Genesis 7

7
Caibidil VII.
Thárr Naói agús cúid do gach sórt creatuireadh, an Airc. 11 Táinic an tuil.
1Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Naói, Tárr féin agus do theagh uile ann sa náirc; óir do chonnairc mé firéunta thú am fhiaghnuisi annsa ngeinealach so. 2Da gach uile bheathach ghlan béuruidh tú leachd na seachduibh, feardha agus bannda: agus do na beathaidhibh nach bhfuil glan na ccúpluibh, feardha agus bannda. 3Déunlaith mar an cceudna an aiéir na seachduibh, feardha agus bannda; do chongmháil síl beó ar aghaidh na talmhan uile. 4Oír seachd lá fos, agus do bhéura misi fá deara air, fearthuinn do dhéunadh ar an ttalamh ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche; agus gach uile shubstaint beó da ndearna mé, sgriosfuidh mé daghaidh na talmhan iad. 5Agus do rinne Naói do réir mar do aithin an TIGHEARNA dhe uile. 6Agus do bhi Naói sé chéud bliaghan dáois a nuáir do bhí an díle uisgeadh ar an ttalamh. 7Agus do chuáidh Naói a steach, a mhic, a bhean, agus mná a mhac, maille ris don náirc do bhrígh uisgeadh na dílionna. 8Do na beathuighibh glana, agus do na beathuighibh neamhghlana, agus don éunlaith, agus da gach áonni dá siubhlann ar an ttalamh, 9Do chuaidh a steach a dó agus a dó chum Naói ann sa náirc, feardha agus bannda, mar do aithin Día do Naói. 10Agus tárrlá a ndiáigh sheachd lá, go rabhadar uisgeadha na dílionna ar an ttalamh. 11Annsa seisughadh ceud blíaghan dáois Naói, annsa dara mí, an seachdmhadh lá déug don mhí, an lá sin fein do brisiodh a níos toibreacha a naigein mhoir uile, agus do hosgladh comhluighe uisge nimhe. 12Agus do bhí an fhearthuinn ar an ttalamh ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche. 13Annsa ló sin fein do chuáidh Naói a steach, agus Sem, Ham, agus Japhet, mic Naói, agus bean Naói, agus tríur ban a mhac leó don náirc; 14Iad fein, agus gach uile ainmhidhe do réir a chinéil, agus a nuile áirnéis do réir a ccineíl, agus gach ní snamheach do shnámhus ar an ttalamh do réir a ccinéil, agus gach uile eunlaith da gach éun tsórt. 15Agus do chuadar a steach chum Naói annsa náirc, cúpla agus cúpla da ghach uile fheóil, ann abhfuil ánal na beatha. 16Agus a ndeachaidh a steach, do chuadar a steach feardha agus bannda dá ghach uile fheóil, mar do aithin Día dhe; agus do dhruid an TIGHEARNA air a stigh. 17Agus do bhí an díle ar an ttalamh ceathrachad lá; agus do mheaduigheadar na huisgidhe, agus do iomchradar snas a náirc, agus do tógbhadh súas í os cionn na talmhan. 18Agus do rugadar na huisgidhe buáidh, agus do mheaduigheadar go hanmhór ar an ttalamh; agus do imthigh a náirc ar uachdar na nuisgeadh. 19Agus do rugadar na huisgidhe buaidh go hiomarcach ar an ttalamh; agus do bhádar na cnuic árda uile, do bhí fo neamh, ar na bhfolach. 20Cúig cubhaid déug do éirigh an tuisge súas; agus do folchadh na sléibhte. 21Agus do éug gach uile fheóil dár chorruigh ar an ttalamh, idir éunuibh agus áirnéis agus ainmhithidh agus gach áonni snamheach a shnámhus ar an ttalumh, agus gach uile dhuine: 22Gach ní ann a raibh anál na beatha a bpolláraibh a sronadh, don uile ní da raibh ar talamh tirim, fuaradar bas. 23Agus do sgriosadh gach uile shubstaint beó noch do bhí ar druim na talmhan, idir dhuine agus bheathach, agus an ni shnámhus, agus éunlaith neimhe; agus do sgriosadh on talamh iad: agus do fhan Naói amháin na bhéathaidh, agus an luchd do bhí na fhochair sa náirc. 24Agus do bhúadhuigh an tuisge ós cionn na talmhan céud agus caogad lá.

Valið núna:

Genesis 7: Bedell

Áherslumerki

Deildu

Afrita

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in