1
Eoin 19:30
An Bíobla Naofa 1981
Tar éis dó an fínéagar a ghlacadh dúirt Íosa. “Tá sé curtha i gcrích.” Chrom sé a cheann agus thug uaidh a spiorad.
Usporedi
Istraži Eoin 19:30
2
Eoin 19:28
Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: “Tá tart orm.”
Istraži Eoin 19:28
3
Eoin 19:26-27
Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: “A bhean, sin é do mhac.” Ansin dúirt sé leis an deisceabal: “Sin í do mháthair.” Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.
Istraži Eoin 19:26-27
4
Eoin 19:33-34
Ar theacht dóibh go dtí Íosa, áfach, ó chonaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a lorgaí, ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach.
Istraži Eoin 19:33-34
5
Eoin 19:36-37
Óir tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: “Aon chnámh ann ní bhrisfear.” Agus tá scrioptúr eile a deir: “Breathnóidh siad ar an té a tholl siad.”
Istraži Eoin 19:36-37
6
Eoin 19:17
Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn - a dtugtar Golgota san Eabhrais air.
Istraži Eoin 19:17
7
Eoin 19:2
Agus rinne na saighdiúirí coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann. Ansin ghléas siad faoi bhrat corcra é
Istraži Eoin 19:2
Početna
Biblija
Planovi
Videozapisi