1
Lúcás 14:26
An Bíobla Naofa 1981
“Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
Usporedi
Istraži Lúcás 14:26
2
Lúcás 14:27
Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
Istraži Lúcás 14:27
3
Lúcás 14:11
Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”
Istraži Lúcás 14:11
4
Lúcás 14:33
A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
Istraži Lúcás 14:33
5
Lúcás 14:28-30
Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú? Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi á rá: ‘Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é thabhairt chun críche!’
Istraži Lúcás 14:28-30
6
Lúcás 14:13-14
Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill; agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.”
Istraži Lúcás 14:13-14
7
Lúcás 14:34-35
Óir is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann féin leamh, cad a dhéanfaidh anlann dó? Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!”
Istraži Lúcás 14:34-35
Početna
Biblija
Planovi
Videozapisi