1
Lúcás 9:23
An Bíobla Naofa 1981
Dúirt sé le cách: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros gach lá, agus leanadh mé.
Usporedi
Istraži Lúcás 9:23
2
Lúcás 9:24
Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, saorfaidh an duine sin é.
Istraži Lúcás 9:24
3
Lúcás 9:62
Ach dúirt Íosa leis: “Aon duine a bhuaileann a lámh ar an gcéachta agus a fhéachann siar ina dhiaidh, níl sé oiriúnach do ríocht Dé.”
Istraži Lúcás 9:62
4
Lúcás 9:25
Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal?
Istraži Lúcás 9:25
5
Lúcás 9:26
Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra, is nár le Mac an Duine eisean nuair a thiocfaidh sé ina ghlóir féin agus i nglóir an Athar agus na n‑aingeal naofa.
Istraži Lúcás 9:26
6
Lúcás 9:58
Dúirt Íosa leis: “Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”
Istraži Lúcás 9:58
7
Lúcás 9:48
agus dúirt leo: “Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i m'ainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.”
Istraži Lúcás 9:48
Početna
Biblija
Planovi
Videozapisi