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Agus toisg an mhalluightheacht a bheith iomarcach fuarfaidh an charthanacht i n-a lán. Ach an t-é a bheidh seasamhach amach go deire, raghaidh sé saor.
比較
Maitiú 24:12-13で検索
2
Maitiú 24:14
Agus craobhsgaoilfar an soisgéal so na rígheachta tríd an ndomhan go léir mar fhiadhnaise do sna geintibh go léir; agus ansan tiocfaidh an críochnú.
Maitiú 24:14で検索
3
Maitiú 24:6
Agus aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh. Seachnaidh agus ná bíodh buaireamh oraibh; mar ní foláir na neithe sin do theacht, ach ní h-é an deire fós é.
Maitiú 24:6で検索
4
Maitiú 24:7-8
Óir eireóchaidh cine i n-aghaidh cine, agus rígheacht i n-aghaidh rígheachta; agus beidh galair, agus gorta, agus luasgadh talmhan, ar fuid áiteana. Tosach na dtrioblóidí, ámhthach, iad san go léir.
Maitiú 24:7-8で検索
5
Maitiú 24:35
Raghaidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh, ach ní raghaid mo bhréithre-se ar neamhnídh.
Maitiú 24:35で検索
6
Maitiú 24:5
Óir tiocfaid a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad, Is mise Críost; agus meallfaid siad a lán.
Maitiú 24:5で検索
7
Maitiú 24:9-11
Ansan cuirfid siad sibh-se i gcruadhtan, agus cuirfid siad chun báis sibh; agus beidh fuath ag na geintibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainim-se. Ansan glacfaidh a lán daoine sgannal, agus déanfaid siad feall ar a chéile, agus beidh fuath acu d’á chéile. Agus eireóchaid a lán fáidhí fallsa, agus meallfaid siad a lán.
Maitiú 24:9-11で検索
8
Maitiú 24:4
Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagra: Seachnaidh agus ná cuireadh aoinne amú’ sibh.
Maitiú 24:4で検索
9
Maitiú 24:44
D’á bhrígh sin, bídhidh-se, leis, ollamh, mar an uair nách eól daoibh iseadh atá Mac an Duine le teacht.
Maitiú 24:44で検索
10
Maitiú 24:42
Deinidh faire, d’á bhrígh sin; mar ní fios daoibh cad é an uair a thiocfaidh bhúr dTighearna.
Maitiú 24:42で検索
11
Maitiú 24:36
I dtaobh an lae sin, ámhthach, agus na h-uaire sin, ní’l fios ag aoinne, dá mb’iad aingil na bhflathas féin iad, ach ag an Athair amháin.
Maitiú 24:36で検索
12
Maitiú 24:24
Mar, eireóchaid Críostana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí móra uatha agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú’ na fíoraoin féin (dá mb’ fhéidir é).
Maitiú 24:24で検索
13
Maitiú 24:37-39
Óir mar a bhí i laethibh Nóe iseadh bheidh teacht Mhic an Duine. Mar a bhíodar ins na laethanta roimis an ndílinn ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, díreach go dtí an lá ’na ndeaghaidh Nóe isteach sa n-arc, Agus ní raibh fhios acu go dtí go dtáinig an díle, agus gur rug sí chun siúbhail iad go léir; sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine.
Maitiú 24:37-39で検索
ホーム
聖書
読書プラン
ビデオ