1
Maitiú 13:23
Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Acht an té i n-ar cuireadh an síol i dtalamh mhaith, is é sin an té a chluin an briathar, a thuigeas é, agus a bheir toradh uaidh, agus bheir ceann toradh fá chéad, ceann eile fá thrí fhichid, agus ceann eile fhá dheich ar fhichid.
Compare
Explore Maitiú 13:23
2
Maitiú 13:22
Agus an té i n-ar cuireadh an síol fríd na dreasógaí, is é sin an té a chluin an briathar, acht plúchann cúram an tsaoghail seo agus mealladh an tsaidhbhris an briathar, agus bíonn sé gan toradh.
Explore Maitiú 13:22
3
Maitiú 13:19
Gach aoinneach a chluineas briathar na ríoghachta, agus nach dtuigeann é, agus tig an droch-rud annsin, agus beireann sé leis an nídh a cuireadh ina chroidhe: is é sin an té i n-ar cuireadh an síol ar thaoibh an bhóthair.
Explore Maitiú 13:19
4
Maitiú 13:20-21
Agus an té i n-ar cuireadh an síol ar thalamh chlochach, is é sin an té a chluin an briathar, agus a ghlacas é láithreach le lúthgháir. Acht ní fhuil fréamh aige ann féin, acht tá sé neambuan: agus nuair a thig trioblóid agus géirleanamhaint, mar gheall ar an bhriathar, glacann sé scainneal ar an bhomaite.
Explore Maitiú 13:20-21
5
Maitiú 13:44
Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le h-óirchiste i bhfolach i ngort; agus nuair a gheibh duine é, congbhuigheann sé ceilte é; agus le tréan áthais ina thaoibh, téid sé agus díolann sé a bhfuil aige, agus ceannuigheann sé an gort sin.
Explore Maitiú 13:44
6
Maitiú 13:8
Agus thuit tuilleadh acu ar thalamh mhaith, agus thug siad-san toradh uatha, ceann acu fá chéadh, ceann fá thrí fhichid, agus ceann eile fá dheich ar fhichid.
Explore Maitiú 13:8
7
Maitiú 13:30
Leigigidh dóibh araon fás go dtí an fóghmhar, agus i n-aimsir an fhóghmhair, déarfaidh mise leis na buanaidhthe: Cruinnighigidh an cogal ar dtús, agus déanaigidh é a chéangal ina phunainn le dóghadh, acht cruinnighigidh an chruithneacht isteach i mo scioból.
Explore Maitiú 13:30
હોમ
બાઇબલ
યોજનાઓ
વિડિઓઝ