Genesis 8

8
Caibidil VIII.
Traothadh na tuile. 20 Buidheachus Naói.
1Agus do chuimhnigh Día air Naói, agus gach áonní beó, agus a uile áirnéis do bhí na fhochair sa náirc: agus do rinne Día gáoth do dhul thar án talamh, agus do thraothadar na huisgidhe. 2Do stopadh mar an cceadna toibreacha a naigéin agus fuinnéoga neimhe, agus do coisgeadh a nfearthuinn o neamh; 3Agus do fhilleadar na huisgidhe ó bheith ar an talamh a ccomhnuighe: agus tareis na ccéad agus na ccáogad la do laghduigheadh na huisgidhe. 4Agus do chomhnuigh a náirc ar an seachdmhadh mí, ar an seachdmhadh la déug don mhí, ar shléibhtibh Ararat. 5Agus do thráothadar na huisgidhe a gcomhnuidhe gus an deachmhadh mí: annsa deachmhadh mí, ar an ccead la don mhí, do chonnarcas mulluighe na sliabh. 6Agus tárla, a ccionn cheathrachad lá, gur osguil Naói fuinneóg na háirce do rinne sé féin: 7Agus do chuir sé amach fiach, noch do chuaigh amach ag teachd agus ag imtheachd, nó gur tiormuigheadh na huisgidhe súas ón talamh. 8Mar an gceadna do chuir sé colum uadha, amach; dféachuin nar thráothadar na huisgidhe ó aghaidh na talmhan. 9Ach ní bhfuair an colum áit chomhnuighe do bhonn a coisi, agus do fhill si chuige asteach do nairc, óir da bhádar na huisgídhe ar uachdar na talmhan uile; ann sin do chuir a lámh amach, agus do rug uirre, agus do tharraing chuige a steach í do nairc. 10Agus do fhan sé fós seachd lá oile; agus a rís do chuir sé an colum amach as a náirc; 11Agus táinig an colum chuige tráth nóna a steach; agus, féach, do bhí ann a gob duilleog chroinn ola noch do tharruing sí; as ar aithin Naói gur thraóthadar na huisgidhe ó dhruim na talmhan. 12Agus do fhan sé fós seachd lá oile; agus do chuir an colum amach; noch nar fhill chuige a rís ní is mó. 13Agus tárla, sa náonmhadh agus sé cheud bliaghan, san chéud mhí, san céud ló don mhi, do tiormuigheadh na huisgidhe súas ón talamh: agus do athruigh Naói folach na háirce, agus damhairc, agus féuch, do bhí aghaidh na talmhan tirim. 14Agus annsa dara mí, air a seachdmhadh lá fichead don mhí, do bhí an talamh tirim. 15Agus do labhair Día ré Naói, da radh, 16Eírigh amach as an aírc, thú féin agus do bhean, agus do mhic, agus mná do mhac leachd. 17Beir leachd amach gach éinní béo dá bhfuil agad, don uile fheóil, idir éunlaith, agus áirnéis, agus a nuile ni sníghtheach noch shníghios ar an ttalamh; ionnus go síolfuid go líonmhar ar an ttalamh, agus go rabhaid tórrthach, agus go ndeunaid iomadughadh ar an ttalamh. 18Agus do chuáidh Naói amach, agus a mhic, agus a bhean, agus mná a mhac maille ris: 19A nuile bheathach, a nuile ní shnígheas, agus a nuile éun, agus gach ni shnigheas ar an ttalamh, do réir a gcinéil, do chúadar amach as a náirc. 20Agus do rinne Naóth altóir don TIGHEARNA; agus do ghlac da gach éinbheathach glan, agus dá gach uile éun glan, agus díodhbuir ofráil loisge ar a naltóir. 21Agus do bholthuigh an TIGHEARNA deaghbhladh; agus a dubhairt an TIGHEARNA ann a chroidhe, Ní mhillfigh mé aris ann talamh ar son an duine ó so amach; óir as olc smuáineadh croidhe an duine ón óige: ní mó bhuáilfeas mé a rís ni is mó, a nuile ní béo mar do rinne mé. 22An feadh mhairfeas an talamh, ní sguirfidh aimsir an tsíolchuir agus an foghmhar, agus an fhuachd agus an teas, agus an samhradh agus an gheimhreadh, agus an lá agus a noidhche.

Valið núna:

Genesis 8: Bedell

Áherslumerki

Deildu

Afrita

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in