1
Maitiú 7:7
Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Iarraiḋ, agus taḃarfar daoiḃ; loirgiḋ, agus ġeóḃaiḋ siḃ; buailiḋ, agus osgalófar daoiḃ.
Confronta
Esplora Maitiú 7:7
2
Maitiú 7:8
Óir gaċ aoinne a iarrann tugtar dó; agus gaċ aoinne a loirgeann ġeiḃeann sé, agus gaċ aoinne a ḃuaileann osgal-tar dó.
Esplora Maitiú 7:8
3
Maitiú 7:24
Gaċ duine, d’á ḃríġ sin, a ċloiseann an ċaint seo adeirim-se agus do ḋeineann beart d’á réir, saṁlófar é le duine ciallṁar a ḋein a ṫiġ ar an gcaraig.
Esplora Maitiú 7:24
4
Maitiú 7:12
Gaċ níḋ, d’á ḃríġ sin, ba ṁaiṫ liḃ a ḋéanfaḋ daoine ḋaoiḃ-se deiniḋ-se ḋóiḃ-sin. Siné agaiḃ an dlíġ agus na fáiḋe.
Esplora Maitiú 7:12
5
Maitiú 7:14
Is ana-ċuṁang an dorus agus is ana-ċaol an bóṫar a ṡeólann ċun na beaṫa, agus ní mór a ġeiḃeann eólus air.
Esplora Maitiú 7:14
6
Maitiú 7:13
Téiġiḋ isteaċ an dorus cuṁang, óir is fairsing an dorus agus is leaṫan an bóṫar a ṡeólann ċun díṫe, agus tá a lán a leanann é.
Esplora Maitiú 7:13
7
Maitiú 7:11
Má’s eól, d’á ḃríġ sin, daoiḃ-se atá go h-olc, conus neiṫe fóġanta ṫaḃairt d’ḃúr gclainn, náċ dóiċíġe gó mór go dtaḃarfaiḋ ḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais neiṫe fóġanta ḋaoiḃ-se aċ iad d’iarraiḋ air?
Esplora Maitiú 7:11
8
Maitiú 7:1-2
Ná beiriḋ breiṫ, ionus na béarfaí breiṫ oraiḃ. Mar is do réir na breiṫe a ṫaḃarfaiḋ siḃ a taḃarfar breiṫ oraiḃ; agus an tóṁas le n-a dtóṁaisfiḋ síḃ, is leis a tóṁasfar ċúġaiḃ.
Esplora Maitiú 7:1-2
9
Maitiú 7:26
Agus gaċ duine a ċloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d’á réir, beiḋ sé ar nós an amadáin a ḋein a ṫiġ ar an ngainiṁ
Esplora Maitiú 7:26
10
Maitiú 7:3-4
Cad ċuige ḋuit an dúradán d’ḟeisgint i súil do ḃráṫar, agus ná feiceann tu an tsail atá ad’ ṡúil féin? Nó cad ċuige ḋuit a ráḋ led’ ḃráṫair: Leig dom an dúradán a ḃaint as do ṡúil; agus sin sail ad’ ṡúil féin?
Esplora Maitiú 7:3-4
11
Maitiú 7:15-16
Seaċanaiḋ na fáiḋe fallsa, a ṫagann ċúġaiḃ i gclúid na gcaoraċ agus gur faolċoin ċraosaċa laistiġ iad. Ó n-a dtorṫaíḃ iseaḋ ḋ’aiṫneóċaiḋ siḃ iad. An mbaintear caora fíneaṁna de ḋriseaċ nó fígí d’ ḟeóċadánaiḃ?
Esplora Maitiú 7:15-16
12
Maitiú 7:17
Mar sin tugann gaċ crann fóġanta toraḋ fóġanta uaiḋ, agus tugann an droċ-ċrann droċ-ṫoraḋ uaiḋ.
Esplora Maitiú 7:17
13
Maitiú 7:18
Ní féidir do’n ċrann ḟóġanta droċ-ṫoraḋ ṫaḃairt ná do’n droċ-ċrann toraḋ fóġanta ṫaḃairt.
Esplora Maitiú 7:18
14
Maitiú 7:19
Gaċ crann ná tugann toraḋ fóġanta, gearrfar é agus curfar sa teine é.
Esplora Maitiú 7:19
Home
Bibbia
Piani
Video