1
Maitiú 15:18-19
Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Aċ na neiṫe a ṫagann as an mbéal, is ó’n gcroiḋe a ṫagaid siad; agus isiad a ṡailiġeann an duine. Óir is amaċ as an gcroiḋe a ṫagaid droċ-smuínte, dúnṁarḃaḋ, aḋaltranas, striapaċas, gadaiḋeaċt, leaḃair éiṫiġ, diaṁasla
Confronta
Esplora Maitiú 15:18-19
2
Maitiú 15:11
Ní h-é an rud a ṫéiġeann isteaċ sa ḃéal a ṡailiġeann an duine, aċ an rud a ṫagann amaċ as an mbéal, siné a ṡailiġeann an duine.
Esplora Maitiú 15:11
3
Maitiú 15:8-9
Onóraid na daoine seo mé le n-a mbéal, aċ is fada uaim atá a gcroiḋe. Agus is onóir gan ḃunús a ṫugaid siad dom, ag múineaḋ teagaisg agus aiṫeanta daoine.
Esplora Maitiú 15:8-9
4
Maitiú 15:28
Ansan d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé léi: A ḃean, is mór é do ċreideaṁ. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuiġeaḋ a h-inġean ó’n uair sin.
Esplora Maitiú 15:28
5
Maitiú 15:25-27
Aċ do ṫáinig sisi agus do ṡléaċt sí ḋó, agus, Fóir orm, a Ṫiġearna, ar sisi. Agus d’ḟreagair sé: Ní maiṫ an rud bia na leanḃ a ṫaḃairt dos na coileánaiḃ. Aċ, a Ṫiġearna, ar sisi, iṫid na coileáin an brúscar a ṫuiteann ó ḃórd a dtiġearnaí.
Esplora Maitiú 15:25-27
Home
Bibbia
Piani
Video